Comhairleoirí nua comhthofa ar Chomhairle Contae Fhine Gall

Council Chamber

Comhthoghadh beirt chomhairleoirí nua go hoifigiúil ar Chomhairle Contae Fhine Gall um thráthnóna tar éis do chomhairleoirí reatha a bheith tofa go Dáil Éireann san Olltoghchán le déanaí.

D’ainmnigh Sinn Féin an Comhairleoir John Smith chun folúntas a líonadh de bharr gur toghadh an Teachta Ann Graves i dtoghcheantar Fhine Gall Thoir. Ba í an Comhairleoir Angela Donnelly a mhol é agus chuidigh an Comhairleoir Malachy Quinn leis sin. Déanfaidh an Comhairleoir Smith, atá ina shiceolaí cliniciúil sinsearach, ionadaíocht ar Thoghlimistéar Áitiúil Shoird.

D’ainmnigh Páirtí an Lucht Oibre an Comhairleoir Kevin Humphreys chun an folúntas a líonadh mar gheall gur toghadh an Teachta Robert O’Donoghue i dtoghcheantar Fhine Gall Thiar. Ba é an Comhairleoir John Walsh a mhol é agus chuidigh an Comhairleoir Mary McCamley leis sin. Déanfaidh an Comhairleoir Humphreys ionadaíocht ar Thoghlimistéar Áitiúil an Rois-Lusca. Is iar-Aire Stáit, TD, agus Seanadóir é agus toghadh trí huaire é ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath freisin. Is Comhairleoir é a mhac James i dToghlimistéar Áitiúil Shoird.

Cuireadh siar líonadh an fholúntais mar thoradh ar thoghadh an Teachta Ruth Coppinger go Dáil Éireann go dáta eile.

Cllr John Smyth
Cllr Kevin Humphreys