Blas Oidhreacht Bhia Fhine Gall
![Blas Logo](/sites/default/files/styles/user_defined/public/2023-08/BLAS%20LOGO.jpg?itok=LEBzXxi7)
Tá traidisiún láidir gairneoireachta, feirmeoireachta agus iascaireachta againn i bhFine Gall. Cuimsíonn ár n-oidhreacht bhia gach rud ó oidis seantuismitheoirí, cócaireacht agus uirlisí, bealaí traidisiúnta feirmeoireachta agus iascaireachta, go béaloideas, an gorta, agus ainmneacha páirce.
Déanfaidh BLAS, tionscadal Oidhreachta Bhia Fhine Gall traidisiúin, dearcthaí, creidimh agus cleachtais a bhaineann le conas a tháirgimid agus a ithimid bia a fhiosrú, a thaifeadadh agus a roinnt agus cuirfidh sé traidisiúin bia éagsúla i láthair lucht féachana nua.
Mar chuid den tionscadal, táimid ag bailiú cuimhní bia, grianghraif, agus oidis ón bpobal le roinnt ar léarscáil dhigiteach a cheiliúrann oidhreacht bhia mar chuid dár stair shóisialta. Má tá rud éigin le cur leis agat déan teagmháil linn le do thoil ag [email protected]
![Servant's quarters, Newbridge House.jpg](/sites/default/files/styles/user_defined/public/2023-08/Servant%26%23039%3Bs%20quarters%2C%20Newbridge%20House.jpg?itok=MjedTA-R)
Cuimhní Bia a Roinnt
B’fhéidir gurb é an cáca a bhácáil do mhamó nó go gcuimhníonn tú fós ar a bholadh, nó blas an ae agus na n-oinniún a chuir do mháthair iachall ort ithe ionas go mbeifeá lán d’iarann. Torthaí a phiocadh sa samhradh nó prátaí a bhácáil sa gheimhreadh. Tá cuimhní bia maithe (agus olca) againn go léir a insíonn dúinn faoinár gcultúr agus ár dtraidisiúin i bhFine Gall agus níos faide i gcéin. Táimid ag iarraidh na cuimhní sin a ghabháil agus a cheiliúradh mar chuid dár stair shóisialta. Comhlánaigh an Fhoirm Cuimhní Bia Fhine Gall agus cuir ar ais í chuig [email protected]
![Heritage Council Logo](/sites/default/files/styles/user_defined/public/2023-08/HC_Logo_CMYK_Ack_Colour.png?itok=NERy_FDR)