Seachtain Náisiúnta na gCrann i bhFine Gall 2025

Beidh Seachtain Náisiúnta na gCrann ar siúl ón 9 Márta go dtí an 16 Márta 2025 agus tá roinnt tionscnamh beartaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall chun é seo a cheiliúradh agus lena n-áirítear pleananna chun 10,000 crann a dháileadh ar chónaitheoirí lena gcur ar fud an chontae, chomh maith le roinnt imeachtaí agus ceardlanna plandála pobail a óstáil.
I mbliana táimid ag soláthar réimse níos leithne de speicis crann lena n-áirítear crainn dhúchasacha agus neamh-dhúchasacha. Ní hamháin go gcuideoidh sé seo le héagsúlacht na speiceas a mhéadú ar fud Fhine Gall, ag tacú lenár n-iarrachtaí líon na gcrann a chinntiú sa todhchaí ach cabhróidh sé freisin leis an bprionsabal 'an crann ceart san áit cheart' a chur i bhfeidhm, go háirithe agus muid ag plandáil in áiteanna dúshlánacha uirbeacha. I measc na speiceas dúchasach tá Péine, Sailchearnach, Sceach Gheal, Crann Silíní Fiáin, Crann Fia-Úll, Coll, Fearnóg agus Beith (70% den tabhartas in aisce); I measc na speiceas neamhdhúchasach tá Gallchnó, Feá, Crann Sleamhain, Learóg, Dair Dhearg agus Saileach Dhearg (30% den tabhartas in aisce).
Beidh Tabhartas in Aisce Crann ar siúl ó 10am go 1pm Dé Céadaoin an 12 agus/nó Dé Sathairn an 15 Márta ag na hionaid seo a leanas: Páirc San Caitríona, Páirc na Mílaoise, Diméin Ard Giolláin Diméin Mhullach Íde, An Trá Mhín Port Mearnóg, Diméin an Droichid Nua agus Gleann Abhainn an Bharda.
Tá teorainn dhá cheann in aghaidh an teaghlaigh. Chun úsáid plaisteach a laghdú tabhair leat do mhála féin. Beidh roinnt imeachtaí plandaithe crann pobail ar siúl freisin agus chun féachaint ar imeachtaí plandaithe pobail atá á n-eagrú i do cheantar téigh chuig https://www.treecouncil.ie/list-of-events
Beidh feachtas poiblíochta á reáchtáil ag an gcomhairle ar na Meáin Shóisialta i rith na seachtaine freisin ag míniú na buntáistí a bhaineann le crainn. Mar sin bí cinnte go leanann tú ár gcainéil chun an t-eolas is déanaí a fháil.
Dúirt Kevin Halpenny, Oifigeach Sinsearach Páirceanna agus Tírdhreacha Chomhairle Contae Fhine Gall: “Le tionchar méadaitheach an athraithe aeráide, tá sé ríthábhachtach crainn a chur, go háirithe na crainn chearta. Tá Páirceanna Fhine Gall agus bonneagar Glas ag cur na gníomhartha atá leagtha amach i Straitéis Crann Fhoraois Fhine Gall i bhfeidhm chun clúdach ceannbhrat crann a mhéadú agus bithéagsúlacht agus athléimneacht aeráide a fheabhsú. Táimid ag tabhairt spreagadh do dhaoine, trí phlandáil ina ngairdíní féin, agus ag imeachtaí plandaithe pobail, cur le leibhéal clúdach crann agus éagsúlacht speiceas crann ar fud an chontae.”
Tá thart ar 2,000 heicteár de spás oscailte poiblí i bhFine Gall, ar tírdhreacha oidhreachta cuid mhór díobh, arna sainiú ar go leor bealaí ag coillearnacha agus crainn. Ba mhaith linn cabhrú lena chinntiú gur féidir le gach duine ar fud an chontae taitneamh a bhaint as a bhfuil ar leac an dorais againn do na glúnta atá le teacht, agus gur féidir le teaghlaigh leas a bhaint freisin as aoibhneas na gcrann álainn ar chúl a dtithe agus a gcuid a dhéanamh ar son na timpeallachta chomh maith.
Sonraí iomlána an Tabhartais in Aisce Crann
Full details of Free Tree Giveaways 2025
Baile Brigín | Balbriggan
Dé Céadaoin 12 & Dé Sathairn 15 Márta 10am - 1pm
Wed 12th & Sat 15th March 10am-1pm
Ionad bailithe: DIMÉIN ARD GIOLLÁIN, Carrchlós Uachtarach.
Collection point: Ardgillan Demesne, upper car park.
Sord/ Domhnach Bat | Swords/ Donabate
Dé Céadaoin 12 & Dé Sathairn 15 Márta 10am - 1pm
Wed 12th & Sat 15th March 10am-1pm
Ionad bailithe Sord : GLEANN ABHAINN AN BHARRDA, Carrchlós nua Gleann abhainn an bharda
Ionad bailithe Domhnach Bat : DIMÉIN AN DROICHID NUA, Príomh Charrchlós.
Collection point Swords: Ward River Valley, New car park River valley.
Collection point Donabate: Newbridge Demense car park.
Beann Éadair/ Mullach Íde | Howth/Malahide
Dé Céadaoin 12 & Dé Sathairn 15 Márta 10am - 1pm
Wed 12th & Sat 15th March 10am-1pm
Ionad bailithe Port Mearnóg : An Trá Mhín, Port Mearnóg, Charrchlós.
Ionad bailithe Mullach Íde: DIMÉIN MHULLACH ÍDE, Carrchlós an Chúlbhóthair.
Collection point Portmarnock: Velvet strand beach, Portmarnock car park.
Collection point Malahide: Malahide Demesne, back rd. car park.
Caisléan Cnucha/ Mullach Eadrad | Castleknock/Mulhuddart
Dé Céadaoin 12 & Dé Sathairn 15 Márta 10am - 1pm
Wed 12th & Sat 15th March 10am-1pm
Ionad bailithe Caisléan Cnucha agus Mullach Eadrad:
PHÁIRC NA MÍLAOISE, Príomh Charrchlós nó PÁIRC SAN CAITRÍONA, Príomh Charrchlós.
Collection point for Castleknock and Mulhuddart: Millenium park car park or St. Catherines park car park.
Smaoinigh le do thoil ar an gcineál crainn atá oiriúnach do do ghairdín agus chun úsáid plaisteach a laghdú iarrtar ar dhaoine a mála féin a thabhairt leo.
Féach https://www.fingal.ie/national-tree-week le haghaidh sonraí iomlána agus nuashonruithe.
facebook.com/fingalcoco,
instagram.com/fingalcountycouncil,
twitter.com/fingalcoco
