Comhghairdeas le Grúpaí Bailte Slachtmhara Fhine Gall as Torthaí 2024 den scoth

Comhghairdeas mór leis na hoibrithe deonacha iontacha a chinntigh gur bhliain an-rathúil eile a bhí i 2024 d’Fhine Gall i nGradaim Náisiúnta na mBailte Slachtmhara.

Balbriggan Tidy Towns

Comhghairdeas mór leis na hoibrithe deonacha iontacha a chinntigh gur bhliain an-rathúil eile a bhí i 2024 d’Fhine Gall i nGradaim Náisiúnta na mBailte Slachtmhara.

Comhghairdeas mór leis na hoibrithe deonacha iontacha a chinntigh gur bliain an-rathúil eile a bhí i 2024 d’Fhine Gall i nGradaim Náisiúnta na mBailte Slachtmhara. I mbliana, ainmníodh Baile an Chollaigh, Corcaigh mar Bhuaiteoir Náisiúnta as an 904 baile a bhí san iomaíocht do na gradaim mór le rá a léirigh an spéis ollmhór i gComórtas na mBailte Slachtmhara Supervalu atá ar siúl ó 1958 i leith. 

Tugadh luach saothair do thiomantas agus d’obair chrua na ngrúpaí Bailte Slachtmhara ar fud Fhine Gall le gnóthachain iontacha i bpointí agus líon na mbonn a bronnadh. Bronnadh an Dara hÁit sa Chontae agus Bonn Óir ar Na Sceirí, agus bronnadh an Tríú hÁit sa Chontae agus Bonn Óir ar Mhullach Íde. Bronnadh Bonn Óir ar Shord freisin agus bhain Baile Brigín Bonn Cré-Umha amach agus bronnadh gradam Dianiarrachta ar Chluain Saileach.  

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh: ‘Comhghairdeas mór leis na hoibrithe deonacha díograiseacha ar fad i ngrúpaí Bailte Slachtmhara Fhine Gall, a oibríonn le bród mór chun na ceantair ina gcónaíonn siad a fheabhsú. Tá sé ríthábhachtach pobail inbhuanaithe a thógáil agus is ábhar misnigh é na grúpaí seo a fheiceáil ag baint leasa as díograis na ndaoine óga agus ag buachan gradaim sa Chatagóir Geilleagar Ciorclach agus Pailneora’.

Bhí roinnt buaiteoirí gradam speisialta ann agus bhuaigh An Ros an Gradam Náisiúnta i gcatagóir Geilleagar Ciorclach an GCC, agus tugadh ardmholadh do Shord. Ba bhuaiteoirí gradaim réigiúnacha iad Baile Brigín sna Daoine Óga sna Bailte Slachtmhara agus tugadh ardmholadh dóibh i nGradam Pailneora na nÚdarás Áitiúil. Bhí sé go hiontach freisin Baile Scadán agus An Seanbhaile a fheiceáil ag filleadh ar an gcomórtas i mbliana.

Dúirt Mary T Daly, Stiúrthóir Seirbhísí: ‘Tá fíoráthas orm na marcanna iontacha atá bainte amach ag grúpaí Bailte Slachtmhara Fhine Gall a fheiceáil agus na gradaim agus boinn speisialta agus contae a buadh i mbliain fhíor-rathúil eile.  Tá an obair a dhéanann na Bailte Slachtmhara sárluachmar agus tá Rannóg Oibríochtaí Fhine Gall ag tnúth le leanúint ar aghaidh ag obair agus ag tacú leis na hoibrithe deonacha ar fad. Bíonn tionchar thar a bheith dearfach ag a gcuid oibre ina bpobail chomh maith le cur le forbairt inbhuanaithe i bhFine Gall”

Tá na pointí a scóráil na coistí tiomnaithe go léir ar fud Fhine Gall léirithe sa tábla thíos:

Baile  (Catagóir)

2023

2024

Baile Scadán (A)

 

285

An Aill ( B) 

282

294

An Seanbhaile (B)

 

250

Baile Bachaille (C) 

322

339

Baile an Ridire (C)

290

302

Port Reachrann (C)

240

247

Cluain Saileach (D)

200

213

Bail Dúill (E)

289

304

Baile Bhlainséir (E)

265

278

Caisleán Cnucha (E)

282

296

Binn Éadair  (E)

327

340

Lusca (E)

343

353

Domhnach Bat (F)

274

287

Port Mearnóg (F)

287

300

An Ros (F) 

328

346

Na Sceirí (F) 

367

381

Baile Brigín (G) 

332

348

Mullach Íde(G) 

364

379

Sord (H) 

355

370

Chun sonraí iomlána na dtorthaí agus na dtuarascálacha aonair a fháil, tabhair cuairt ar https://www.tidytowns.ie/.

 

Rush Tidy Towns