Comhairliúchán Poiblí ar Phlean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Uiscebhealaí Éireann 2030

Cuir do thuairim in iúl faoin gComhairliúchán Poiblí ar Phlean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Uiscebhealaí Éireann 2030

Waterways Ireland

D’oscail Uiscebhealaí Éireann comhairliúchán poiblí dá bPlean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta, ar an 24ú Meitheamh ag fáiltiú roimh bhaill den phobal cabhrú le todhchaí uiscebhealaí na hÉireann a mhúnlú. Tá an Comhairliúchán ar siúl go dtí an 4ú Deireadh Fómhair 2024

Is é seo an dara Plean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Uiscebhealaí Éireann agus tá sé mar aidhm aige:

  1. Tosaíocht a thabhairt do chaomhnú, cosaint agus cur chun cinn na hoidhreachta nádúrtha, tógtha agus cultúrtha feadh ár n-uiscebhealaí comhroinnte, lena n-áirítear cosaint a thabhairt do na héiceachórais ina bhfuil raon éagsúil flóra agus fána.
  2. Tacú le rannpháirtíocht an phobail agus le hoideachas i dtionscnaimh chaomhnaithe chun aird a tharraingt ar an oidhreacht agus maoirseacht a chothú agus cleachtais inbhuanaithe a spreagadh.
  3. Comhpháirtíochtaí agus comhoibriú le páirtithe leasmhara a chothabháil agus a fhorbairt.
  4. Taighde a dhéanamh chun tacú le tuiscint ar bhithéagsúlacht agus ar láithreáin oidhreachta.

Tá an dréachtphlean agus na doiciméid tacaíochta ar fáil le hathbhreithniú ag https://www.waterwaysireland.org/about-us/public-consultations/waterways-ireland-heritage-and-biodiversity-plan