Forbairt Eacnamaíoch, Turasóireachta agus An Oifig Fiontair Áitiúil

Straitéis Agraibhia Fhine Gall

Plean Forbartha

Tá réimse leathan tacaíochtaí airgeadais agus neamhairgeadais á gcur ar fáil ag Comhairle Contae Fhine Gall, tríd an Oifig Fiontair Áitiúil,  le haghaidh cuideachtaí agraibhia sa chontae. Cuireann Straitéis Agraibhia Fhine Gall leis an obair seo agus leagtar amach inti creat comhchoiteann a chothóidh nuálaíocht agus comhoibriú ar fud na n-earnálacha ar fad, rud a mhéadóidh an breisluach, a chruthóidh poist in earnáil an agraibhia agus a uasmhéadóidh acmhainneacht bhonn an agraibhia sa chontae. D’fhorbair Comhairle Contae Fhine Gall an straitéis le hionchur ó ghrúpa stiúrtha de shaineolaithe earnála áitiúla.

Fís

Chun earnáil Agraibhia Fhine Gall a fheabhsú mar earnáil nuálach, oiriúnaitheach & iomaíoch ar bhonn domhanda trí mhúnlaí braislithe agus comhoibrithe nuálacha a úsáid. Leas a bhaint as na láidreachtaí, scála & ceannaireacht atá ann cheana féin chun leasa thionscal bia Fhine Gall amach anseo.

 

Díreoidh Straitéis Agraibhia Fhine Gall ar 6 phríomhréimse:

  1. Comhoibriú agus braisliú a chothú i measc páirtithe leasmhara
  2. Nuálaíocht a fheabhsú
  3. Feidhmíocht na bainistíochta gnó a fheabhsú
  4. Tacaíocht a thabhairt maidir le tallann bhia a mhealladh go Fine Gall agus a choinneáil ann
  5. Fine Gall a chothú mar ionad ardcháil as bia agus deoch
  6. Scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le mol Agraibhia a fhorbairt

 

 

Fingal Co Co Agri Food Strategy A4 Web

Sowing the Seeds of the Fingal Agri-Food Sector 17.10.18