TÉAMA 4: Fostaíocht, Geilleagar agus Aerfort Bhaile Átha Cliath

THEME 4 economy and dublin airport image

Féachfar i bPlean Forbartha Fhine Gall le fás atá inbhuanaithe, iomaíoch, cuimsitheach agus athléimneach a bhaint amach.

Leanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall ar aghaidh ag tacú le hinfheistíocht, idir Infheistíocht Dhíreach Eachtrach agus infheistíocht dhúchasach, agus ag obair i gcomhar le gníomhaireachtaí amhail Oifigí Fiontair Áitiúil, GFT Éireann agus Fiontraíocht Éireann chun a chinntiú go soláthrófar poist ar ardchaighdeán sna suíomhanna cearta. Leanfar ar aghaidh ag tacú leis an ngeilleagar tuaithe agus le Conair Eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath-Bhéal Feirste trí na cuspóirí agus na beartais sa Phlean Forbartha.

Beidh nascacht Aerfort Bhaile Átha Cliath ina rud tábhachtach fós d’fhorbairt gheilleagrach na hÉireann, lena n-áirítear trádáil, turasóireacht, infheistíocht dhíreach eachtrach agus cinntí ar ghnólachtaí a shuíomh, agus leanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall ar aghaidh ag tacú le forbairt gheilleagrach ag an suíomh straitéiseach sin.

Faigh amach níos mó, cliceáil anseo