Cainéal WhatsApp
Is féidir leat Comhairle Contae Fhine Gall a leanúint ar WhatsApp anois chun an nuacht agus na nuashonruithe is déanaí a fháil ó do chomhairle.
Cén fáth WhatsApp?
Tá WhatsApp ar cheann de na hardáin seolta teachtaireachtaí is mó tóir ar domhan. Ligeann an t-ardán craolta aontreo seo duit Comhairle Contae Fhine Gall a leanúint go príobháideach chun nuashonruithe a fháil, agus is féidir le húsáideoirí roghnú a bheith páirteach nó gan a bheith páirteach am ar bith. Tá súil againn go bhfeabhsóidh Cainéal WhatsApp ár gcainéil chumarsáide, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca do chónaitheoirí teachtaireachtaí a fháil go díreach uainn agus go soláthróidh sé bealach eile áisiúil agus inrochtana duit chun fanacht ar an eolas.
Cad is féidir liom a bheith ag súil le feiceáil?
Lean sinn agus faigh an nuacht pobail is déanaí, imeachtaí, eolas tábhachtach agus tuilleadh arna seachadadh go díreach chuig do ghuthán. Cé gur ardán aontreo iad cainéil WhatsApp, is féidir leat freagra a thabhairt ag baint úsáide as emoji.
Cad nach bhfuil i gceist leis?
Tá cainéil WhatsApp difriúil agus scartha ó do Chomhráite san aip. Má leanann tú ár gcainéal WhatsApp, ní chiallaíonn sé sin go mbeimid le feiceáil i do liosta de Chomhráite pearsanta, ach ina ionad sin beidh ár nuashonruithe le feiceáil sa táb Nuashonruithe san aip. Coinnítear d’ainm próifíle, do ghrianghraf agus d’uimhir ghutháin faoi cheilt agus slán, agus ní fheicimidne ná leantóirí eile iad.
Conas is féidir liom ballraíocht a ghlacadh i do chainéal WhatsApp?
Tá sé éasca ballraíocht a ghlacadh, níl le déanamh ach na céimeanna simplí seo a leanúint:
- Cliceáil ar an nasc seo
- Nuair a osclaíonn an cainéal, cliceáil ‘Lean’ ag an mbarr ar dheis
- Cinntigh go gcliceálann tú ar an deilbhín cloigín ag an mbarr ar dheis chun fógraí a chur ar siúl, ionas nach gcailleann tú nuashonrú riamh
Cen slí eile is féidir liom fanacht cothrom le dáta?
In éineacht leis an gcainéal nua WhatsApp, is féidir leat Comhairle Contae Fhine Gall a leanúint ar Facebook, X/Twitter, Instagram, Threads, BlueSky, TikTok, Vimeo, YouTube agus LinkedIn chun na nuashonruithe nuachta is déanaí a fháil ó d’údarás áitiúil.