Déanann Comhairle Contae Fhine Gall comhghairdeas le Matthew Weldon as a roghnú mar bhuaiteoir an ghradaim ‘Find a Fast Bowler’ de chuid Cricket Leinster.
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag lorg iarratais anois faoi roinnt scéimeanna chun oibreacha a dhéanamh i 2021 ar thionscadail dheisiúcháin nó caomhnaithe ar scála beag, ar scála meánmhéide nó ar scála mór ar Struchtúir Chosanta agus i gcúinsí áirithe ar fhoirgnimh a fheabhsaíonn Limistéir Chaomhnaithe Ailtireachta laistigh de cheantar Fhine Gall
Chomhoibrigh daoine óga ó thionscadail Foróige ar fud Fhine Gall chun píosa filíochta ó bhéal faoi Covid-19 agus an tionchar atá aige ar dhaoine óga go háirithe, a chur le chéile agus a scríobh.
Tá buiséad €286 milliún glactha ag Comhairle Contae Fhine Gall do 2021 a chinnteoidh go ndéanfar seirbhísí a chothabháil agus a fheabhsú do dtí an bhliain seo chugainn. Léiríonn sé méadú de €16.3 milliún ó 2020 agus is ionann é agus €966.78 in aghaidh gach duine den daonra.
Scríobh Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy, thar ceann na Comhairle, chuig Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Hazel Chu, chun dlúthpháirtíocht a chur in iúl di tar éis di a bheith thíos le hionsaithe ciníocha ar na meáin shóisialta.
Tá feachtas mór seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall chun cónaitheoirí an chontae a spreagadh chun a gcuid siopadóireacht Nollag a dhéanamh i bhFine Gall d’fhonn gnóanna agus poist áitiúla a chosaint.
Tá áthas ar Oifig Ealaíne Chomhairle Contae Fhine Gall ‘Tráth den Fhuaim (Once Upon A Sound) ag DEALBH AN FHOLACHÁIN’ a chur i láthair leis an gcraoltóir mór le rá Donal Dineen ag dul ar thuras taiscéalaíochta ceoil in éineacht le roinnt de na ceoltóirí ab fhearr sa tír.
An tseachtain seo chugainn, beidh Seachtain Chuimsithe Fhine Gall ar siúl den dara huair, agus breis is 37 n-imeacht fíorúla curtha ar siúl timpeall an Chontae.