Ceiliúrann Leabharlanna Fhine Gall Scríbhneoireacht Chruthaiteach agus an Litríocht le Féile Am Scríbhneoireachta

Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh ceiliúradh bliantúil Leabharlanna Fhine Gall ar an scríbhneoireacht chruthaitheach agus an litríocht, Féile Am Scríbhneoireachta, ag Saorleabharlann Carnegie, Sord, Dé Luain, an 7ú Deireadh Fómhair 2024. 

Write Time Festival 2024

Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh ceiliúradh bliantúil Leabharlanna Fhine Gall ar an scríbhneoireacht chruthaitheach agus an litríocht, Féile Am Scríbhneoireachta, ag Saorleabharlann Carnegie, Sord, Dé Luain, an 7ú Deireadh Fómhair 2024. Bhí Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly, Leabharlannaí an Chontae Betty Boardman agus roinnt de na scríbhneoirí a bheidh ag glacadh páirte san fhéile i dteannta an Mhéara, Patrick Bentley, David Gilna agus Paula Guildea.

Anois ina naoú bliain, beidh an fhéile ar siúl ón 1ú go dtí an 16ú Samhain ar fud Leabharlanna Fhine Gall. Cuirfidh féile na bliana seo seóthaispeántas nua dhá lá de chainteanna údair i láthair i Saorleabharlann Carnegie, an tSráid Thuaidh, Sord, Dé hAoine an 15ú agus Dé Sathairn an 16ú Samhain.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir. Brian McDonagh: “Tá fíoráthas orm Féile Am Scríbhneoireacht a sheoladh, ceilúradh iontach ar cheird na scríbhneoireachta i bhFine Gall. Is cinnte go spreagfaidh clár féile na bliana seo an tsamhlaíocht agus an chruthaitheacht”.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Cíbe más scríbhneoir ardaidhmeannach nó léitheoir tú, tá rud éigin do gach duine ag Féile Am Scríbhneoireachta. Tabharfaidh raon na n-imeachtaí saor in aisce treoir duit maidir le d’aistear scríbhneoireachta agus tabharfaidh siad deis duit bualadh le cuid de na húdair is fearr leat chun fáil amach cad a spreagann iad.”

Dúirt Leabharlannaí an Chontae Betty Boardman: “Tá fíoráthas ar Leabharlanna Fhine Gall fáilte a chur roimh ghrúpa scríbhneoirí den scoth chun páirt a ghlacadh i bhféile na bliana seo chun a saothar a phlé agus chun daoine a mhealladh chuig gníomhaíochtaí cruthaitheacha inrochtana. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an údar Kevin Curran as grúpa iontach scríbhneoirí a thabhairt le chéile chun páirt a ghlacadh sa chlár ag Saorleabharlann Carnegie.”

Write Time Festival 2024

Tá grúpa iontacha éascaitheoirí ar chlár na leabharlainne a thabharfaidh treoir do scríbhneoirí ardaidhmeannacha ar a n-aistir chruthaitheacha. Cuimsíonn na ceardlanna idir fhilíocht, scríbhneoireacht do dhéagóirí, aistí pearsanta, agus píosa foirfe a scríobh do do script scannáin. Má tá neart smaointe agat ach nach bhfuil tú in ann iad a chur ar phár, beidh ceardlanna chun cabhrú leat tosú.

 

San imeacht nua dhá lá ag Saorleabharlann Carnegie beidh raon de shárúdair, leithéidí Sinead Gleeson, Claire Kilroy, Christine-Dwyer Hickey agus go leor eile ‘i gComhrá’, ag roinnt a bpróiseas scríbhneoireachta cruthaithí, a n-aistear go foilsitheoireacht agus cad a spreagann iad. Tabharfaidh an t-imeacht seo rochtain uathúil do scríbhneoirí in ionad álainn nua i bhFine Gall atá dírithe ar chruthaitheacht a chothú sa phobal agus bunchloch a leagan síos do chláir chultúrtha i gCeathrú Chultúrtha Shoird agus sa Leabharlann Chontae agus san Ionad Ealaíon nua.

 

Beidh rud éigin ag Féile Am Scríbhneoireachta do gach duine a bhfuil dúil acu sa scríbhneoireacht agus sa litríocht an Samhain seo – agus beidh gach rud saor in aisce. Molaimid duit teacht agus spreagadh a fháil ó na daoine lena mbuailfidh tú agus na scéalta a chloisfidh tú. Faigh cóip de bhróisiúr na féile ag do leabharlann áitiúil i bhFine Gall nó féach air ar líne ar ár láithreán gréasáin:

Write Time Festival Brochure 2024

Write Time Festival 2024