Cairt do Shaoránaigh agus Nós Imeachta Gearán
Is féidir leat Cairt Fhine Gall do Shaoránaigh a íoslódáil thíos.
Cairt do Shaoránaigh
Leagann Cairt do Shaoránaigh Fhine Gall amach cad is féidir leat a bheith ag súil leis uainne, agus cad iad na freagrachtaí atá ort mar chuid den phobal.
Nós Imeachta Gearán
Más mian leat gearán a dhéanamh faoinár seirbhísí, is féidir leat Foirm Ghearáin agus Tuairime Chairt do Shaoránaigh Fhine Gall a chomhlánú Foirm Ghearáin agus Tuairime Chairt do Shaoránaigh Fhine Gall.
Leagan Word d’Fhoirm Ghearáin agus Tuairime Chairt do Shaoránaigh Fhine Gall
Ba chóir an fhoirm seo a chur ar ríomhphost chuig [email protected] . De rogha air sin, is féidir cóip chrua a chur sa phost chuig an Oifigeach Gearán, Comhairle Contae Fhine Gall, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath.
Má dhéanann tú gearán leis an Oifigeach Gearán, eiseofar freagra chugat laistigh de 15 lá oibre.
Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a eisíodh chugat, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh laistigh de cheithre seachtaine chuig an gComhordaitheoir Gearán, An Roinn Gnóthaí Corparáideacha & Rialachais, Comhairle Contae Fhine Gall, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath.
Ombudsman
I gcás nach bhfuil tú sásta le freagra na Comhairle féadfaidh tú an deis a thapú chun do ghearán a chur faoi bhráid Oifig an Ombudsman.
Tá an tOmbudsman cothrom, neamhspleách, agus saor in aisce le húsáid. Iarrfaidh an tOmbudsman ort sonraí do ghearáin a sholáthar agus cóip chrua dár bhfreagra deiridh ar do ghearán.
Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman tríd an nasc ag www.ombudsman.ie nó i scríbhinn chuig Oifig an Ombudsman, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773.