Bí Ullamh don Gheimhreadh
Seoladh an feachtas eolais ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh, 2024–2025’ ar an 30 Deireadh Fómhair 2024.
In ‘Bí Réidh don Gheimhreadh, 2024/2025’ tugtar comhairle don phobal faoi cén chaoi déanamh réidh do na deacrachtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn sa gheimhreadh agus cén chaoi iad a shárú.
Tugtar comhairle sa bhileog eolais ar shábháilteacht ar bhóithre, tuilte, sábháilteacht feirme, meabhairshláinte agus drochaimsir sa gheimhreadh. Leagtar béim san fheachtas ar an gcur chuige 'uile-rialtais' atá á ghlacadh maidir le hullmhúcháin don gheimhreadh. Tá sé mar aidhm aige comhairle agus faisnéis a chur ar fáil don phobal i gcoitinne ar cheisteanna a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm orthu sa gheimhreadh in Éirinn, amhail cén chaoi ullmhú do dhrochaimsir, cén áit ar féidir teacht ar eolas, agus gníomhartha pearsanta is féidir a dhéanamh d’fhonn a bheith níos acmhainní ina n-ullmhacht don gheimhreadh.
Cuirtear comhairle ar fáil maidir le tiomáint sa gheimhreadh agus i ndálaí drochaimsire faoin téama tábhachtach Sábháilteacht ar Bhóithre agus Tiomáint sa Gheimhreadh – Pleanáil, Ullmhaigh, Bí Feasach. agus leagtar béim arís eile ar a thábhachtaí atá sé do gach duine a úsáideann na bóithre a bheith san airdeall agus ullmhaithe don aimsir.
Tá tuilleadh eolais ar fáil i mBileog agus Leabhrán an fheachtais, atá ar fáil thíos.
Tabhair cuairt ar an suíomh idirlín Bí Ullamh don Gheimhread h le haghaidh tuilleadh eolais agus comhairle ar an gcaoi le hullmhú don gheimhreadh. Gheobhaidh tú freisin roinnt bileog spriocdhírithe ar théamaí amhail Treoir maidir le Tuilte, Gnólachtaí agus Feirmeacha a Ullmhú le haghaidh Aimsir Chrua, agus comhairle ar Chúram Sláinte.
Is féidir freisin foinsí eolais cothrom le dáta a fháil ar sheirbhísí iompair, coinníollacha bóithre agus nuashonruithe tráchta le linn aimsir chrua ar ár leathanach Bí Ullamh don Gheimhreadh/Eolas Teagmhála de chuid na Roinne Iompair.
Íoslódáil an bileog Bí Ullamh Don Gheimhreadh
Íoslódáil an bileog Treoir maidir le Tuilte
Íoslódáíl an leabhrán Bí Ullamh Don Gheimhreadh 2024
Íoslódáil faisnéis faoi Rabhaidh Aimsire Bí Ullamh don Gheimhreadh Rabhaidh Aimsire
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin feachtas Bí Ullamh don Gheimhreadh féach https://www.winterready.ie/ga