Dúlra na hÉireann Ag Dul I Léig – Caint le Pádraic Fogarty

Irelands Vanishing Nature – A talk by Pádraic Fogarty

Is í an bhithéagsúlacht ár gcóras tacaíochta beatha ach tá sí faoi bhrú dochreidte, in Éirinn agus ar fud an domhain. Ach cad is bithéagsúlacht ann? Cén fáth a bhfuil speicis á gcur i mbaol a dhíothaithe agus cén tábhacht a bhaineann leis seo inár saol laethúil? Bí i dteannta Pádraic Fogarty i Leabharlann Bhaile Bhlainséir don chaint fíorshuimiúil seo chun comóradh a dhéanamh ar Sheachtain Ghníomhaíochta Aeráide Bhaile Átha Cliath. Is é Pádraic údar ‘Whittled Away – Ireland’s Vanishing Nature’ agus podchraoladh 2022 ‘Shaping New Mountains’. Is éiceolaí é agus bhí sé ina oifigeach feachtais d’Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann. Scríobhann sé faoi láthair faoin ngéarchéim bhithéagsúlachta d’asraonta in Éirinn agus sa Bhreatain. Fáilte roimh chách. 

Leabharlann Bhaile Bhlainséir: Dé Céadaoin, 11ú Meán Fómhair ag 6.30 - 7.30 in