Oíche Chultúir i Leabharlann Bhaile Brigín

Culture Night in Balbriggan Library

Cór Soiscéalach Bhaile Brigín 

Am: 6:30in – 7:15in

Bunaíodh Cór Soiscéalach Bhaile Brigín i 2018 agus é mar aidhm aige daoine a thabhairt le chéile agus a nascadh trí mheán an cheoil.  Is éard atá ina stór amhráin cháiliúla mór le rá ina stíl soiscéalach Bhaile Brigín féin. Faoi stiúir shaineolach an Stiúrthóra Ceoil Dave Flood, is cinnte gur eispéireas fíorthaitneamhach agus speisialta a bheidh sa taibhiú a dhéanfaidh siad ar Oíche Chultúir i Leabharlann Bhaile Brigín. Fáilte roimh chách! Ní gá áirithint a dhéanamh 

 

M’Albam Beag de Bhaile Brigín le Tarsila Krüse

Am: 6:00in – 7:00in

Bunaithe ar leabhar Tarsila le Juliette Saumande, My Little Album of Ireland, déanfaidh leanaí a n-albaim bheaga féin (irisíní beaga fillte), ar féidir leo a líonadh leis na nithe is ansa leo faoinár mbaile iontach - Baile Brigín. Is bealach iontach í an cheardlann le cuimhní cinn a thaifeadadh agus a bheith cruthaitheach le chéile, agus iad ag baint úsáid as cúpla focal chomh maith! Oiriúnach do leanaí idir 6 – 12 bliana d’aois. Áirithint trí Leabharlann Bhaile Brigín

Culture Night in Balbriggan Library

Stair Thithe Cúirte Bhaile Brigín leis an Staraí Áitiúil David Sorsenson

Am: 6:45in – 7:45in

Tá Teach Cúirte Bhaile Brigín ina mhórghné de Chearnóg Seoirse le breis is 170 bliain. Mar sin féin, is beag eolas ar a stair atá curtha i mbéal an phobail. Rianaíonn cur i láthair David roinnt teach cúirte i mBaile Brigín, le béim ar an bhfoirgneamh reatha, ag féachaint ar conas agus cén fáth a tógadh é ar an suíomh atá ann faoi láthair. Scrúdófar sampla de chuid de na cásanna cúirte a reáchtáladh san fhoirgneamh, idir mhionchásanna agus cásanna tromchúiseacha. Tá an t-imeacht seo oiriúnach do dhaoine fásta. Áirithint trí Leabharlann Bhaile Brigín

Culture Night in Balbriggan Library

Cineál Imeachta/Seánra: Clinic Ríomhsheirbhísí

Am: 5:30in go 7:30in 

Soláthraíonn Leabharlanna Fhine Gall raon leathan ríomhsheirbhísí saor in aisce lena n-áirítear ríomhleabhair, closleabhair, nuachtáin ar líne agus bunachair shonraí. Is féidir leat foghlaim conas rochtain a fháil ar na seirbhísí seo agus iad a úsáid ar do tháibléad nó fón cliste ag clinicí ríomhsheirbhísí Leabharlann Bhaile Brigín. Fáilte roimh chách. Ní gá áirithint a dhéanamh

Seisiúin Seóthaispeántais Réaltachta Fíorúla 

Am: 5:30in go 7:30in

Ar mhaith leat taithí a fháil ar shaolta tumthacha dochreidte ar ghléas Fuinneoigín Cruinn

Réaltachta Fíorúla? Taispeánfaidh seaimpíní Réaltachta Fíorúla Leabharlann Bhaile Brigín duit conas an teicneolaíocht spreagúil seo a úsáid. Oiriúnacht Aoise: Aois 13+. Áirithint trí Leabharlann Bhaile Brigín 

Tabhair faoi deara le do thoil nach bréagáin iad córais Réaltachta Fíorúla Meta agus nár cheart do leanaí faoi bhun 13 bliana d’aois úsáid a bhaint astu. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh le do thoil chuig https://www.meta.com/ie/quest/safety-center/

 

Leathanaigh Dathúcháin & Gníomhaíochta do Leanaí 

Am: 5:30in go 7:30in

Is féidir le leanaí de gach aois taitneamh a bhaint as leathanaigh spraoiúla dathúcháin agus gníomhaíochta sa leabharlann. Ní gá áirithint a dhéanamh

Leabharlann Bhaile Brigín. R-phost: [email protected] / Teil: 01 870 4401

Culture Night in Balbriggan Library