2025 Maoiniú ar fáil: Ciste na nDéanmhas Stairiúil & Deontas 'Stitch in Time'.
Don bhliain 2025, tairgfidh Ciste na nDéanmhas Stairiúil deontais ó €50,000 suas go €200,000 amháin, ag díriú ar thionscadail níos mó feabhsaithe, athchóirithe nó athúsáide a bhaineann le struchtúir oidhreachta - spriocdháta Eanáir 17, 2025
Tá cuireadh á thabhairt ag Comhairle Contae Fhine Gall d’iarratasóirí cur isteach ar Chiste na nDéanmhas Stairiúil 2025 agus an Deontas 'Stitch in Time'.
Is é príomhfhócas Chiste na nDéanmhas Stairiúil ná struchtúir agus foirgnimh stairiúla a chaomhnú agus a fheabhsú ar mhaithe le pobail agus leis an bpobal. Tá Struchtúir áta faoi Chosaint, Struchtúir atá faoi Chosaint molta agus i gcásanna áirithe, oibreacha ar struchtúir laistigh de Limistéir Chaomhantais Ailtireachta incháilithe.
Is iad príomhaidhmeanna an chiste seo ná:
- oibreacha caomhantais ar scála níos mó a dhéanamh ar struchtúir oidhreachta a mheastar a bheith suntasach agus a bhfuil gá acu le tacaíocht phráinneach a chumasú;
- spreagadh a thabhairt d’athghiniúint agus d’athúsáid réadmhaoine oidhreachta agus cuidiú le caomhnú struchtúir atá faoi chosaint agus/nó sócmhainní atá suntasach ó thaobh cultúir a chinntiú;
- tacú le hinfheistíocht chaipitil phríobháidigh i dtionscadail dlúthshaothair chun struchtúir stairiúla in úinéireacht phoiblí agus phríobháideach a chaomhnú le haghaidh úsáid an phobail.
- tacú le fostaíocht sna tionscail chaomhnaithe agus tógála.
- athléimneacht a thógáil inár n-áiteanna oidhreachta le cur ar a gcumas éifeachtaí an athraithe aeráide a sheasamh.
Don bhliain 2025, tairgfidh Ciste na nDéanmhas Stairiúil deontais ó €50,000 suas go €200,000 amháin, ag díriú ar thionscadail níos mó feabhsaithe, athchóirithe nó athúsáide a bhaineann le struchtúir oidhreachta, ina bhfuil:
a. Sochar pobail nó poiblí soiléir léirithe, nó
b. Buntáiste soiléir cónaithe léirithe (ní mór tionscadail den sórt sin a chur chun cinn tríd an bpróiseas pleanála de réir mar is gá)
Is ceanglas de chuid Chiste na nDéanmhas Stairiúil é go bhfostódh an t-iarratasóir gairmí caomhantais atá cáilithe go cuí chun an obair a mhaoirsiú agus go gcuirfí modheolaíocht chuimsitheach isteach leis an iarratas.
Cé go n-éascaíonn Comhairle Contae Fhine Gall na hiarratais tosaigh, is í an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a fheidhmíonn an ciste agus cinneann an liosta deiridh de thionscadail náisiúnta a dtabharfar maoiniú dóibh.
Is é an spriocdháta chun iarratais a chur isteach don scéim seo ná 5in Dé hAoine an 17ú Eanáir 2025.
Tá sonraí iomlána faoin CDS 2025 – lena n-áirítear foirmeacha iarratais agus treoirdhoiciméid – ar fáil le híoslódáil ag An Chiste um Struchtúir Stairiúla
Táimid anois ag glacadh le hiarratais ar Dheontas Stitch in Time de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall
Feidhmíonn Comhairle Contae Fhine Gall ciste le haghaidh mionoibreacha deisiúcháin/cothabhála nó athchóiriú gnéithe ar Dhéanmhais Chosanta agus foirgnimh stairiúla a bhfuil fiúntas ag baint leo i Limistéir Chaomhantais Ailtireachta. Ceadaíonn an Deontas Stitch in Time freisin iarratais ar mhaoiniú i dtreo chostas Tuarascálacha Caomhantais mar thuarascálacha staide, suirbhéanna, ráitis mhodhanna agus sonraíochtaí. Ní mór gairmí caomhantais a bhfuil taithí acu agus a bhfuil saineolas cruthaithe agus cuí acu a fhostú chun na tuarascálacha caomhantais a dhéanamh. Féach ar an mbileog thíos chun tuilleadh eolais a fháil faoin scéim deontais. Tá an fhoirm iarratais ar fáil le híoslódáil Deontas Stitch in Time
.