Comhairle Contae Fhine Gall ar an ngearrliosta do Ghradaim Fuinnimh Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann do 2024
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ar an ngearrliosta do Ghradaim Fuinnimh ÚFIÉ na bliana seo. Cuimsíonn na Gradaim réimse leathan éachtaí a bhaineann le fuinneamh, le béim ar leith ar na príomhréimsí fócais maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú, feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh, agus cleachtais inbhuanaithe a chothú. Agus aon chatagóir déag ag leagan béime ar nuálaíocht fuinnimh éagsúil, tá sé mar aidhm ag na gradaim aitheantas a thabhairt dóibh siúd atá ag réitigh an bhealaigh do thodhchaí fuinnimh inbhuanaithe.
Ó 2018 i leith, tá Comhairle Contae Fhine Gall chun tosaigh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus nuálaíocht, go háirithe i leictriúchán a flít. Mar chuid dá tiomantas leanúnach d’inbhuanaitheacht, sheol an eagraíocht a céad Chlár Leictriúcháin Flít, – tionscnamh glas atá dírithe ar aistriú go flít tráchtála lán-leictreachais. Rinneadh dul chun cinn tapaidh ar an gclár uaillmhianach seo, agus tá flít de 86 feithicil lán-leictreachais á oibriú ag Comhairle Contae Fhine Gall anois, lena n-áirítear veaineanna, trucailí dumpála, agus feithiclí fóntais, agus iad go léir á gcumhachtú ag foinsí fuinnimh in-athnuaite.
Comhlánaíodh clár leictriúcháin an flít le rolladh amach bonneagair láidir, ina bhfuil moil luchtaithe atá suite go straitéiseach i mBaile Brigín agus i Sord, ag cinntiú éifeachtúlacht oibriúcháin agus ag íoslaghdú neamhfhónaimh. Céimníodh an t-aistriú go feithiclí leictreacha go cúramach chun freastal ar riachtanais oibríochtúla, agus cuireadh oiliúint chuimsitheach foirne ar fáil chun comhtháthú éasca in oibríochtaí laethúla a chinntiú. Léiríonn an cur chuige seo tiomantas Chomhairle Contae Fhine Gall don nuálaíocht agus don chur i bhfeidhm praiticiúil araon.
Tá tairbhí suntasacha comhshaoil ag baint le clár leictriúcháin an flít. Mar thoradh ar an aistriú ó fheithiclí faoi thiomáint bhreosla iontaise tá laghdú bliantúil de 55,000 lítear in ídiú díosail, rud a fhágann gur tháinig laghdú suntasach ar astaíochtaí carbóin. Ina theannta sin, ghin an clár coigilteas costais nach beag ó thaobh breosla agus cothabháil.
Dúirt Mary T. Daly, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Contae Fhine Gall “ Tá fíoráthas orainn a bheith ar an ngearrliosta don chatagóir Iompair ag Gradaim Fuinnimh an ÚFIÉ. Leagann an t-aitheantas seo béim ar an dul chun cinn suntasach atá á dhéanamh againn trínár gClár Leictriúcháin Flít, ag tiomáint an bhunathrú ar ár bhlít feithiclí tráchtála i gcomhréir le cuspóirí dícharbónaithe náisiúnta. Léiríonn ár n-iarrachtaí leanúnacha astaíochtaí a laghdú tiomantas Chomhairle Contae Fhine Gall oidhreacht dhearfach chomhshaoil a sholáthar do na glúnta atá le teacht."
Tá leictriúchán flít oibríochtúil Chomhairle Contae Fhine Gall ailínithe go dlúth le spriocanna náisiúnta dícharbónaithe agus léiríonn sé ceannaireacht na heagraíochta laistigh d’earnáil na n-údarás áitiúil.
Agus í sa bhabhta ceannais sa chatagóir Iompair, tá Comhairle Contae Fhine Gall bródúil as a bheith aitheanta as a ról maidir le nuálaíocht fuinnimh a thiomáint agus inbhuanaitheacht a chur chun cinn. Tá Comhairle Contae Fhine Gall fós tiomanta do cheannaireacht a thabhairt le dea-shampla maidir le réitigh fuinnimh ghlan a ghlacadh. Léiríonn rath leanúnach chlár leictriúcháin an flít, mar aon le tionscnaimh amach anseo, tiomantas leanúnach Chomhairle Contae Fhine Gall d’inbhuanaitheacht, feasacht fuinnimh, agus dul sa tóir ar thodhchaí atá neodrach ó thaobh carbóin de.