Amlínte an Phlean Forbartha
Beidh ceithre chéim sa tionscadal seo a bheidh dírithe ar cheithre chéim phróiseas an Phlean Forbartha agus ar fhoilsiú ceithre phríomhdhoiciméad.
Céim 1
Is í seo an Chéim Réamhdhréachta agus clúdaíonn sí ó sheachtain 1 go seachtain 46. Is iad seo a leanas príomhghnéithe na céime seo:
- Márta – Bealtaine 2021: Comhairliúchán Poiblí – Páipéar Saincheisteanna Straitéiseacha
- Iúil 2021: Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar Comhairliúchán
- Meán Fómhair 2021: Treoracha ó Chomhaltaí Tofa chun Dréachtphlean Forbartha a dhéanamh
- Deireadh Fómhair 2021 – Feabhra 2022: Dréachtphlean Forbartha a Ullmhú
Céim 2
Is í seo Céim an Dréachtphlean Forbartha agus clúdaíonn sí seachtainí 47 – 82:
- Feabhra – Bealtaine 2022: Comhairliúchán Poiblí ar an Dréachtphlean Forbartha
- Iúil 2022: Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar Aighneachtaí
- Deireadh Fómhair 2022: Breithniú ar Thuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ag Comhaltaí Tofa
Céim 3
Leasuithe Ábhartha, clúdaíonn an chéim seo seachtainí 83 – 99
- Deireadh Fómhair 2022: Leasuithe Ábhartha a Ullmhú
- Samhain 2022: Comhairliúchán Poiblí ar Leasuithe Ábhartha
- Nollaig 2022: Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar Aighneachtaí
- Eanáir 2023: Breithniú ar Thuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ag Comhaltaí Tofa
Céim 4
Is í seo an Chéim dheiridh agus críochnóidh sé le leis an bPlean Forbartha a rinne na Comhaltaí Tofa.
- Feabhra 2023: An Plean a Dhéanamh: Caithfidh na comhaltaí tofa rún a rith chun an plean a dhéanamh.
- Márta 2023: Plan Feidhmiúcháin: Tiocfaidh an Plean i bhfeidhm 6 seachtaine tar éis do na comhaltaí tofa rún a rith.