Bainfidh an Ros leas as Maoiniú nua um Fheabhsú Sráid-dreacha

Tá maoiniú de €100,000 bronnta ar Chomhairle Contae Fhine Gall ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail faoin Scéim nua um Fheabhsú Sráid-dreacha Bailte agus Sráidbhailte 2022 chun tionscadail a mhaoiniú sa Ros agus tá léirithe spéise á lorg acu anois.

Rush Library main

Tá maoiniú de €100,000 bronnta ar Chomhairle Contae Fhine Gall ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail faoin Scéim nua um Fheabhsú Sráid-dreacha Bailte agus Sráidbhailte 2022 le haghaidh tionscadail um fheabhsú sráid-dreacha sa Ros. Cuireann an scéim seo €2.6m ar fáil ar leibhéal náisiúnta mar chuid de ‘Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann’, straitéis chúig bliana chun tuaithe na tíre a athbheochan agus ár mbailte agus sráidbhailte tuaithe a dhéanamh níos spleodracha agus níos tarraingtí le maireachtáil, le hoibriú agus le cuairt a thabhairt orthu.

Tacóidh an maoiniú le huasghrádú aghaidheanna siopaí agus aghaidheanna foirgneamh agus feabhsú na sráideanna agus an spáis oscailte sa Ros trí phéinteáil, comharthaíocht a athsholáthar/a bhaint, suiteáil cochaill, múrmhaisiú, soilsiú agus plandaí a chur.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag lorg léirithe spéise ó ghnóthaí, ó chónaitheoirí agus ó ghrúpaí pobail sa Ros le haghaidh oibreacha feabhsúcháin i limistéir ainmnithe. Is féidir tuilleadh sonraí faoin Scéim agus conas iarratas a dhéanamh ar líne a fháil anseo: Téarmaí agus Coinníollacha Foirm Léirithe Spéise

Ag fáiltiú roimh fhógra an mhaoinithe nua ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, “Cuirim fáilte roimh fhógra an Aire, toisc go gcabhróidh an tionscnamh seo leis an Ros feabhas a chur ar an mbaile agus tógáil ar cháil an bhaile ionas go mbeadh sé ina áit tharraingteach agus bheoga le maireachtáil, le hoibriú ann agus le cuairt a thabhairt air agus cuirfidh sé go mór leis an bpobal áitiúil”.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly “Tá ról ceannaireachta ag Comhairle Contae Fhine Gall i bhforbairt na tuaithe trí thacaíochtaí pobail agus gnó agus forbairt bonneagair. Is foinse bhreise tacaíochta dá leithéid í an Scéim um Fheabhsú Sráid-dreacha nua don Ros, agus cuideoidh sé leis an bpobal áitiúil tarraingteacht agus beogacht ceann dár bpríomhbhailte a fheabhsú”.

Dúirt Cathaoirleach Choiste um Beartais Straitéiseacha Chomhairle Contae Fhine Gall um Fhorbairt Eacnamaíoch, an Comhairleoir Darragh Butler: “Léiríonn an maoiniú seo iarrachtaí leanúnacha Chomhairle Contae Fhine Gall chun maoiniú a chinntiú do cheantair áitiúla ar nós an Ros le linn tréimhse neamhchinnteachta eacnamaíoch agus dúshláin chostais mhaireachtála do go leor den daonra. In am dúshlánach do ghnóthaí agus do phobail, is sampla í an Scéim um Fheabhsú Sráid-dreacha den infheistíocht leanúnach i bhFine Gall trí bhearta chun tacú le fiontraíocht áitiúil agus athléimneacht i measc pobal.”