Conraitheoirí Ceaptha le haghaidh Bealach Coisithe agus Rothaíochta Bhóthar Harry Reynolds chun Baile Brigín a Nascadh le Chéile

Group of people gathered at conference table

D’fhógair Comhairle Contae Fhine Gall inniu go bhfuil Jons Civil Engineering ceaptha mar chonraitheoirí le haghaidh Bealach Coisithe agus Rothaíochta Bhóthar Harry Reynolds.

Cuirfidh Bealach Coisithe agus Rothaíochta Bhóthar Harry Reynolds nasc rothaíochta ar fáil idir Sráid Dhroichead Átha agus Bóthar Hamilton i mBaile Brigín. Freastalóidh an bealach ar 3 champas scoile ag Coláiste Pobail Ard Giolláin, Naomh Molaige agus Scoil Náisiúnta Le Chéile Bhaile Brigín, chomh maith le bealach sábháilte rothaíochta agus siúil chuig siopaí, áiseanna cúram leanaí agus taitneamhachtaí an phobail a chur ar fáil lena n-áirítear Páirc Linn an Mhuilinn agus Ionad Pobail Bhaile an Phléimeannaigh. Déanfaidh an bealach an Taisteal Gníomhach i mBaile Brigín níos sábháilte agus níos áisiúla, go mór mór do leanaí, do sheandaoine agus do rothaithe nach bhfuil mórán taithí acu.

Tar éis cur i gcrích próiseas an tsoláthair phoiblí, ceapadh Jons Civil Engineering mar chonraitheoir agus tosóidh siad go luath ar an obair thógála ar an bpríomhbhonneagar seo do Bhaile Brigín.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony: ‘Tá sé ríthábhachtach dúinn spásanna sábháilte a chur ar fáil do choisithe agus do rothaithe ionas fás inbhuanaithe a éascú do Bhaile Brigín agus is céim chun cinn fíor-dearfach é seo don bhaile go bhfuil an fhoireann ag ullmhú anois chun dul ar aghaidh go dtí céim tógála an tionscadal'.

Rinneadh an comhairliúchán poiblí ar an scéim agus tugadh cead pleanála di sa bhliain 2020. Ó shin i leith tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tabhairt faoi oibreacha ullmhúcháin lena n-áirítear imscrúdú na talún, athruithe ar scéim na plandála feadh an bhealaigh bheartaithe agus mionobair dheartha.

Harry Reynolds road pedestrian and cycle route map

D'fhonn taithí na siúlóide agus na rothaíochta i mBaile Brigín a fheabhsú, i measc na ngnéithe a mbaineann leis an mbealach, tá:

  • Raonta rothar agus cosáin scartha
  • Trasrianta coisithe nua, trasrianta síogacha, táblaí ardaithe agus bearta maolaithe eile na tráchta
  • Timpealláin ata báúil do choisithe agus do rothaithe
  • Uasghráduithe ar Acomhail Chomhartha Tráchta atá ann cheana féin feadh an bhealaigh
  • Cur forleathan na gcrann agus na bfálta sceach
  • Bearta um rothaíocht shábháilte agus um mhaolú na tráchta ag Coláiste Pobail Ard Giolláin agus ag Bunscoil Le Chéile na Raithíní

Sé a dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, ná: ‘Séard atá i gceist le Taisteal Gníomhach ná á dhéanamh níos sábháilte do gach éinne, beag beann ar an aois nó ar an soghluaisteacht acu, an siúl nó an rothaíocht a roghnú dóibh féin don turas áitiúil acu. Ba cheart go mbeadh sé éasca siúl nó dul an rothar ar scoil, chuig an leabharlann, chuig na siopaí áitiúla nó chuig ionad an phobail. Déanfaidh an bonneagar nua seo taithí níos taitneamhaí a bhaint as taisteal ar fud Bhaile Brigín agus beidh sé thar a bheith tábhachtach do leanaí na háite, atá in ann dul ar scoil gan charr, a scaradh go sábháilte ón mótarthrácht ar bhóthar a d’fhéadfadh a bheith an-ghnóthach.”

Dar le Oliver Dalton, Údarás Náisiúnta Iompair: ‘Tá an Taisteal Gníomhach ag déanamh athrú mór an tslí ina mbímid ag gluaiseacht agus is céim mhór chun tosaigh do Bhaile Brigín é bonneagar ar ardchaighdeáin mar an scéim seo a chur i bhfeidhm ar Bhóthar Harry Reynolds. Cuireann sé áthas orainn Comhairle Contae Fhine Gall a fheiceáil ag obair chun scoileanna, tithe agus na háiseanna eile ar fud an bhaile a cheangail le chéile le bealaí scartha na rothaíochta. Cuirfidh an bonneagar ar chumas an bhaile, atá fós ag fás, feidhmiú go héifeachtach sna blianta amach romhainn agus táimid ag tnúth anois le tús a chur go luath le céim na tógála.”

Tá an tionscadal ar aon dul le “Plean Athnuachana dár mBaile Brigín 2019-2025” de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall agus tacaíonn sé le dúthracht na Comhairle chun an pobal áitiúil a fheabhsú trí thionscnaimh an iompair inbhuanaithe. Tá an tionscadal maoinithe go hiomlán ag an Údarás Náisiúnta Iompair agus beidh sé mar chuid den oll-ghréasán rothaíochta i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath.

 

 

 

group of people at conference table