Clár Feabhsúcháin Áitiúil (LEP) 2025 ar oscailt anois d’iarratais ó Ghrúpaí Pobail Fhine Gall

Local Enhancement Programme 2025 lead image

Fáiltítear roimh Ghrúpaí Pobail agus Deonacha i bhFine Gall iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil (LEP) 2025. Cuireann an Clár tacaíocht maoinithe caipitil agus reatha ar fáil do raon leathan agus éagsúil de ghrúpaí áitiúla, lena n-áirítear Botháin na bhFear agus Botháin na mBan, Tá maoiniú ar fáil chun tacú le hoibreacha/feabhsuithe beaga caipitil, chun trealamh a cheannach d’úsáid an phobail; boird agus cathaoireacha, uirlisí agus comharthaíocht, ríomhairí glúine agus printéirí, lomairí faiche, téastair agus trealamh oiliúna srl., chomh maith le costais reatha ar nós costais leictreachais/teasa/árachais, táillí bruscair agus costais cíosa/ /léasa.

Tá maoiniú iomlán de €268,827 leithdháilte ar Chomhairle Contae Fhine Gall do Ghrúpaí ar fud an chontae agus tá €230,423 ar fáil le haghaidh oibreacha caipitil agus tá €38,404 ar fáil le haghaidh costais reatha. Tá Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025 á maoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Féach le do thoil an nasc seo a leanas leis an bpreasráiteas ag fógairt Chláir Feabhsúcháin Áitiúil 2025 ar leibhéal náisiúnta, ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas, Joe O’Brien TD: [Preasráiteas]

Tá LEP 2025 á riar ag Coistí Forbartha Pobail Áitiúil (CFPÁanna) i ngach ceantar Údaráis Áitiúil agus tá sé mar aidhm ag an maoiniú tacú le tosaíochtaí straitéiseacha áitiúla agus nasc a dhéanamh le Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail na Comhairle (LECP).

Tá iarratais á lorg anois ó Ghrúpaí Pobail agus Deonacha i bhFine Gall ar dheontais suas le huasmhéid de €10,000 d’iarratais ar mhaoiniú caipitil agus uasmhéid de €3,500 d’iarratais ar mhaoiniú reatha agus is é Dé Luain, an 13ú Eanáir 2025 ag 5in an dáta deiridh chun iarratais a fháil. 

Agus é ag fáiltiú roimh Chlár LEP 2025, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh: “Cuireann Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025 tacaíocht airgeadais ríthábhachtach ar fáil do Ghrúpaí agus Eagraíochtaí Pobail ar fud Fhine Gall trí chaiteachas caiptil agus reatha a mhaoiniú. Cabhróidh sé seo le tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí deisiúcháin agus feabhsúcháin riachtanacha a dhéanamh ar a n-áiseanna agus ag an am céanna cuidiú leo a n-oibríochtaí laethúla a chothú. Tá Comhairle Contae Fhine Gall bródúil as tacú le Grúpaí Pobail a chuireann go mórmhór le pobail áitiúla, i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste. Molaim do gach grúpa incháilithe iarratas a dhéanamh.”

Ag labhairt di faoin gClár Maoinithe Feabhsúcháin Áitiúil, dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá maoiniú suntasach ar fáil faoi LEP 2025 do Ghrúpaí Pobail agus Deonacha incháilithe. Tá ról tábhachtach ag na heagraíochtaí seo inár bpobail, agus cuireann an LEP cúnamh airgeadais ríthábhachtach ar fáil do Ghrúpaí chun tacú lena n-obair i bpobail áitiúla. Molaim go láidir do Ghrúpaí Pobail iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chun cabhrú leo a spriocanna a bhaint amach agus tacú lena ngníomhaíochtaí.”

Reáchtálfaidh Comhairle Contae Fhine Gall Seimineár Gréasáin Eolais ar an 10ú Nollaig 2024 ag 18:30 – 19:30. Más mian leat a bheith i láthair agus tuilleadh a fhoghlaim faoi LEP 2025 agus cad iad na tionscadail atá incháilithe le haghaidh maoinithe, cliceáil anseo le do thoil chun páirt a ghlacadh sa seimineár gréasáin 10 nóiméad sula mbeidh sé le tosú.

 

Is féidir sonraí iomlána ar Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2025 agus conas iarratas a dhéanamh a fháil ag: https://www.fingal.ie/local-enhancement-programme-lep-2025

 

Foirm Iarratais na Scéime Maoinithe Caipitil (suas le €10,000): Fingal Coco (submit.com)

Foirm Iarratais na Scéime Maoinithe Caipitil (costais laethúla suas le €3,500): Fingal Coco (submit.com)

Ba chóir fiosrúcháin ar Chlár Feabhsúcháin Áitiúil (LEP) 2025 a chur chuig [email protected]