Glacfar le hábhair indóite (leapacha, toilg, doirse adhmaid etc.) saor in aisce ag Ionaid Athchúrsála Chomhairle Contae Fhine Gall ó chónaitheoirí Fhine Gall ar na laethanta seo a leanas Dé Céadaoin an 23 Deireadh Fómhair go dtí Déardaoin an 31 Deireadh Fómhair 2024
Fáiltíonn Comhairle Contae Fhine Gall romhaibh chun Ailtireacht Fhine Gall a fhiosrú le linn Teach Oscailte 2024 a bheidh ar siúl ón 12-20ú Deireadh Fómhair, 2024.
Anois ina naoú bliain, beidh an fhéile ar siúl ón 1ú go dtí an 16ú Samhain ar fud Leabharlanna Fhine Gall. Cuirfidh féile na bliana seo seóthaispeántas nua dhá lá de chainteanna údair i láthair i Saorleabharlann Carnegie, an tSráid Thuaidh, Sord, Dé hAoine an 15ú agus Dé Sathairn an 16ú Samhain.
Tá conradh sínithe ag Comhairle Contae Fhine Gall le RPS Consultants ar luach suas le €5 milliún do Thionscadail Bealaí Coisithe agus Rothaíochta i gceantar Bhaile Átha Cliath 15.
Osclaíodh dhá fhorbairt tithíochta nua go hoifigiúil i bhFine Gall, nuair a chuir Méara Fhine Gall, an Clr. Brian McDonagh, fáilte roimh an Aire Tithíochta Darragh O’Brien TD go Lusca le haghaidh seachadadh na dtithe nua sa cheantar a cheiliúradh.
I gcomhar le Caisleán Ard Giolláin, cuireann sé an-áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall an físealaíontóir, an déantóir agus an ceoltóir Genevieve Howard, a chónaíonn agus a oibríonn i bhFine Gall, a fhógairt mar bhuaiteoir Gradam Stiúdeo Chomhairle Contae Fhine Gall 2024.
Tugann féile an cheoil thraidisiúnta agus an cheoil tíre is mó in Éirinn cuireadh do lucht féachana taithí sult a bhaint as scoth an cheoil bheo i suíomh álainn atmaisféarach Fhine Gall 22-26 Eanáir 2025.
Tá sé fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall go bhfuil €11.04m i maoiniú deontais faighte ag 2,843 gnó sa chontae faoi scéim Costas Méadaithe Gnó (ICOB) an Rialtais.
Tá Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall i ndiaidh dul i gcomhar le hIonad Scríbhneoirí na hÉireann le haghaidh deiseanna luachmhara na forbartha gairmiúla a thairiscint do scríbhneoirí trí Chlár Meantóireachta Náisiúnta de chuid Ionad Scríbhneoirí na hÉireann.
Sheol Maratón na bPáistí a chlár 2024 go bródúil ag Staid Morton OCBÁC, ag fáiltiú roimh bhreis is 8,000 dalta rang a 5 agus rang a 6 ó 150 scoil ar fud Chomhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Phort Láirge, agus Réigiúin Ghaeltachta.