Tugann Baile Brigín Cliste féilire baile isteach ag seoladh comhpháirtíochta an Lárionaid CONNECT

Baile Brigin Whats on in Balbriggan.png

Thug Baile Brigín Cliste féilire baile isteach ag an seoladh comhpháirtíochta le déanaí idir an Lárionad CONNECT agus Comhairle Contae Fhine Gall.

Mar cheann de na bailte is óige in Éirinn le meánaois de 30, in éineacht leis an bhfíric gur rugadh 28% de na cónaitheoirí ann lasmuigh d’Éirinn, cuireann muintir Bhaile Brigín raon leathan gníomhaíochtaí ar fáil agus is bealach é an féilire chun cabhrú le daoine ceangal lena chéile trí imeachtaí áitiúla.

Tá an suíomh greasáin, BaileBrigín.com simplí agus ísealteicneolaíochta ó thaobh dearadh le bheith ionchuimsitheach agus chun bealach éasca a sholáthar chun na himeachtaí áitiúla a aimsiú, agus suíomh inar féidir le haon duine imeacht a chur isteach go héasca ar ríomhaire nó ar ghléas mhóibíleach

BaileBrigin.com:  Cad atá ar siúl i mBaile Brigín

The Lark.jpg

The Lark:  Institiúid Ceoil & Amhránaíochta na hÉireann i mBaile Brigín

Le amharclann nua 400 suíochán, The Lark Baile Átha Cliath, ag oscailt an Earraigh seo ag Institiúid Ceoil & Amhránaíochta na hÉireann in éineacht le gluaiseacht ealaíon faoi thalamh atá ag fás, tá Baile Brigín ag éirí aitheanta mar cheann scríbe do na healaíona. Agus an oiread sin ar siúl agus pobal chomh éagsúil, is bealach beag é an féilire chun daoine a nascadh leis an teicneolaíocht.