News

in
in
23 Feb 2021
Water Works

Tá Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall ag obair chun soláthar uisce a chur ar ais do chustaiméirí in áiteanna de Mhullach Íde tar éis pléascthaí ar dhá phríomhphíobán uisce.

Meastar go mbeidh deisiúcháin an dá phríomhphíobán uisce críochnaithe faoi 4in. Nuair a bheidh na deisiúcháin críochnaithe go rathúil, cuirfear tús le gnáthsholáthar uisce a athbhunú. D’fhéadfadh sé go dtógfaidh sé 1-2 uair an chloig an soláthar iomlán uisce a thabhairt ar ais de réir mar a athlíonfaidh uisce an líonra.

18 Feb 2021
ANCA

Tuarascáil Bhliantúil an ÚITA 2020

D’fhoilsigh an tÚdarás Inniúil um Thorann Aerárthaí a dtuarascáil bhliantúil don bhliain 2020. Tugtar léargas ginearálta sa tuarascáil ar rialachas agus feidhmeanna an Údaráis Inniúil. Déantar athbhreithniú ann ar chlár oibre an ÚITA a soláthraíodh in 2020 agus tugtar spléachadh ann freisin ar an gclár oibre a bheidh ag teacht aníos sa bhliain 2021.