Comhthoghadh an Comhairleoir Brendan Ryan ar Chomhairle Contae Fhine Gall

Brendan Ryan

Comhthoghadh comhairleoir nua de chuid an Lucht Oibre go hoifigiúil ar Chomhairle Contae Fhine Gall inniu, mar gur líon an Comhairleoir Brendan Ryan an suíochán a fágadh folamh nuair a d’éirigh Seána Ó Rodaigh as. Déanfaidh an Comhairleoir Ryan ionadaíocht ar Thoghcheantar Áitiúil Bhaile Brigín.

Ba é a chomhghleacaí de chuid an Lucht Oibre an Comhairleoir Robert O’Donoghue a mhol an Comhairleoir Ryan agus chuidigh an Comhairleoir Mary McCamley leis sin.

Toghadh Seána Ó Rodaigh i 2019 agus d’fhóin sí mar Mhéara Fhine Gall ó 2021-22.

Cosúil lena réamhtheachtaí, tá cónaí ar an gComhairleoir Ryan sna Sceirí, agus, tar éis dó fónamh i Seanad Éireann ó 2007 go 2011, bhí sé ina TD ó 2011 go 2020.

Toghadh an Comhairleoir Ryan ar an gCoiste um Beartais Straitéiseacha um Fhorbairt Pobail, Oidhreachta, Cultúir agus Cruthaitheachta; Tascfhórsa Réigiúnach Drugaí agus Alcóil Bhaile Átha Cliath Thuaidh; Fóram Oidhreachta an Chontae; agus  Comhairle Na nÓg.