Bí réidh do Sheachtain Chuimsithe Fhine Gall ón 11ú go dtí an 17ú Samhain, 2024

Tá an séú Seachtain Chuimsithe bhliantúil Fhine Gall chun breis is 70 imeacht ilghnéitheach a reáchtáil ar fud Fhine Gall, ag rith ó Dé Luain, an 11ú Samhain go dtí Dé Domhnaigh, an 17ú Samhain.

fingal inclusion week 2024.PNG

Tá an séú Seachtain Chuimsithe bhliantúil Fhine Gall chun breis is 70 imeacht ilghnéitheach a reáchtáil ar fud Fhine Gall, ag rith ó Dé Luain, an 11ú Samhain go dtí Dé Domhnaigh, an 17ú Samhain. Arna eagrú ag Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall, déanann an tionscnamh seo ceiliúradh agus cur chun cinn maidir le hiarrachtaí pobail chun aghaidh a thabhairt ar eisiamh sóisialta ar fud an réigiúin.

Ní hamháin go músclaíonn Seachtain Chuimisthe Fhine Gall feasacht ar obair ríthábhachtach na ngrúpaí pobail áitiúla agus na hOifige Forbartha Pobail ach tugann sí léargas freisin ar na dúshláin as a dtagann eisiamh sóisialta. I measc na ngrúpaí rannpháirteacha tá Cumann Cónaitheoirí Dhroim Fraoigh, Bleeding Pig Cultural Festival, agud Pobal Oiriúntach don Uathachas Bhinn Éadair Chill Fhionntain, agus grúpaí eile. Beidh seirbhísí eile ar nós Ionad um Maireachtáil Neamhspleách Bhaile Bhlainséír, Fóram Lánpháirtíochta Bhaile Brigín, agus Leabharlanna Fhine Gall páirteach freisin.

Roinn Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh, a dhíograis, á rá, “Tá fíoráthas orm Seachtain an Chuimsithe a cheiliúradh i mbliana. Agus réimse leathan imeachtaí beartaithe, tá rud éigin ann gur féidir le gach duine taitneamh a bhaint as. Tá cáil ar Fhine Gall as a pobal dinimiciúil agus ilghhnéitheach, agus táim ag tnúth leis na naisc dhearfacha agus an léargas a chothóidh an tseachtain seo.”

Leag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly, béim ar phríomhtheachtaireacht na seachtaine maidir le pobal agus cuimsitheacht. “Is éard atá i gceist le Seachtain Chuimsithe Fhine Gall ná daoine a thabhairt le chéile agus pobal cairdiúil, fáilteach a chruthú. Tá clú agus cáil ar a cairdiúlacht agus leathnaítear spiorad fáilteachais Fhine Gall chuig gach duine — cónaitheoirí nua agus muintir na háite atá ann le fada an lá— ionas go mothaíonn gach duine, is cuma cén cúlra atá acu, sa bhaile anseo.”

Dúirt Sinead Wiley, Oifigeach Sinsearach Pobail, “Is cuid thar a bheith luachmhar den obair a dhéanaimid san Oifig Forbartha Pobail an tseachtain seo. Deis atá ann na heagraíochtaí suntasacha a bhfuilimid ag comhoibriú leo ar fud an Chontae a léiriú agus cuimsiú a cheiliúradh trí chlár spreagúil, bríomhar atá deartha do chách.”

Tá gach imeacht saor in aisce, agus cuireann siad deiseanna ar fáil chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ar nós oícheanta malartaithe cultúrtha, ceardlanna ceardaíochta agus ceoil, cainteanna oideachais, agus imeachtaí plandaithe pobail. Is fíor go bhfuil rud éigin do gach duine ar fud an Chontae.

Le haghaidh tuilleadh sonraí, clárú, agus féilire iomlán imeachtaí, téigh le do thoil chuig: https://www.fingal.ie/InclusionWeek.