Cácas na mBan Chomhairle Contae Fhine Gall ag Seasamh le Mná na hAfganastáine

Tá na Comhairleoirí mná atá i gCácas na mBan Chomhairle Contae Fhine Gall ag seasamh le mná na hAfganastáine tar éis don Taliban teacht i réim arís i gCabúl, a fhágann go bhfuil muintir na tíre trí chéile agus lán faitís.

Le roinnt laethanta anuas, tá mná ar fud an domhain ag féachaint le faitíos fad atá mná na hAfganastáine á gcur as a bpost go foréigneach, brú á chur orthu fanacht sa teach agus bagairt á déanamh ar a gcuid saoirse. Tá sé tuairiscithe go bhfuil eagla ar mhná dul amach taobh amuigh nó labhairt amach tráth a bhfuil tús á chur le feachtas dianteannta i gcoinne a gcuid saoirse.

 

Nuair a bhí an Taliban i gceannas ar an Afganastáin an uair dheireanach idir na blianta 1996 agus 2001, ní raibh cead ag mná a bheith ag obair ná ag freastal ar scoil, ní raibh cead acu a bheith lasmuigh den teach gan fear muinteartha a bheith in éineacht leo i gcónaí, agus bhí orthu a n-aghaidh a chlúdach an t-am ar fad. Le linn an ama sin, náiríodh mná a chuir i gcoinne an Taliban agus tugadh léasadh poiblí dóibh.

 

Tá sé geallta ag an Taliban go léireoidh siad meas ar chearta na mban laistigh de theorainneacha Ioslam, ach tá imní agus eagla ar go leor mar sin féin. Cuirtear tacaíocht faoin idé-eolaíocht agus struchtúr sóisialta atá acu le léamh docht ar Dlí Ioslam ón 7ú haois agus comhlíonadh iomlán ina leith.

De thoradh na neamhchinnteachta, is iomaí duine atá ag tuar gur drochscéala a bheidh ann do shaoirse mhná na hAfganastáine. Tá tuairiscí tagtha chun cinn cheana féin maidir le mná ar cuireadh brú orthu trodaithe a phósadh agus mná ar sciúrsáladh go poiblí iad.

 

Dúirt an Chomhairleoir Karen Power, Cathaoirleach Chácas na mBan: “Tá an-imní orainn faoi mhná agus cailíní na hAfganastáine, a gceart chun oideachais, oibre agus saoirse gluaiseachta. Tá go leor éiginnteachta i gceist i dtaobh mar a fhorbróidh cúrsaí, ach mar sin féin, is iad na mná is mó atá i mbaol de dheasca chealú phróisis daonlathacha an rialtais. Seasaimid lenár ndeirfiúracha san Afganastáin, a bhfuil sé de cheart acu, mar atá ag gach Afganastánach, saol sábháilte a chaitheamh le dínit.

 

An t-aon difríocht atá eadrainn ná go bhfuil muidne ábalta saol slán sábháilte a chaitheamh agus lán ár n-acmhainneachta a bhaint amach de bharr chúinsí ár mbreithe. Is gráin leis an gCácas na hionsaithe agus na sáruithe ar chearta an duine ar fad, agus cáineann sé go mór iad, go háirithe iad sin atá dírithe ar mhná agus ar chailíní. Le linn na seachtaine a bhfuil Lá Idirnáisiúnta na Daonnúlachta á cheiliúradh againn, agus i gcomhthéacs géarleanúna ar chearta an duine ar fud an domhain, tugaimid chun cuimhne an ghéarleanúint a rinneadh ar Loujain Alhathloul, Gníomhaí Cearta na mBan as an Araib Shádach. Mar chácas, táimid ag moladh go dtacóidh muintir Fhine Gall le cúiseanna daonnúla agus le caomhnú dínite agus chearta bunúsacha an duine ar aon bhealach is féidir leo,” arsa an Comhairleoir Power.

 

“Cé go mbogann timthriall na nuachta ar aghaidh de ghnáth, ní ligfidh an Cácas mná agus cailíní na hAfganastáine i ndearmad agus leanfaimid orainn ag tarraingt aird ar chás na tíre. Tá an saol mór ag faire, agus tá Cácas na mBan ag moladh don uile duine feasacht a ardú, tús a chur le comhráite agus síntiúis a dhéanamh nuair is féidir,” a dúirt an Comhairleoir Power mar fhocal scoir. 

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil leis an gComhairleoir Power, Cathaoirleach, Cácas na mBan Chomhairle Contae Fhine Gall.  Guthán póca: 089 965 4529. Ríomhphost:  [email protected]

 

 

 

Womens Caucus