Seachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath le tarlú ón 12ú go dtí an 18ú Bealtaine 2025

I rith na seachtaine, beidh imeachtaí réigiúnacha agus áitiúla ag clúdach réimse ábhar agus léireofar iarrachtaí leanúnacha, uaillmhianta agus cur chuige comhoibríoch na gceithre údarás áitiúil i mBaile Átha Cliath, chun aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíocht aeráide.   

DCAW 2025 Soft Launch Photograph

Beidh Seachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath 2025 (#DCAW25) ar siúl ón Luan an 12ú go dtí an Domhnach an 18ú Bealtaine 2025.   

I rith na seachtaine, atá á n-eagrú agus á seachadadh ag comhpháirtíocht Chomhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Oifig Réigiúnach um Ghníomhaíocht Aeráide Chathair Bhaile Átha Cliath (ORGA) agus Codema – Gníomhaireacht Fuinnimh Bhaile Átha Cliath, beidh imeachtaí réigiúnacha agus áitiúla ag clúdach réimse ábhar agus léireofar iarrachtaí leanúnacha, uaillmhianta agus cur chuige comhoibríoch na gceithre údarás áitiúil i mBaile Átha Cliath, chun aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíocht aeráide.   

I mbliana, beidh Seachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath 2025 ag an am céanna le Seachtain Náisiúnta na Rothar, a thabharfaidh gníomhaíocht aeráide agus taisteal gníomhach le chéile chun aird a tharraingt ar an nasc láidir idir iompar inbhuanaithe agus réitigh aeráide. Trí cheardlanna, gníomhaíochtaí idirghníomhacha, taispeántais, laethanta spraoi teaghlaigh agus féilte beidh deis ag rannpháirtithe a fháil amach conas is féidir le hathruithe beaga laethúla cur le timpeallacht níos sláintiúla.   

Dúirt Méaraí Chomhairle Contae Fhine Gall agus Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Ardmhéara Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, “Tá lúcháir orainn Seachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath a sheoladh. Cuirfidh an comhoibriú seo le Seachtain na Rothar raon iontach imeachtaí i láthair, ag spreagadh gach duine a bheith rannpháirteach i ngníomh bríoch i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe. Spreagfaimis gach duine a bheith páirteach agus an leas is fearr a bhaint as an tseachtain thábhachtach seo”.  

Is bealach iontach é a bheith páirteach i Seachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath 2025 chun naisc a neartú idir grúpaí, gnólachtaí agus eagraíochtaí laistigh den phobal. Fáil amach cad atá ag tarlú i do cheantar ag www.dublinclimateactionweek.ie

Osclófar clár iomlán na n-imeachtaí le haghaidh áirithintí i lár mhí Aibreáin 2025.