Bogann Sraith Chóitseála Mná sa Spórt Fhine Gall Ar Líne

Chuir Oifig Spóirt Fhine Gall agus Mol Spóirt Pobail Bhaile an Tirialaigh/Mhullach Eadrad tús lena Sraith Chóitseála Mná sa Spórt. Tharla an chéad Sheisiún Ar Line beo ar Déardaoin 25ú Samhain trí Zoom. .

Women in Sport

Chuir Oifig Spóirt Fhine Gall agus Mol Spóirt Pobail Bhaile an Tirialaigh/Mhullach Eadrad tús lena Sraith Chóitseála Mná sa Spórt. Tharla an chéad Sheisiún Ar Line beo ar Déardaoin 25ú Samhain trí Zoom. Ba í Suzanne Maguire, Cispheileoir agus Cóitseálaí Idirnáisiúnta na hÉireann an chéad aoi sa tsraith. Bhí Suzanne i mbun comhrá le Cliona Foley, saor-scríbhneoir cáiliúil spóirt agus Láithreoir podchraoladh Spórt na mBan “Off the Bench”.

Tá sé mar aidhm ag Sraith Chóitseála Mná sa Spórt mná a spreagadh chun céim a thógaint chun cinn le muinín agus páirt a ghlacadh i gcoitseáil go príomha nó sa spórt go ginearálta. Ba mhórfhócas é seo sa phlé an Déardaoin seo caite nuair a bhí an ócáid i gcomhpháirtíocht le Club Cispheile ‘Dublin Sonics’ ar siúl. Is é ‘Dublin Sonics’ an club cispheile rathúil atá lonnaithe i mBaile an Tirialaigh, Baile Átha Cliath 15. Tá rannán nua agus bríomhar do mhná ag an gclub agus bíonn sé i gcónaí ag lorg oibrithe deonacha i bhfoirne a gcailíní agus a mbuachaillí, agus tá plé na seachtaine seo chugainn mar chuid de phlean chun tacú le níos mó mná chun céim a thógaint chun cinn agus a gcuid ama a chur ar fáil go deonach.

Labhair Suzanne faoina cuid ama ag Ollscoil Fordham, áit ina bhfuil sí ar Halla na Laoch agus faoina gairm reatha imeartha le foireann cispheile D1, na ‘Liffey Celtics’. Phléigh sí a cuid ama ar fhoirne Idirnáisiúnta na hÉireann ó faoi 15 go faoi 19 chomh maith le foireann Shinsearach Idirnáisiúnta na mBan. Léargas fíorspeisiúil a bhí ann ar a gairm a chuimsíonn gairm chóitseála mór le rá freisin, ón Acadamh go scothleibhéal idirnáisiúnta le foireann na hÉireann faoi 18.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Tá dul chun cinn déanta le blianta beaga anuas maidir le próifíl spóirt na mban a ardú agus rannpháirtíocht a spreagadh, ach tá sé tábhachtach tógáil ar an dul chun cinn seo. Beidh an tsraith chóitseála ar líne seo ina mbeidh mná mór le rá sa spórt mar Cliona Foley agus Suzanne Maguire fíorluachmhar chun an aidhm seo a bhaint amach, go háirithe agus an tsraith ar fáil ar líne a chinnteoidh go sroichfidh sí lucht féachana fairsing.”

Dúirt Margaret Geraghty, Stiúrthóir Seirbhíse, Comhairle Contae Fhine Gall: “Is tionscnamh é seo chun mná a chur chun cinn sa spórt. Tá pleananna ann spóirt eile a chur san áireamh sa tSraith Chóitseála mar chuid dár dtacaíocht d’Fheachtas 20x20 Chónaidhm Spóirt na hÉireann, tionscnaimh Mná sa Spórt de chuid Spórt Éireann agus sprioc Oifig Spóirt Fhine Gall chun rannpháirtíocht na mban sa Chóitseáil a mhéadú.”

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin Sraith Chóitseála Mná sa Spórt déan teagmháil le [email protected] nó chun éisteacht leis an gcéad agallamh sa tsraith https://learning.fingal.ie/ faoin Rannán An Méid a dhéanaimid, Mná sa Spórt.

Nó ar Youtube anseo  https://www.youtube.com/watch?v=VZxUzH2tdO0&feature=youtu.be