Cáin Talún Criosaithe Cónaithe (CTCC)

Mhol Tithíocht do Chách– Plean Tithíochta Nua d’Éirinn an Rialtais cáin nua chun talamh folamh a ghníomhachtú ar mhaithe le críocha cónaithe mar chuid den Chonair chun Soláthar Tithíochta Nua a Mhéadú.

Tugadh an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe isteach san Acht Airgeadais 2021. Tá an próiseas chun talamh lena mbaineann an cháin a shainaithint ar siúl agus beidh an cháin dlite ó mhí Feabhra 2025 agus iníoctha ón 23 Bealtaine 2025.

Tá sé mar aidhm ag an gcáin talamh atá seirbhísithe agus criosaithe a ghníomhachtú le haghaidh úsáid chónaithe nó úsáid mheasctha. Déantar é sin chun an soláthar tithíochta a mhéadú agus chun talamh uirbeach atá folamh, díomhaoin a athbheochan. Sainaithníodh na suíomhanna sin laistigh de phleananna reachtúla úsáide talún mar shuíomhanna cuí le haghaidh tithíochta agus bhain siad tairbhe as infheistíocht sna príomhsheirbhísí chun tacú le tithíocht a sheachadadh. 

Tá dhá chuid ag an bpróiseas CTCC:

1) An talamh a shainaithint agus a mhapáil de réir raon feidhme don cháin. Déanann údaráis áitiúla é sin trí dhréacht-léarscáileanna bliantúla agus léarscáileanna deiridh bliantúla a fhoilsiú — féach thíos.

2) An cháin a riar. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim é sin.

Sainaithnítear sa léarscáil deiridh don bhliain 2025, a fhoilseofar faoin 31 Eanáir 2025, talamh a fhéadfaidh a bheith faoi dhliteanas i leith na cánach in 2025. Féadfaidh úinéirí na talún sin iarraidh a dhéanamh chuig Comhairle Contae Fhine Gall maidir le criosú na talún a athrú go dtí an 1 Aibreán 2025. Má chomhlíontar coinníollacha áirithe, féadfaidh úinéir talún a bheith díolmhaithe ó dhliteanas 2025 ar scór iarraidh den sórt sin. Cliceáil ANSEO chun níos mó mionsonraí a fheiceáil.

Sainaithnítear sa dréacht-léarscáil don bhliain 2026, a fhoilseofar faoin 1 Feabhra 2025, talamh a fhéadfaidh a bheith faoi dhliteanas i leith na cánach in 2026. Féadfaidh úinéirí na talún sin - agus tríú páirtithe leasmhara - aighneachtaí a dhéanamh maidir le talamh a chur san áireamh ar an dréacht-léarscáil sin - ní mór na haighneachtaí sin a dhéanamh faoin 1 Aibreán 2025. Cliceáil ANSEO chun níos mó mionsonraí a fheiceáil.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil réadmhaoine cónaithe faoi réir CTCC má tá siad faoi réir Cáin Mhaoine Áitiúil, cé go bhfuil siad san áireamh ar na léarscáileanna sin. Ní gá iarraidh i leith athchriosaithe nó aighneacht a dhéanamh chun an cineál réadmhaoine cónaithe sin a bhaint den léarscáil.

Talamh a shainaithint atá faoi dhliteanas CTCC in 2026

D’ullmhaigh Comhairle Contae Fhine Gall dréacht-léarscáil bhliantúil don bhliain 2026, lena sainaithnítear an talamh a mheastar a bheith sa raon feidhme don CTCC amhail an 1 Eanáir 2025.

Tá an dréacht-léarscáil bhliantúil ar fáil [thíos https://consult.fingal.ie/ agus ag

Oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall: 

(Le linn gnáthuaireanta oifige, Luan go Déardaoin 9.00rn-5.00in agus Dé hAoine 9.00rn go 4.30in): 

  • Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Cliath, K67 X8Y2 
  • Oifigí Cathartha, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, D15 W638 

Féadfaidh aon daoine nó páirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh maidir le talamh ar an dréacht-léarscáil bhliantúil. Pléitear leis sin ar shlí níos mionsonraithe thíos.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil maoine cónaithe faoi réir CTCC má tá siad faoi réir Cáin Mhaoine Áitiúil, cé go bhfuil siad san áireamh ar an léarscáil. Ní gá aighneacht a dhéanamh chun an cineál maoine cónaithe seo a bhaint den léarscáil.

Áireofar talamh atá ar na dréacht-léarscáileanna bliantúla, agus aighneachtaí á gcur san áireamh, ar an léarscáil deiridh bhliantúil de thalamh atá sa raon feidhme le haghaidh na cánach i limistéar an údaráis áitiúil. Foilseofar an léarscáil sin ar an 31 Eanáir 2026. Féadfaidh an talamh sin a bheith faoi réir na cánach in 2026, mura maoin chónaithe í atá faoi réir na Cánach Maoine Áitiúil nó má cháilíonn sí le haghaidh díolúintí eile, mar a fhoráiltear sa reachtaíocht.

Léirítear ar an léarscáil CTCC, mar a d’ullmhaigh agus a d’fhoilsigh na húdaráis áitiúla í, tailte a chomhlíonann na critéir ábhartha le cur san áireamh ar an léarscáil ,mar atá leagtha amach sa reachtaíocht.

Is faoi na Coimisinéirí Ioncaim é riar an CTCC.

Is féidir teacht ar an reachtaíocht atá mar bhonn leis an CTCC i gCuid 22A den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997. Féadtar treoir maidir le riar na cánach a fháil anseo.

Tá treoir foilsithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis an gCáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe. Tá sé mar aidhm aici cabhrú le húdaráis phleanála na léarscáileanna a fhoilsiú. Is féidir í a fheiceáil https://consult.fingal.ie/

Is féidir leat freagraí a fháil ar roinnt ceisteanna coitianta faoin CTCC agus faoi conas aighneacht a dhéanamh anseo [nasc chuig doiciméad ‘Do cheisteanna freagartha’]

 

Aighneacht a dhéanamh ar an dréacht-léarscáil bhliantúil don bhliain 2026

 

Is féidir aighneacht a chur isteach faoin 1 Aibreán 2025 chun:

  • Talamh breise a shainaithint a fhéadfaidh a bheith faoi raon feidhme, ach nach bhfuil san áireamh sa dréacht-léarscáil bhliantúil don bhliain 2026;
  • Dúshlán a thabhairt maidir le talamh atá san áireamh ar an léarscáil má mheasann an t-úinéir nach gcomhlíonann an talamh na critéir a chinneann an talamh sa raon feidhme;
  • Dúshlán an dáta óna meastar go bhfuil an talamh sa raon feidhme a thabhairt; agus/nó
  • Tacú leis an eisiamh atá molta dá gcuid talún.



Tabhair faoi deara, le do thoil, nach mór an suíomh a shainaithint go soiléir san aighneacht agus breac-chuntas a thabhairt ar an athrú (i.e. eisiamh talún ar léarscáil an údaráis áitiúil, an dáta ar ar chomhlíon an suíomh na critéir le cur san áireamh ar an léarscáil den chéad uair, nó tacaíocht don eisiamh molta talún ón léarscáil) ar mhapáil na Cánach ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe atá á lorg agat, chomh maith le bonn cirt a thabhairt don athrú atá á lorg. Caithfidh tú na critéir atá leagtha amach in Alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 a lua san aighneacht ar a bhfuil tú ag brath i d’aighneacht don talamh a bheith sa raon feidhme nó lasmuigh den raon feidhme. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar d’aighneacht, féadfaidh an t-údarás áitiúil faisnéis bhreise a iarraidh, amhail cruthúnas ar úinéireacht.

Aighneachtaí úinéir talún

Má tá aighneacht á déanamh agat maidir le talamh atá agat féin nó thar ceann úinéir na talún, tabhair faoi deara an méid seo a leanas:

  • Ní mór d’ainm agus do sheoladh a bheith san áireamh san aighneacht.
  • Ní mór léarscáil de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis a bheith in éineacht le haighneachtaí ó úinéir talún maidir lena dtalamh féin ag taispeáint na maoine ar scála cuí, 1:1000 (ceantair uirbeacha) nó 1:2500 (ceantair thuaithe) atá oiriúnach chun an talamh atá i gceist a aithint. Tabhair faoi deara go bhféadfaidh an t-údarás áitiúil cruthúnas ar úinéireacht láithreáin a iarraidh.
  • Má tá do thalamh ar an léarscáil, b’fhéidir gur mhaith leat aird an údaráis áitiúil a tharraingt ar chúrsaí a léiríonn nach bhfuil an talamh sa raon feidhme don cháin, nó nach bhfuil an dáta ar ar measadh an talamh sa raon feidhme ceart agus gur chóir é a athrú.
  • Tagairt do chritéir in Alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 – ba cheart go ndéanfaí tagairt dóibh sin in aon aighneacht mar aon le fianaise lena mbreithniú ag an údarás áitiúil chun tacú le haon éilimh maidir le cineál seirbhísithe na talún nó aon eisiaimh ba cheart a chur i bhfeidhm. Ní mór tagairt a dhéanamh do na critéir sin freisin má fhéachtar leis an aighneacht le talamh breise a chur san áireamh ar an léarscáil.
  • Ba cheart go leagfaí amach san aighneacht aon údar le talamh a áireamh nó a eisiamh,

le tagairt do na critéir sa reachtaíocht.

Aighneachtaí tríú Páirtí

Má tá aighneacht á déanamh agat faoi thalamh nach leatsa féin, is aighnitheoir tríú páirtí tú ansin.

I d’aighneacht ba cheart duit na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

  • D’ainm agus do sheoladh.
  • Eolas chun an talamh a shainaithint - cur síos scríofa, Éirchód nó léarscáil ar a bhfuil imlíne an cheantair. I gcás nach féidir leis an údarás áitiúil an talamh a shainaithint, b’fhéidir nach mbeidh sé in ann an aighneacht a chur san áireamh.
  • Maidir leis an talamh ar an léarscáil, b’fhéidir gur mhaith leat aird an údaráis áitiúil a tharraingt ar chúrsaí a léiríonn nach bhfuil an talamh sa raon feidhme don cháin, nó nach bhfuil an dáta ar ar measadh an talamh sa raon feidhme ceart agus gur chóir é a athrú.
  • Tagairt do chritéir in Alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 – ba cheart go ndéanfaí tagairt dóibh sin in aon aighneacht mar aon le fianaise lena mbreithniú ag an údarás áitiúil chun tacú le haon éilimh maidir le cineál seirbhísithe na talún nó aon eisiaimh ba cheart a chur i bhfeidhm. Ní mór tagairt a dhéanamh do na critéir sin freisin má fhéachtar leis an aighneacht le talamh breise a chur san áireamh ar an léarscáil.
  • Ba cheart go leagfaí amach san aighneacht aon údar le talamh a áireamh nó a eisiamh,

le tagairt do na critéir sa reachtaíocht.

 

Cén cineál formáide ar cheart a bheith ar d’aighneacht?

 

Aighneachtaí: 

Aighneachtasí Maidir le- 

(I) láithreáin ar leith a áireamh sa léarscáil deiridh nó a eisiamh ón léarscáil deiridh, nó  

(II) an dáta a rinne an láithreán na critéir ábhartha a shásamh ar dtús. 

Féadfar aighneachtaí ar an dréacht-léarscáil a dhéanamh:- 

  • I scríbhinn chuig an Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Roinn Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67 X8Y2 roimh 11.59in ar 1 Aibreán 2025. 

 

Maidir le haon aighneacht a dhéanamh, bíodh sé sin ag an úinéir talún nó ag tríú páirtí, tabhair faoi deara an méid seo a leanas: 

 

  • Bailítear an fhaisnéis phearsanta (sonraí) a bhailítear le linn an phróisis chomhairliúcháin chun aighneachtaí a fháil agus déileáil leo.
  • Féadfar sonraí teagmhála a chuirtear ar fáil a úsáid chun teagmháil a dhéanamh le haighnitheoir a mhaíonn gurb é/í an t-úinéir talún láithreáin ar leith é/í. Is éard a bheidh i gceist leis sin ná fianaise a iarraidh de réir mar is gá chun a n-úinéireacht ar an láithreán a chruthú, nó tuilleadh faisnéise a iarraidh ón úinéir talún.
  • Féadfaidh údarás áitiúil tuilleadh faisnéise a iarraidh ó Uisce Éireann, ón Údarás um Bóithre Náisiúnta nó ó dhuine dá dtagraítear in Airteagal 28 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, i gcás ina measann sé gur gá chun breith a thabhairt.
  • Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a bpróiseálann Comhairle Contae Fhine Gall Sonraí Pearsanta, féach ar ár Ráiteas Príobháideachais https://www.fingal.ie/ga/beartas-priobhaideachais
  • Sainaithin aon chodanna de d’aighneacht ina bhfuil sonraí pearsanta nó sonraí íogaire tráchtála nach mian leat a fhoilsiú, le do thoil.

 

 

Cad a Tharlaíonn ina dhiaidh seo

Déanfaidh an t-údarás áitiúil gach aighneacht scríofa a mheas. Ansin, déanfaidh sé cinneadh agus eiseoidh sé freagairt scríofa ar aighneachtaí úinéirí talún. Sula bhfoilseofar an léarscáil deiridh gach bliain, déanfaidh sé príomhbhearta, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

Dréacht-léarscáil Bhliantúil 2026

 

  • Foilseofar aighneachtaí a fhaightear maidir leis an dréacht-léarscáil ar shuíomh gréasáin an údaráis áitiúil faoin 11 Aibreán 2025 (tabhair faoi deara: baintear sonraí pearsanta, i.e. ainm, seoladh aighnitheora agus sonraí teagmhála an aighnitheora amach, ach foilsítear suíomh tailte lena mbaineann an aighneacht mar aon le forais na haighneachta).
  • Sa chás go n-iarrann úinéir talún a t(h)alamh a eisiamh ón dréacht-léarscáil bhliantúil ar an mbonn nach gcomhlíonann sí na critéir maidir le bheith ag teacht faoin raon feidhme, nó go gceistíonn sé/sí an dáta ónar chomhlíon talamh ar an léarscáil na critéir sin, ní mór don údarás áitiúil a chinneadh a chur in iúl don úinéir tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2025.
  • Ní mór don úinéir talún achomharc ar chinneadh an údaráis áitiúil maidir le haighneacht úinéir talún ar an dréacht-léarscáil bhliantúil a thaisceadh leis an mBord Pleanála faoin 1 Lúnasa 2025.

 

Sa chás ina n-iarrtar láithreán a chur leis an dréacht-léarscáil agus go measann an t-údarás áitiúil go sásaíonn an láithreán sin na critéir ábhartha, sainaithneofar é ar an gcéad dréacht-léarscáil bhliantúil eile, a fhoilseoidh an t-údarás áitiúil ar an 1 Feabhra dár gcionn.

An féidir liom achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an údaráis áitiúil?

Tá go dtí an 1 Lúnasa 2025 ag úinéir talún achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an údaráis áitiúil maidir le haighneachtaí. Féadfar achomhairc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála i leith láithreán a eisiamh ón dréacht-léarscáil bhliantúil don bhliain 2026 ar an mbonn nach gcomhlíonann sé na critéir maidir le bheith sa raon feidhme, nó ar an mbonn go gceistítear an dáta ónar chomhlíon an talamh ar an léarscáil na critéir sin. Ní mór achomhairc a dhéanamh i scríbhinn ina leagtar amach forais an achomhairc. Níl aon fhorálacha ann do thríú páirtí achomharc a dhéanamh i gcoinne chinneadh an údaráis áitiúil talamh a choinneáil nó a bhaint de dhréacht-léarscáil bhliantúil.

 

Iarraidh ar athchriosú a dhéanamh ar léarscáil deiridh don bhliain 2025 (foilsithe ar an 31 Eanáir)

Rinneadh foráil bhreise san Acht Airgeadais 2024, a éascaigh babhta eile d’iarrataí ar athchriosú chun talamh a eisiamh ó dhliteanas i leith na cánach. Ní féidir iarrataí ar athchriosú a dhéanamh ach amháin ar thalamh a shainaithnítear ar an léarscáil deiridh bhliantúil don bhliain 2025, arna foilsiú an 31 Eanáir 2025. Ní dhéanfar breithniú ar iarrataí ar athchriosú do thalamh eile.

Déanann an t-údarás áitiúil aighneachtaí ina n-iarrtar athrú ar chriosú a bhreithniú. Ní mór an iarraidh ar athchriosú a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ábhartha idir an 1 Feabhra agus an 1 Aibreán 2025.

  • Eiseofar litir admhála um iarraidh ar athchriosú ina mbeidh mionsonraí faoi stair phleanála na talún le déanaí ón údarás áitiúil chuig an úinéir talún faoin 30 Aibreán.
  • Cuirfidh an t-údarás áitiúil a chinneadh in iúl i scríbhinn don úinéir talún faoin 30 Meitheamh 2025 cé acu a chuirfear athrú beartaithe ar an bplean reachtúil úsáide talún chun cinn.
  • Ní féidir achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála in aghaidh cinntí ar iarrataí ar athchriosú.

 

Is féidir an litir admhála um iarraidh ar athchriosú a úsáid chun tacú le héileamh ar dhíolúine ón gcáin don bhliain 2025. Ní mór an t-éileamh sin a dhéanamh i dtuairisceán bliantúil 2025, nach mór a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim ar an 23 Bealtaine 2025 nó roimhe sin.

Cliceáil RZLT Final Map 2025 | Fingal County Council Online Consultation Portal le do thoil chun léarscáil deiridh 2025 arna foilsiú ar an 31 Eanáir a fheiceáil.

Iarrataí Úinéirí Talún ar Athchriosú

Má tá iarratas ar athchriosú á dhéanamh agat maidir le do thalamh féin nó thar ceann úinéir talún, tabhair faoi deara an méid seo a leanas:

  • Ní mór d’ainm agus do sheoladh a bheith san áireamh san aighneacht.
  • Ní mór léarscáil Suirbhéireachta Ordanáis ina dtaispeántar an réadmhaoin ar scála cuí, 1:1000 (ceantair uirbeacha) nó 1:2500 (ceantair thuaithe) atá oiriúnach chun an talamh atá i gceist a shainaithint a bheith in éineacht le haighneachtaí. Tabhair faoi deara go bhféadfaidh an t-údarás áitiúil cruthúnas ar úinéireacht láithreáin a iarraidh.
  • Tabhair faoi deara le do thoil nach féidir aighneacht ina n-iarrtar athrú ar chriosú a dhéanamh ach amháin maidir le talamh atá ar an léarscáil deiridh don bhliain 2025 cheana féin, arna foilsiú ar an 31 Eanáir 2025.
  • Sa chás go n-iarrtar athrú ar chriosú úsáide talún, ní mór go bhfaighfear an aighneacht ar an 1 Aibreán nó roimhe sin.
  • Ba cheart don úinéir talún a leagan amach cén fáth a bhfuil an t-athrú criosaithe chun leas phleanáil cheart agus fhorbairt inbhuanaithe an cheantair, chomh maith le haon chúinsí eile, amhail an fonn atá air/uirthi leanúint ar aghaidh le gníomhaíocht eacnamaíoch leanúnach, ar mian leis/léi aird an údaráis áitiúil a tharraingt uirthi. Ba cheart aon fhaisnéis chun tacú leis na héilimh maidir le húsáid eacnamaíoch leanúnach a chur isteach mar chuid den iarraidh ar athchriosú.

Conas is féidir liom tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas mapála agus aighneachtaí?

 

Is féidir leat freagraí a fháil ar roinnt ceisteanna coitianta faoin CTCC agus faoi conas aighneacht a dhéanamh anseo 

Má tá ceisteanna agat faoi thalamh ar leith nó ceisteanna nach bhfuil clúdaithe sna CCanna, déan teagmháil le do thoil leis an Roinn Pleanála [email protected]

Tá tuilleadh faisnéise faoin bpróiseas ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin Gov.ie/CTCC.

Mar atá leagtha amach thuas, tá dhá chuid sa phróiseas CTCC. Ceanglaítear ar údaráis áitiúla tabhairt faoin mapáil lena sainaithnítear an talamh atá faoi réir na cánach. Tá an t-údarás áitiúil freagrach freisin as an léarscáil deiridh bhliantúil a fhoilsiú. Foilsíodh é sin an 31 Eanáir 2025 don bhliain 2025, agus déanfar í a athbhreithniú go bliantúil. Ina dhiaidh sin, is iad na Coimisinéirí Ioncaim a thabharfaidh faoi riar na cánach. Ba cheart ceisteanna faoin mapáil a chur chuig [email protected]   Áirítear leo sin ceisteanna faoi na nithe seo a leanas:

  • Critéir le cur san áireamh ar dhréacht-léarscáil bhliantúil
  • Aighneachtaí maidir le dréacht-léarscáil bhliantúil
  • Cinntí maidir le dréacht-léarscáil bhliantúil
  • Achomhairc a dhéanamh ar chinneadh (nach mór a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála)
  • Léarscáil deiridh bhliantúil
  • Aighneachtaí maidir le criosú ar an léarscáil deiridh bhliantúil don bhliain 2025 arna foilsiú an 31 Eanáir 2025

 

Ba chóir gach ceist maidir le riar na cánach a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Cuirtear mionsonraí ar fáil ar a suíomh gréasáin faoi riar ginearálta na cánach agus naisc chuig treoir chuimsitheach faoin gcáin. Cuirtear mionsonraí ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim freisin faoin méid seo a leanas:

  • Daoine faoi dhliteanas
  • Méid na cánach ar thalamh chriosaithe chónaithe
  • Oibleagáid le clárú
  • Oibleagáid ar dhuine faoi dhliteanas tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh
  • Díolúintí ó Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe nó í a chur siar
  • Conas dul i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim chun ceisteanna a chur faoi riar an CTCC

 

Cad a dhéanaim más Úinéir Tí mé

Tá mo theach agus mo ghairdín ar an léarscáil. Cad í an iarmhairt?

Sainaithnítear do theach agus do ghairdín ar an léarscáil toisc go gcomhlíonann siad na critéir don cháin, atá bunaithe ar chriosuithe cónaithe-bhunaithe agus ar sheirbhísiú ag bonneagar atá oiriúnach chun tithíocht a sholáthar. Níl an teach agus an gairdín faoi dhliteanas na cánach, chomh fada is atá an teach faoi réir Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ).

An gá dom aighneacht a chur isteach?

Níl sé riachtanach. Fiú má aithnítear do theach ar na léarscáileanna, níl áiteanna cónaithe faoi dhliteanas i leith na cánach ina bhfuil siad faoi réir CMÁ.

Cad a tharlaíonn má tá mo ghairdín níos mó ná 0.4047ha (1 acra)

Má tá do ghairdín níos mó ná an méid sin, ní mór duit clárú don CTCC leis na Coimisinéirí Ioncaim, ach ní bheidh do theach agus do ghairdín faoi dhliteanas na cánach. Beidh tú in ann clárú don CTCC ó dheireadh R1 2025 ar aghaidh. Ní gá aon ghníomh a dhéanamh chun clárú ag an am seo. Féach ar revenue.ie le haghaidh mionsonraí ar an bpróiseas clárúcháin le do thoil, a bheidh ar fáil níos gaire don tráth.

Critéir maidir le cuimsiú sa léarscáil

Tugann Alt 653B den Acht um Chomhdhlúthú Cánacha 1997, le fios:-

Sa Chuid seo, is tagairt do thalamh í tagairt do thalamh a shásaíonn na critéir ábhartha—

(a) atá san áireamh i bplean forbartha, de réir alt 10(2)(a) d’Acht 2000, nó i bplean ceantair áitiúil, de réir alt 19(2)(a) d’Acht 2000, atá criosaithe—

              (i) chun críocha úsáide cónaithe amháin nó go príomha, nó

              (ii) do mheascán úsáidí, lena n-áirítear úsáid chónaithe,

(b) ina bhfuil sé réasúnach a mheas go bhféadfadh rochtain a bheith ag an talamh, nó go bhfuil baint aige, le bonneagar agus áiseanna poiblí, lena n-áirítear bóithre agus cosáin, soilsiú poiblí, draenáil shéarach bréan, draenáil uisce dromchla agus soláthar uisce, is gá chun áiteanna cónaithe a fhorbairt agus a bhfuil acmhainn seirbhíse dóthanach ar fáil d’fhorbairt den sórt sin, agus

(c) ina bhfuil sé réasúnach a mheas nach ndéantar difear dó, ó thaobh a riocht fisiciúil, le nithe ar bhealach leordhóthanach chun soláthar áiteanna cónaithe a chosc, lena n-áirítear éilliú nó láithreacht fothrach seandálaíochta nó stairiúla is eol, ach nach talamh é—

              (i) lena ndéantar tagairt dó i mír (a)(i) agus, ag féachaint d’fhorbairt amháin (de réir bhrí Acht, 2000) nach forbairt nár údaraíodh í (de réir bhrí Acht, 2000), atá in úsáid mar áitribh, ina bhfuil trádáil nó gairm á seoladh, atá faoi dhliteanas rátaí tráchtála, a bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuiltear á úsáid chun seirbhísí a sholáthar do chónaitheoirí ceantair chónaithe cóngaracha,

              (ii) lena ndéantar tagairt dó i mír (a)(ii), mura bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil an talamh neamhshealbhaithe nó díomhaoin,

              (iia) nach mbeadh a fhorbairt i gcomhréir le -

                             (I) i gcás ina bhfuil an talamh criosaithe i bplean forbartha, an bonn céimnithe a ndéanfar forbairt ar thalamh faoin bplean i gcomhréir leis, mar a shonraítear sa phríomhstraitéis atá sa phlean sin de réir alt 10(2A)(d) d’Acht 2000, nó

                             (II) i gcás ina bhfuil an talamh criosaithe i bplean ceantair áitiúil, an cuspóir, i gcomhréir le cuspóirí agus le príomhstraitéis an phlean forbartha don cheantar a n-ullmhaítear an plean ceantair áitiúil ina leith, chun talamh a fhorbairt ar bhonn céimnithe, atá san áireamh sa phlean ceantair áitiúil de réir alt 19(2) Acht 2000, ar an dáta ar a bhfuil comhlíonadh na gcritéar san alt seo á measúnú,

 

              (iii) faoina bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil sé ag teastáil le haghaidh áitithe, nó go bhfuil sé ina chuid dhílis d’áitiú ag—

                             (I) bonneagar agus saoráidí sóisialta, pobail nó rialtais, lena n-áirítear bonneagar agus saoráidí a úsáidtear chun críocha riaracháin phoiblí nó chun oideachas nó cúram sláinte a sholáthar,

                             (II) saoráidí agus bonneagar iompair,

                             (III) bonneagar agus saoráidí fuinnimh,

                             (IV) bonneagar agus saoráidí teileachumarsáide,

                             (V) bonneagar agus saoráidí uisce agus fuíolluisce,

                             (VI) bainistíocht dramhaíola agus bonneagar diúscartha, nó

                             (VII) bonneagar fóillíochta, lena n-áirítear saoráidí spóirt agus clóis súgartha,

              (iv) atá faoi réir ainmniú reachtúil a d’fhéadfadh bac a chur ar fhorbairt, nó

              (v) ar a bhfuil tobhach na suíomhanna tréigthe iníoctha de réir an Achta um Láithreáin Thréigthe 1990.

Is cáin í an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe (CTCC) atá dírithe ar thalamh seirbhísithe agus criosaithe cónaithe a ghníomhachtú le haghaidh tithíochta. Tá údaráis áitiúla freagrach as an talamh atá faoi réir CTCC a aithint.

Réamhrá

Tugadh an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe isteach san Acht Airgeadais 2021. Is é cuspóir na cánach talamh a chur i ngníomh a ndéantar seirbhísiú agus criosú air le haghaidh úsáid chónaitheach nó úsáid mheasctha, lena n-áirítear úsáid chónaitheach, chun soláthar tithíochta a mhéadú agus chun athghiniúint tailte folamh agus díomhaoine i gceantair uirbeacha a áirithiú. Aithníodh na limistéir seo laistigh de phleananna úsáide talún mar láithreacha cuí le haghaidh tithíochta agus bhain siad tairbhe as infheistíocht sna príomhsheirbhísí chun tacú le soláthar tithíochta. 

  • Tá údaráis áitiúla freagrach as an talamh atá faoi réir Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe a aithint. 
  • Is iad na Coimisinéirí Ioncaim a riarann Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe.

Talamh atá faoi réir CTCC

Tugann na húdaráis áitiúla faoin bpróiseas chun talamh atá faoi réir CTCC a aithint agus a mhapáil gach bliain.

Mar chuid den phróiseas mapála tosaigh, d’fhoilsigh údaráis áitiúla dréacht-léarscáileanna agus léarscáileanna forlíontacha agus thug siad deis d’úinéirí talún, agus do dhaoine eile, aighneachtaí a dhéanamh ar na léarscáileanna seo. D’fhéadfadh aighneachtaí ó úinéirí talún agóid a dhéanamh maidir lena gcuid talún a chur san áireamh ar léarscáil, an dáta a chomhlíon an talamh na critéir ábhartha den chéad uair, nó d’fhéadfaidís iarracht a dhéanamh an talamh a athchriosú.

Tá léarscáil dheiridh CTCC an Comhairle Contae Fhine Gall le haghaidh 2024 ar fáil anois ANSEO nó ag ár n-oifigí poiblí.

Áirítear ar an léarscáil tailte a chomhlíonann na critéir chuí le bheith ar an léarscáil mar atá leagtha amach sa reachtaíocht reatha.

Talamh le haghaidh úsáid chónaitheach i bhFine Gall faoi raon feidhme na Cánach : 3,502 Heicteár

Talamh le haghaidh úsáid mheasctha i bFhine Gall faoi raon feidhme na Cánach : 209 Heicteár

Ní léirítear ar an léarscáil deiridh cinntí achomhairc ná cinntí maidir le hathbhreithniú breithiúnach a rinneadh tar éis an 1 Samhain 2023 maidir le talamh a sainaithníodh ar na dréacht-léarscáileanna nó ar na léarscáileanna forlíontacha a foilsíodh i mí na Samhna 2022 agus i mí na Bealtaine 2023, faoi seach.  I gcás ina ndéanfar na cinntí sin faoin 1 Eanáir 2024, léireofar iad ar an dréacht-léarscáil chríochnaitheach athbhreithnithe le haghaidh 2025 – féach thíos.  Foilseofar an léarscáil deiridh athbhreithnithe faoin 31 Eanáir ó 2025 ar aghaidh.

Gearrfar Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe go bliantúil ón 1 Feabhra 2025 ar aghaidh (faoi réir an Bhille Airgeadais (Uimh.2) 2023 a rith). Beidh an cháin á riar ag na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh ar úinéirí talún clárú don cháin – tá tuilleadh eolais maidir le riarachán na cánach ag na Coimisinéirí Ioncaim ar fáil anseo.

Aighneachtaí a dhéanamh ar an léarscáil CTCC

Níl aon deis aighneachtaí a dhéanamh maidir le talamh a shainaithnítear ar an léarscáil deiridh a foilsíodh an 1 Nollaig 2023. 

Beidh deis ann aighneachtaí a dhéanamh maidir le talamh ar an dréacht-léarscáil chríochnaitheach athbhreithnithe le haghaidh 2025 le linn 2024.

Foilseofar dréacht-léarscáil CTCC deiridh athbhreithnithe le haghaidh 2025 faoin 1 Feabhra 2024.

Áireofar ar an dréacht-léarscáil CTCC deiridh athbhreithnithe le haghaidh 2025 talamh a mheasann an t-údarás áitiúil a bheith faoi raon feidhme na cánach, a bhféadfadh talamh atá sainaitheanta cheana féin ar léarscáil deiridh 2024, arna fhoilsiú faoin 1 Nollaig 2023, a bheith san áireamh ann. Léireofar leis an dréacht-léarscáil chríochnaitheach athbhreithnithe aon athrú reachtach, criosaithe nó seirbhísithe agus aon toradh achomhairc nó athbhreithnithe, amhail ón 1 Eanáir 2024.

Is féidir le haighneachtaí agóid a dhéanamh i gcoinne talamh a áireamh nó a eisiamh ar an dréacht-léarscáil chríochnaitheach athbhreithnithe do 2025 bunaithe ar na critéir ábhartha. Ina theannta sin, is féidir le húinéirí talún iarratais athchriosaithe a dhéanamh ar an léarscáil.

Maoin chónaithe

Tabhair faoi deara, le do thoil, cé go bhfuil siad san áireamh ar an léarscáil, nach bhfuil maoin chónaithe faoi réir CTCC má tá siad faoi réir Cáin Mhaoine Áitiúil. Ní gá aighneacht a dhéanamh chun an cineál seo maoine cónaithe a bhaint den léarscáil.

Tuilleadh faisnéise

Is féidir teacht ar an reachtaíocht atá mar bhuntaca leis an CTCC ag Cuid 22A den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997. Is féidir treoir maidir le riarachán na cánach a fháil anseo

Faigh nasc chuig an amharcóir mhapa don Tacar Sonraí Náisiúnta anseo

Residential Zoned Land Tax(RZLT)

Mhol Tithíocht do Chách– Plean Tithíochta Nua d’Éirinn an Rialtais cáin nua chun talamh folamh a ghníomhachtú ar mhaithe le críocha cónaithe mar chuid den Chonair chun Soláthar Tithíochta Nua a Mhéadú.

Tháinig Cáin Talún Criosaithe Cónaithe isteach san Acht Airgeadais 2021. Tá an próiseas chun talamh lena mbaineann an cháin a shainaithint ar siúl anois agus beidh an cháin iníoctha ó 2024.

Is é cuspóir na cánach ná talamh a ghníomhachtú atá seirbhísithe agus criosaithe le haghaidh úsáide cónaithe nó úsáide measctha, lena n-áirítear úsáid chónaithe, chun soláthar tithíochta a mhéadú agus chun athghiniúint tailte folmha agus díomhaoine in áiteanna uirbeacha a chinntiú. Aithníodh na suíomhanna seo laistigh de phleananna reachtúla úsáide talún mar shuíomhanna cuí le haghaidh tithíochta agus bhain siad tairbhe as infheistíocht sna príomhsheirbhísí chun tacú le tithíocht a sheachadadh.

Tá dhá chuid ag an bpróiseas CTCC

1) An talamh a aithint agus a mhapáil i scóip don cháin. Tugann údaráis áitiúla faoi seo trí dhréacht-léarscáileanna agus léarscáileanna forlíontacha a fhoilsiú – féach thíos.

2) Riarachán na cánach, atá le déanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim ó 2024 ar aghaidh.

Talamh a aithint atá faoi dhliteanas CTCC

D'ullmhaigh Comhairle Contae Fhine Gall dréachtléarscáil den talamh a mheastar a bheith i scóip don CTCC amhail an 1 Deireadh Fómhair, 2022.

Tá an dréachtléarscáil ar fáil anseo agus ag Oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall:

(Le linn gnáthuaireanta oifige, Luan go Déardaoin 9.00rn-5.00in agus Dé hAoine 9.00rn go 4.30in):

• Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co

• Oifigí Cathartha, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15

Féadfaidh aon daoine nó páirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh maidir le talamh ar an dréachtléarscáil. Pléitear sa bhreis leis seo i mionsonraí thíos.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil maoine cónaithe faoi réir CTCC má tá siad faoi réir Cánach Maoine Áitiúla, cé go bhfuil siad san áireamh ar an léarscáil. Ní gá aighneacht a dhéanamh chun an cineál maoine cónaithe seo a bhaint den léarscáil.

Is féidir leis an bpobal aighneachtaí a dhéanamh ar an dréachtléarscáil ó 1ú Samhain 2022 go dtí 1ú Eanáir 2023. Is féidir leis na haighneachtaí seo agóid a dhéanamh i gcoinne tailte áirithe a chur san áireamh ar an dréachtléarscáil ar an mbonn nach gcomhlíonann na tailte sin na critéir atá leagtha amach laistigh den reachtaíocht ábhartha; an dáta ar a meastar go gcomhlíonann an talamh na critéir seo; nó is féidir athrú criosaithe a iarraidh. Le linn chéim na dréachtléarscáile, Is féidir le haighneachtaí talamh breise a aithint freisin ar cosúil go gcomhlíonann siad na critéir agus mar sin bíonn sé laistigh den scóip agus a d'fhéadfaí a chur ar an léarscáil fhorlíontach.

Foilseofar léarscáil fhorlíontach ar an 1 Bealtaine 2023 a aithneoidh talamh breise a mheastar a bheith i scóip mar thoradh ar athrú criosaithe, seirbhísithe nó i gcás ina dtagann an t-údarás áitiúil ar an eolas go bhféadfadh talamh, nach raibh le feiceáil ar an dréachtléarscáil, na critéir a chomhlíonadh maidir le bheith i scóip, ar nós an áit ar aithníodh é seo le linn aighneachtaí. Beidh an léarscáil fhorlíontach ar taispeáint go poiblí freisin agus oscailte d'aighneachtaí a d'fhéadfadh agóid a dhéanamh i gcoinne talamh breise a chur san áireamh ar an léarscáil.

Cuirfear talamh atá le feiceáil ar na dréachtléarscáileanna agus na léarscáileanna forlíontacha araon san áireamh, arna leasú chun toradh na n-aighneachtaí a rinneadh maidir leis an talamh ar na léarscáileanna seo a chur san áireamh ar an léarscáil dheiridh talún i scóip don cháin i limistéar an údaráis áitiúil a fhoilseofar an 1 Nollaig 2023. Beidh an talamh seo faoi réir na cánach mura bhfuil sé díolmhaithe mar mhaoin chónaithe, mar atá leagtha amach thuas.

Cuimsíonn léarscáil CTCC, mar a d'ullmhaigh agus a d'fhoilsigh na húdaráis áitiúla í, tailte a chomhlíonann na critéir ábhartha le cur ar an léarscáil mar atá leagtha amach sa reachtaíocht.

Is faoi na Coimisinéirí Ioncaim é riar an CTCC.

Is féidir teacht ar an reachtaíocht atá mar bhonn leis an CTCC ag Cuid 22A denAcht um Chomhdhlúthú Cánacha 1997. Is féidir treoir maidir le riaradh na cánach a fháil anseo 

Is féidir breathnú anseo ar na Treoirlínte maidir le Cáin Talún Criosaithe Cónaithe, mar atá ullmhaithe agus foilsithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, chun cabhrú le húdaráis phleanála na léarscáileanna a fhoilsiú.

Is féidir leat freagraí a fháil ar roinnt ceisteanna a chuirtear go minic faoin CTCC agus conas aighneacht a dhéanamh anseo 

Ag cur aighneacht isteach

Is féidir aighneacht a chur isteach chun:

  • Dúshlán a thabhairt maidir le talamh atá san áireamh ar an léarscáil má mheasann an
  • t-úinéir nach gcomhlíonann an talamh na critéir a chinneann an talamh i scóip
  • Chun dúshlán an dáta a mheastar a bheith i scóip na talún a thabhairt
  • Athrú criosaithe a iarraidh.
  • Talamh breise a aithint a d'fhéadfadh titim i scóip (le haghaidh dréachtléarscáile amháin)

Tabhair faoi deara go gcaithfidh d'aighneacht an suíomh a aithint go soiléir agus breac-chuntas a thabhairt ar an athrú ar an mapáil Cánach Talún Criosaithe Cónaithe atá á lorg agat, (i.e. talamh a áireamh nó a eisiamh ar léarscáil údaráis áitiúil, nó an dáta ar chomhlíon an suíomh na critéir den chéad uair lena gcur ar an léarscáil) chomh maith le húdar a thabhairt don athrú atá á lorg. Caithfidh na critéir atá leagtha amach in Alt 653B den Acht um Chomhdhlúthú Cánacha 1997a bheith san aighneacht ar a bhfuil tú ag brath i d'aighneacht don talamh a bheith i scóip nó lasmuigh de scóip. Féadfaidh an t-údarás áitiúil faisnéis bhreise a iarraidh freisin tar éis d'aighneacht a fháil (m.sh. cruthúnas úinéireachta nó tuilleadh faisnéise).

Aighneachtaí úinéir talún

Má tá aighneacht á déanamh agat maidir le talamh atá agat féin nó thar ceann úinéir na talún, tabhair faoi deara an méid seo a leanas:

  • D'ainm agus do sheoladh
  • Ní mór léarscáil de chuid an tSuirbhéireachta Ordanáis a bheith in éineacht le haighneachtaí ó úinéir talún maidir lena dtalamh féin ag taispeáint na maoine ar scála cuí, 1:1000 (ceantair uirbeacha) nó 1:2500 (ceantair thuaithe) atá oiriúnach chun an talamh atá i gceist a aithint. Tabhair faoi deara go bhféadfadh an t-údarás áitiúil cruthúnas ar úinéireacht suímh a iarraidh.
  • Má tá do thalamh ar an léarscáil, b'fhéidir gur mhaith leat aird an údaráis áitiúil a tharraingt ar chúrsaí a léiríonn nach bhfuil an talamh i scóip don cháin, nó nach bhfuil an dáta a measadh an talamh i scóip ceart agus ba chóir gur

    athraítear é.
  • Tagairt do chritéir in Alt 653B den Acht um Chomhdhlúthú Cánacha 1997 – Ba cheart d'aon aighneacht tagairt a dhéanamh dóibh seo mar aon le fianaise lena mbreithniú ag an údarás áitiúil chun tacú le haon éilimh maidir le cineál seirbhísithe na talún nó aon eisiamh ba cheart a chur i bhfeidhm. Ní mór tagairt a dhéanamh do na critéir seo freisin má fhéachann an aighneacht le talamh breise a chur ar an léarscáil.
  • Ba cheart go leagfaí amach san aighneacht aon údar le talamh a áireamh nó a eisiamh,

le tagairt do na critéir sa reachtaíocht.

  • Má tá aighneacht á déanamh agat maidir le criosú, tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir aighneacht a iarrann athrú criosaithe a dhéanamh ach amháin maidir le talamh atá ar an léarscáil cheana féin.
  • Sa chás go lorgaítear athrú criosaithe úsáide talaimh, ba cheart don úinéir talamh a leagan amach cén fáth go bhfuil an t-athrú criosaithe ar mhaithe le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe an cheantair, chomh maith le haon chúinsí eile ar mian leo aird an údaráis áitiúil a tharraingt orthu.

Aighneachtaí tríú Páirtí

Má tá aighneacht á déanamh agat faoi thalamh nach leatsa féin ansin is tíolacóir tríú páirtí tú. Ní féidir le tríú páirtithe aighneacht a dhéanamh maidir le criosú.

I d'aighneacht ba cheart duit na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

  • D'ainm agus do sheoladh
  • Eolas chun an talamh a aithint - cur síos scríofa, Éirchód nó léarscáil le himlíne curtha thart ar an gceantar. I gcás nach féidir leis an údarás áitiúil an talamh a aithint b'fhéidir nach mbeidh siad in ann an aighneacht a chur san áireamh.
  • Maidir leis an talamh ar an léarscáil, b'fhéidir gur mhaith leat aird an údaráis áitiúil a thabhairt ar chúrsaí a léiríonn nach bhfuil an talamh i scóip don cháin, nó nach bhfuil an dáta a measadh an talamh i scóip i gceart agus go mba chóir é a athrú.
  • Nach bhfuil an talamh ar an dréachtléarscáil faoi láthair agus an bhfuil d'aighneacht ag moladh gur chóir é a mheas i scóip don cháin?
  • Tagairt do chritéir in Alt 653B den Acht um Chomhdhlúthú Cánacha 1997 – Ba cheart d'aon aighneacht tagairt a dhéanamh dóibh seo mar aon le fianaise lena mbreithniú ag an údarás áitiúil chun tacú le haon éilimh maidir le cineál seirbhísithe na talún nó aon eisiamh ba cheart a chur i bhfeidhm. Ní mór tagairt a dhéanamh do na critéir seo freisin má fhéachann an aighneacht le talamh breise a chur ar an léarscáil.
  • Ba cheart go leagfaí amach san aighneacht aon údar le talamh a áireamh nó a eisiamh, le tagairt do na critéir sa reachtaíocht.

 

Cén cineál formáide ar cheart a bheith ar d'aighneacht?

  • Féadfar aighneachtaí ar an dréachtléarscáil a dhéanamh

    • Ar líne ag Tairseach Comhairliúcháin na Comhairle ag https://consult.fingal.ie/

    • I scríbhinn chuig an Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Roinn Pleanála agus Bonneagair

    Straitéisigh, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile

    Átha Cliath K67X8Y2 roimh 11.59in ar 1 Eanáir 2023

Maidir le haon aighneacht a dhéanamh, más é an t-úinéir talún nó tríú páirtí é, tabhair faoi deara an méid seo a leanas:

  • Bailítear an fhaisnéis phearsanta (sonraí) a bhailítear le linn an phróisis chomhairliúcháin chun aighneachtaí a fháil agus déileáil leo.
  • Is féidir sonraí teagmhála a chuirtear ar fáil a úsáid chun teagmháil a dhéanamh le tíolacóir a mhaíonn gurb é úinéir talún láithreáin ar leith é. Beidh sé seo chun fianaise a iarraidh de réir mar is gá chun a n-úinéireacht ar an suíomh a chruthú, de réir 653D (4) den Acht um Chomhdhlúthú Cánacha 1997 nó tuilleadh faisnéise a iarraidh ón úinéir talún de réir 653E (2) den Acht um Chomhdhlúthú Cánacha 1997.
  • Féadfaidh údarás áitiúil, i gcás ina measann sé gur gá chun an cinneadh a dhéanamh, laistigh de 21 lá ón dáta dá dtagraítear i 653D (1) den Acht um Chomhdhlúthú Cánacha 1997, tuilleadh faisnéise a iarraidh ó Uisce Éireann, an tÚdarás Náisiúnta Bóithre nó ó dhuine dá dtagraítear in airteagal 28 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001.
  • Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a bpróiseálann [údarás áitiúil] Sonraí Pearsanta féach ar ár [nasc] don Ráiteas Príobháideachais
  • Sainaithin aon chodanna de d'aighneacht ina bhfuil sonraí pearsanta nó íogair ó thaobh na tráchtála de nach mian leat a fhoilsiú, le do thoil.

Cad a Tharlaíonn ina dhiaidh seo

Déanfar gach aighneacht scríofa a mheas. Déanfaidh an t-údarás Áitiúil cinneadh scríofa maidir le haighneachtaí ó úinéirí talún. I measc na bpríomhchéimeanna a thógfaidh an t-údarás áitiúil sula bhfoilseofar léarscáil dheiridh tá, ach níl siad teoranta do na nithe seo a leanas.

Dréachtléarscáil

 

  • Foilseofar aighneachtaí a fhaightear maidir leis an dréachtléarscáil ar shuíomh gréasáin an údaráis áitiúil roimh 11th Eanáir 2023 (nóta: sonraí pearsanta, i.e. déanfar ainm, seoladh tíolactha agus sonraí teagmhála an tíolactha a bhaint amach, ach foilseofar suíomh tailte lena mbaineann an aighneacht mar aon le forais na haighneachta).
  • Sa chás go n-iarrann úinéir talún a láithreán a eisiamh ón dréachtléarscáil ar an mbonn nach gcomhlíonann sé na critéir maidir le bheith i scóip, nó tugann sé dúshlán an dáta as ar chomhlíon talamh ar an léarscáil na critéir seo, ní mór don údarás áitiúil a chinneadh a chur in iúl don úinéir tráth nach déanaí ná 1ú Aibreán 2023.
  • Ní mór don úinéir talaimh achomharc a dhéanamh ar chinneadh an údaráis áitiúil maidir le haighneacht úinéir talún ar an dréachtléarscáil, a thaisceadh ag an úinéir talún leis an mBord Pleanála roimh 1ú Bealtaine 2023.
  • I gcás inar iarr duine suíomh a chur leis an dréachtléarscáil agus measann an t-údarás áitiúil gur ionann suíomhanna ar cuireadh aighneachtaí ina leith nó bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don údarás áitiúil, agus gur tailte iad a shásaíonn na critéir ábhartha ansin aithneofar na suíomhanna seo .ar léarscáil fhorlíontach talún i scóip don cháin a fhoilseoidh na húdaráis áitiúla an 1ú Bealtaine 2023.

Léarscáil Fhorlíontach

  • Ní mór aighneachtaí maidir le talamh a shainaithnítear ar an léarscáil fhorlíontach a dhéanamh ach roimh 1ú Meitheamh 2023.
  • Foilseofar aighneachtaí a fhaightear maidir leis an léarscáil fhorlíontach ar shuíomh gréasáin an údaráis áitiúil roimh 11ú Meitheamh 2023 (nóta: sonraípearsanta, i.e. déanfar ainm, seoladh tíolactha agus sonraí teagmhála an tíolactha a bhaint amach, ach foilseofar suíomh tailte lena mbaineann an aighneacht mar aon le forais na haighneachta).
  • Sa chás go n-iarrann úinéir talún a láithreán a eisiamh ón dréachtléarscáil ar an mbonn nach gcomhlíonann sé na critéir maidir le bheith i scóip, nó tugann sé dúshlán an dáta as ar chomhlíon talamh ar an léarscáil na critéir seo, ní mór don údarás áitiúil a chinneadh a chur in iúl don úinéir tráth nach déanaí ná 1 ú Aibreán 2023.
  • Sa chás gur mian le húinéir talaimh achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh ón údarás áitiúil talamh a choinneáil ar an Léarscáil Fhorlíontach chuig an mBord Pleanála ní mór dóibh é sin a dhéanamh faoin 1 ú Meán Fómhair 2023.
  • Ní mór don údarás áitiúil léarscáil dheiridh a ullmhú agus a fhoilsiú faoin 1ú Nollaig 2023 - toradh aon achomhairc chuig an mBord a léiriú, aon bhreisithe nó eisiaimh ar léarscáileanna de bhun cinntí a rinne na húdaráis áitiúla mar fhreagairt ar aighneachtaí a rinneadh nó athruithe ar chriosú.
  • I gcás inar iarr úinéir talaimh athrú ar chriosú a gcuid talún, déanfaidh an tÚdarás Áitiúil meastóireacht ar an aighneacht agus breithneoidh sé cibé acu ar cheart nó nár cheart athrú a dhéanamh. (Ní dhéanfar tionscnamh ar an bpróiseas athraithe ach amháin tar éis meastóireacht a dhéanamh ar aon iarratais ar athrú criosaithe a dhéantar maidir leis na dréachtléarscáileanna agus na léarscáileanna forlíontacha chun ligean do gach iarratas ar athruithe ar chriosú a mheas le chéile)

Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas ar fáil in 'Cáin Talún Criosaithe Cónaithe - Treoirlínte d'Údaráis Phleanála' mar atá foilsithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta anseo.

An féidir liom achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an údaráis áitiúil?

Tá go dtí an 1 Bealtaine 2023 ag úinéir talún chun achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an údaráis áitiúil maidir le haighneachtaí a rinneadh maidir leis an dréachtléarscáil chuig an mBord Pleanála agus go dtí an 1 Meán Fómhair 2023 chun achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an údaráis áitiúil maidir le haighneachtaí maidir leis an léarscáil fhorlíontach. Ní mór achomhairc a dhéanamh i scríbhinn ina leagtar amach forais achomhairc. Níl aon fhorálacha ann do thríú páirtí achomharc a dhéanamh i gcoinne chinneadh údaráis áitiúil talamh a choinneáil nó a bhaint de dhréachtléarscáil nó léarscáil fhorlíontach

 

Conas is féidir liom tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas mapála agus aighneachtaí?

​Má tá tuilleadh eolais ag teastáil maidir leis an dréachtphróiseas léarscáile nó ar aighneacht a dhéanamh, seiceáil 'Do Cheisteanna Freagraithe' atá le fáil anseo [nasc]. Má bhaineann do cheist le réimse áirithe talún nó mura bhfuil an freagra le fáil sna Ceisteanna Coitianta, déan teagmháil leis an Roinn Pleanála.

Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas ar fáil freisin trí 'Cáin Talún Criosaithe Cónaithe - Treoirlínte d'Údaráis Phleanála’ anseo.

Mar atá leagtha amach thuas, tá dhá chuid sa phróiseas CTCC. Éilítear ar na húdaráis áitiúla tabhairt faoin mapáil a shainaithníonn an talamh atá faoi réir na cánach, lena n-áirítear nuashonrú bliantúil ar an léarscáil dheiridh a fhoilseofar an 1 Nollaig 2023. Ina dhiaidh sin, is iad na Coimisinéirí Ioncaim a thabharfaidh faoi riar na cánach.

Mar gheall nach riarann an t-údarás áitiúil an cháin nílimid in ann aon cheisteanna a fhreagairt maidir le riaradh na cánach. Ba chóir do gach ceist maidir le riaradh na cánach a dhíriú chuig [nasc] na Coimisinéirí Ioncaim.

Ag féachaint do róil faoi seach na n-údarás áitiúil agus na gCoimisinéirí Ioncaim sa phróiseas CTCC, ba cheart ceisteanna faoin mapáil a dhéanamh chuig [email protected]  Cuimsíonn seo ceisteanna faoi;

  • Critéir le cur san áireamh ar Dhréachtléarscáil
  • Aighneachtaí maidir le Dréachtléarscáil
  • Cinntí maidir le Dréachtléarscáil
  • Léarscáil fhorlíontach
  • Aighneachtaí maidir le léarscáil fhorlíontach
  • Cinntí maidir le léarscáil Fhorlíontach
  • Aighneachtaí criosaithe
  • Achomhairc (nach mór a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála)
  • Léarscáil dheiridh
  • Léarscáil dheiridh athbhreithnithe bhliantúil

Ba chóir ceisteanna maidir le riaradh na cánach a dhéanamh ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim Cuimsíonn sé seo ceisteanna ar;

  • Cad is suíomh ábhartha ann chun críche CTCC
  • Daoine faoi dhliteanas
  • An méid cánach talún criosaithe cónaithe
  • Oibleagáid le clárú
  • Oibleagáid ar dhuine faoi dhliteanas tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh
  • Laghduithe
  • Cáin talún criosaithe cónaithe a chur siar

 

Cad a dhéanaim más Úinéir Tí mé

Tá mo theach agus mo ghairdín ar an léarscáil. Cad í an iarmhairt?

Aithnítear do theach agus do ghairdín ar an léarscáil toisc go gcomhlíonann sé na critéir don cháin, atá bunaithe ar chriosuithe faoi stiúir cónaithe agus seirbhísiú de réir infreastruchtúir atá oiriúnach chun tithíocht a sholáthar. Níl an teach agus an gairdín faoi dhliteanas na cánach, chomh fhada is atá an teach faoi réir Cánach Maoine Áitiúla (CATT).

An gá dom aighneacht a chur isteach?

Níl sé riachtanach. Fiú má aithnítear do theach ar na léarscáileanna, níl áiteanna cónaithe faoi dhliteanas i leith na cánach ina bhfuil siad faoi réir CMÁ.

Cad a tharlaíonn má tá mo ghairdín níos mó ná 0.4047ha (1 acra)

Má tá do ghairdín níos mó ná an méid seo, ní mór duit clárú don CTCC leis na Coimisinéirí Ioncaim, ach ní bheidh do theach agus do ghairdín faoi dhliteanas na cánach. Beidh tú in ann clárú do CTCC ó dheireadh 2023 ar aghaidh. Ní gá aon ghníomh a dhéanamh chun clárú ag an am seo. Féach ar revenue.ie le do thoil, le sonraí a fháil níos gaire don am.

 

Critéir maidir le cuimsiú sa léarscáil

Tugann Alt 653B den Acht um Chomhdhlúthú Cánacha 1997, le fios:-

Sa Chuid seo, is tagairt do thalamh é tagairt do thalamh a shásaíonn na critéir ábhartha—

(a) atá san áireamh i bplean forbartha, de réir alt 10(2)(a) d’Acht, 2000, nó plean ceantair áitiúil, de réir alt 19(2)(a) d’Acht, 2000, atá criosaithe—

              (i) chun críocha úsáide cónaithe amháin nó go príomha, nó

              (ii) do mheascán úsáidí, lena n-áirítear úsáid chónaithe,

(b) ina bhfuil sé réasúnach a mheas go bhféadfadh rochtain a bheith ag an talamh, nó go bhfuil baint aige, le bonneagar agus áiseanna poiblí, lena n-áirítear bóithre agus cosáin, soilsiú poiblí, draenáil shéarach bréan, draenáil uisce dromchla agus soláthar uisce, is gá chun áiteanna cónaithe a fhorbairt agus a bhfuil acmhainn seirbhíse dóthanach ar fáil d’fhorbairt den sórt sin, agus

(c) ina bhfuil sé réasúnach a mheas nach ndéantar difear dó, ó thaobh a riocht fisiciúil, le nithe ar bhealach leordhóthanach chun soláthar áiteanna cónaithe a chosc, lena n-áirítear éilliú nó láithreacht fothrach seandálaíochta nó stairiúla is eol, ach nach talamh é—

              (i) lena ndéantar tagairt dó i mír (a)(i) agus, ag féachaint d’fhorbairt amháin (de réir bhrí Acht, 2000) nach forbairt nár údaraíodh í (de réir bhrí Acht, 2000), atá in úsáid mar áitribh, ina bhfuil trádáil nó gairm á seoladh, atá faoi dhliteanas rátaí tráchtála, a bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuiltear á úsáid chun seirbhísí a sholáthar do chónaitheoirí ceantair chónaithe cóngaracha,

                             (ii) lena ndéantar tagairt dó i mír (a)(ii), mura bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil an talamh neamhshealbhaithe nó díomhaoin,

                             (iii) ina bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil sé riachtanach, nó go bhfuil sé lárnach, le haghaidh áitithe ag—

                             (I) bonneagar agus saoráidí sóisialta, pobail nó rialtais, lena n-áirítear bonneagar agus saoráidí a úsáidtear chun críocha riaracháin phoiblí nó chun oideachas nó cúram sláinte a sholáthar,

                             (II) saoráidí agus bonneagar iompair,

                             (III) bonneagar agus saoráidí fuinnimh,

                             (IV) bonneagar agus saoráidí teileachumarsáide,

                             (V) bonneagar agus saoráidí uisce agus fuíolluisce,

                             (VI) bainistíocht dramhaíola agus bonneagar diúscartha, nó

                             (VII) bonneagar fóillíochta, lena n-áirítear saoráidí spóirt agus clóis súgartha,

                             (iv) atá faoi réir ainmniú reachtúil a d'fhéadfadh bac a chur ar fhorbairt, nó

                             (v) ar a bhfuil tobhach na suíomhanna tréigthe iníoctha de réir an Achta um Láithreáin Thréigthe 1990.

h the derelict sites levy is payable in accordance with the Derelict Sites Act 1990.