Teideal: Clár Forbartha Tuaithe LEADER 2023 - 2027

Harbour

Tar éis toradh próiseas roghnóireachta na Straitéise Forbartha Áitiúla (SFÁ), shínigh Heather Humphrey TD , an tAire Forbairt Tuaithe agus Pobail agus an tAire Coimirce Shóisialta an Comhaontú Maoinithe LEADER chun an clár 2023-2027 a chur i bhfeidhm i gceantar fo-réigiúnach Bhaile Átha Cliath ar an 26 Eanáir 2024.

Tá Comhpháirtíocht LEADER Fine Gall ctr agus Comhairle Contae Fhine Gall ceadaithe mar an phríomhpháirtí airgeadais, ceadaithe chun an clár ceannaire 2023-2027 a sheachadadh i gceantar fo-réigiúnach thuaithe Bhaile Átha Cliath lena n-áirítear na ceantair thuaithe i bhFine Galll, i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin agus i gContae Átha Cliath Theas.

Leithdháileadh € 4.7 milliún ar LEADER Tuaithe Bhaile Átha Cliath chun infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt an cheantair trí thionscnaimh eacnamaíocha, shóisialta agus na timpeallachta. Baineann Clár LEADER úsáid as cur chuige faoi stiúir an phobail, a chuireann ar chumas na bpobal tuaithe áitiúil páirt a ghlacadh i réitigh nuálacha a aimsiú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na háite.

 

Fo-theideal: Conas a fheidhmíonn LEADER Tuaithe Bhaile Átha Cliath?

 

Dublin Rural Leader

Cuireann LEADER Tuaithe Bhaile Átha Cliath maoiniú ar fáil do ghnóthais agus do ghrúpaí an phobail ar fud cheantair thuaithe Fhine Galll, Chontae Átha Cliath Theas agus Dhún Laoghaire/Rathdown le haghaidh thionscadail arna roghnú ag an nGrúpa Gníomhaíochta Áitiúil (GGÁ). Áirítear mar chomhaltaí GGÁ Bhaile Átha Cliath ná na hionadaithe áitiúla as réimsí na dtrí údarás áitiúil ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach. Tá an fhreagracht fhoriomlán ar Ghrúpa Gníomhaíochta Áitiúil Bhaile Átha Cliath as Clár LEADER Tuaithe Bhaile Átha Cliath a sheachadadh.

Sí Comhpháirtíocht LEADER Fhine Gall ctr an comhpháirtí feidhmíochta agus an chéad phointe teagmhála na faisnéise agus na bhfiosruithe faoin gclár agus feidhmíonn Comhairle Contae Fhine Gall mar Chomhpháirtí an Airgeadais.

 

Fo-theideal: Cé hiad siúd ar féidir leo leas a bhaint as an gClár LEADER?

Cuireann Clár LEADER Tuaithe Bhaile Átha Cliath maoiniú ar fáil do thionscadail tuaithe ar fud Bhaile Átha Cliath a gcuireann an cuimsiú sóisialta chun cinn, a ndéanann geilleagar na háite a fhorbairt tríd ghníomaíocht an fhiontair agus an na turasóireachta, agus a ndéanann an timpeallacht a chosaint.

Tacaíonn sé le tionscnaimh arna n-aimsiú go háitiúil (ag leibhéal na háite nó an fho-réigiúin) a n-iarrann a thabhairt faoi riachtanais agus faoi dhúshláin a aithnítear go háitiúil.

Ní mór do gach iarrthóir a bheith lonnaithe i gCeantar Tuaithe Bhaile Átha Cliath, agus is féidir le daoine ar leith, le gnólachtaí tuaithe, le feirmeoirí nó teaghlaigh feirme, le grúpaí an phobail agus deonacha, le fiontair shóisialta nó le comharchumainn iarratas a dheanamh.

Tá tuilleadh eolais faoi réimsí incháilithe an mhaoinithe le feiceáil ag: Dublin Rural LEADER Funding Areas - Dublin Rural Leader

 

Fo-theideal: Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Tá tuilleadh eolais faoi LEADER Tuaithe Bhaile Átha Cliath le feiceáil ag: Home - Dublin Rural Leader

 

Na lógónna lena léiriú ag bun an leathanaigh (caithfear an lógó LEADAR a léiriú ar leith agus os cionn na lógónna eile):

Leader Green Text Roboto PNG.png
LEADER