Tháinig an Aitriam in Áras an Chontae, Sord chun beatha le fuaimeanna binne an cheoil traidisiúnta ag ceiliúradh ‘Ceol, Craic agus Gaeilge’ do Sheachtain na Gaeilge Dé Céadaoin, 13 Márta, 2024.
Seoladh Plean nua Gníomhaithe ar son na hAeráide d'Fhine Gall 2024-2029 a thugann breac-chuntas ar ghníomhartha nuálacha um oiriúnú agus maolú aeráide a bhfuil sé i gceist ag an gComhairle a ghlacadh as seo go ceann cúig bliana agus í ag iarraidh réigiún níos athléimní ó thaobh na haeráide de a dhéanamh den chontae.
Bígí réidh le d’fheisteas glas agus tú féin a bhá sna himeachtaí ceiliúrtha agus Lá Fhéile Pádraig á ceiliúradh ar fud Fhine Gall Dé Domhnaigh, 17 Márta.
Tá dhá chomhairliúchán poiblí seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall inniu maidir le bearta sábháilteachta ar bhóithre sa Ros. Tá tionscnamh Shráid na Scoile do Scoil Náisiúnta an Rois agus uasghrádú acomhail in aice leis an scoil oscailte anois le haghaidh aiseolais ón bpobal.
Baineann siúl agus rothaíocht 530,000 gluaisteán ó bhóithre Bhaile Átha Cliath gach lá, de réir an Innéacs Siúil agus Rothaíochta.
Déanann 71% de dhaoine fásta i mBaile Átha Cliath siúl nó a gcathaoir rothaí a úsáid le taisteal ar a laghad cúig huaire sa tseachtain, rothaíonn 25% ar a laghad uair sa tseachtain
Beidh Seachtain Náisiúnta na gCrann ar siúl ón 3 Márta go dtí an 10 Márta 2024 agus tá roinnt tionscnamh beartaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall chun é seo a cheiliúradh agus lena n-áirítear pleananna chun 10,000 crann a dháileadh ar chónaitheoirí lena gcur ar fud an chontae, chomh maith le roinnt imeachtaí agus ceardlanna plandála pobail a óstáil.
Tá fáilte curtha ag Fine Gall roimh an gComhairleoir Steve O’Reilly mar an comhalta is nuaí, i ndiaidh a chomhthoghadh ar an gcomhairle mar chomhairleoir de chuid Fhine Gael.
Tá Coiste Forbairt na bPobal Áitiúil Fhine Gall (CFPÁ) i ndiaidh conarthaí a shíniu le Empower Local Development CLG chun an Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP) a sheachadadh don tréimhse 2024-2028 tar éis próiseas tairisceana iomaíoch.