Amanna Oscailte na Nollag 2021

Dúnfaidh Oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall don phobal do thréimhse na Nollag ag 12.30pm Dé hAoine an 24 Nollaig, 2021 agus athosclóidh siad ag 9am Dé Máirt an 4 Eanáir, 2022. Féach sonraí le do thoil maidir le hamanna oscailte do Leabharlanna, Ionaid Athchúrsála agus Pointí Bailithe Crann Nollag freisin.

Swords Christmas Lights 2021

Dúnfaidh Oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall don phobal do thréimhse na Nollag ag 12.30pm Dé hAoine an 24 Nollaig, 2021 agus athosclóidh siad ag 9am Dé Máirt an 4 Eanáir, 2022.

Maidir le héigeandálaí cuir glaoch ar 01 8905000 - tabhair ar aird nach ndéanfar monatóireacht ar an seoladh ríomhphoist  custo%6derc%61reuni%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected] le linn thréimhse dúnta na Nollag.

Féach sonraí le do thoil maidir le hamanna oscailte do Leabharlanna, Ionaid Athchúrsála agus Pointí Bailithe Crann Nollag freisin.

Leabharlanna

Dúnfar Brainsí Leabharlainne Fhine Gall ón 24 Nollaig, 2021 agus athosclófar iad an 4 Eanáir, 2022.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar R-sheirbhísí Leabharlanna agus an Cainéal Youtube chun siamsaíocht a thabhairt duit thar na laethanta saoire féach: https://www.fingal.ie/fingallibraries

Ionaid Athchúrsála

Is iad seo a leanas uaireanta oscailte na Nollag na n-ionad athchúrsála: -

  • 24 Nollaig oscailte ½ lá, ag dúnadh ag 1pm
  • 25 Nollaig go 28 Nollaig (an dá lá sin san áireamh) dúnta
  • 29 Nollaig go 30 Nollaig (an dá lá sin san áireamh) ar oscailt mar is gnách
  • 31 Nollaig oscailte ½ lá, ag dúnadh ag 1pm
  • 1 Eanáir go 3 Eanáir dúnta

Beidh siad ar oscailt mar is gnáth Dé Máirt an 4 Eanáir 2022.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar Ionaid Athchúrsála féach: www.fingal.ie Ionaid Athchúrsála

Bainc Buidéal agus Teicstíle

Folmhófar ár mBanc Buidéal agus Teicstílí mar is gnách thar Thréimhse na Nollag seachas an 25 agus an 26 Nollaig agus an 1 agus an 2 Eanáir. Mar sin féin beidh líon an-ard úsáide againn sa tréimhse seo agus iarraimid ar an bpobal gan buidéil nó teicstílí srl a fhágáil in aice leo má tá siad lán. Is cion faoin Acht um Thruailliú Bruscair buidéil nó teicstílí a fhágáil taobh le banc nuair atá siad lán agus féadfar fíneáil nó ionchúiseamh a ghearradh dá bharr. Is féidir leis a bheith ina bhaol don phobal agus don fhiadhúlra freisin. Ba mhór againn do chúnamh faoi seo.

Pointí Bailithe Crann Nollag

Beidh Comhairle Contae Fhine Gall ag glacadh le crainn Nollag le hathchúrsáil ag na láithreacha atá liostaithe ón 4ú go dtí an 21 Eanáir 2022.

Féach sonraí Pointí Bailithe Crann Nollag  Pointí Bailithe Crann Nollag 

Íoslódáil liosta na bPointí Bailithe anseo Pointí Bailithe Crann Nollag

Tá súil againn gur féidir leat dul amach agus taitneamh a bhaint as ár bpáirceanna agus tránna agus cuairt a thabhairt ar bhailte agus sráidbhailte Fhine Gall an Nollaig seo. Agus tú ag déanamh amhlaidh cuimhnigh ar choinneáil sábháilte agus gach treoirlíne Covid-19 a leanúint.

Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Mhaise daoibh ó chomhairle Contae Fhine Gall

Ba mhaith le Comhairle Contae Fhine Gall Nollaig Shona agus Athbhliain Shíochánta agus Rathúil a ghuí ar ár gcustaiméirí go léir