Bhí fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall fáilte a chur roimh an ealaíontóir Vivienne Roche chuig Seomra na Comhairle, Áras an Chontae i Sord chun turas a thabhairt ar a saothar ealaíne Flow, (2002). Choimisiúnaigh Comhairle Contae Fhine Gall an dealbh rilífe mhórscála seo ina bhfuil gloine, plástar agus cré-umha mar chuid de thógáil Áras an Chontae, a dhear Bucholz McEvoy Architects. D’éascaigh Acadamh Ibeirneach Ríoga (RHA) an turas ag an am céanna le mórthaispeántas le Vivienne, Abridged, ag an RHA go dtí an 17ú Samhain.