Bronnadh Rothair ar Theach Naoimh Mhíchíl don chlár Foghlaim conas Rothaíocht 

Tugann Oifig Spóirt Fhine Gall rothair do Theach Naoimh Mhíchíl sna Sceirí dá cuid daltaí chun páirt a ghlacadh sa chlár Foghlaim conas Rothaíocht de chuid Rothaíocht Éireann.

 

 

Learn to Cycle

Bhí áthas an domhain ar Oifig Spóirt Fhine Gall na chéad chinn de na rothair oiriúnaithe a cheannaigh siad trí Chiste na gCuntas Díomhaoin a thabhairt do Theach Naoimh Mhíchíl sna Sceirí. Tá na rothair deartha go speiceasach do dhaoine faoi mhíchumas agus úsáidfidh daltaí na scoile iad chun páirt a ghlacadh i gcláracha mar an clár Foghlaim conas Rothaíocht de chuid Rothaíocht Éireann. Bhronn an tOifigeach um Mhíchumas um Chuimsiú Spóirt na rothair ar an scoil ar Dé Céadaoin 18ú Samhain.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Tá an-áthas orm Oifig Spóirt Fhine Gall a fheiceáil ag baint úsáide as Cistí na gCuntas Díomhaoin le haghaidh tionscnaimh chomh fiúntach. Beidh sé iontach do na daltaí a bheith in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht spóirt trí fhoghlaim conas rothaíocht ar na rothair seo atá deartha go speisialta.”

Dúirt Stiúrthóir na Seirbhíse, Margaret Geraghty: “Bhí fíoráthas ar Fhine Gall a bheith in ann na rothair speisialaithe a bhronnadh ar Theach Naoimh Mhíchíl chun páirt a ghlacadh sa chlár Foghlaim conas Rothaíocht. Oibrímid go dlúth le roinnt grúpaí míchumais ar fud an chontae chun a chinntiú go ndéantar freastal ar riachtanais gníomhaíochta coirp de roinnt de na baill is leocháilí den phobal”. 

Is clár 6 seachtaine é an clár a bhfuil sé mar aidhm aige cabhrú le rannpháirtithe le riachtanais bhreise chun foghlaim conas rothaíocht go neamhspleách i dtimpeallacht spraoiúil shábháilte. Dúirt an tOifigeach um Mhíchumas um Chuimsiú Spóirt David Daly: “Is léir gur gníomhaíocht thairbheach thaitneamhach é an clár Foghlaim conas Rothaíocht do gach duine atá páirteach ann. Is féidir liom na páistí a fheiceáil ag glacadh páirte níos mó gach lá de réir mar a théann a muinín chun cinn agus de réir mar a chuireann gach ceacht deiseanna foghlama nua agus suimiúla ar fáil ar bhealach difriúil agus spraoiúil do na daltaí.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an gclár Foghlaim conas Rothaíocht nó aon eolas faoi spóirt mhíchumais déan teagmháil le do thoil le:                                                                  

David Daly (Oifigeach um Mhíchumas um Chuimsiú Spóirt Fhine Gall) 086-2401913 nó seol ríomhphost chuig [email protected]