Cruinniú na nÓg 2020
![Cruinniú na nÓg](/sites/default/files/styles/user_defined/public/2020-06/cruinniu-na-nog.png?h=54d2b6e8&itok=sy0G-RBa)
Beidh Cruinniú na nÓg, lá cruthaitheachta do leanaí agus do dhaoine óga, ar siúl Dé Sathairn, an 13 Meitheamh 2020. Tá fáilte roimh leanaí agus daoine óga páirt a ghlacadh i raon d’imeachtaí agus ceardlanna a bheidh curtha ar siúl dóibh ag Comhairle Contae Fhine Gall.
Tá na himeachtaí go léir saor in aisce, leanbh-lárnaithe agus bunaithe ar ghníomhaíochtaí. Lá atá curtha ar leataobh le haghaidh an-chuid den ghníomhaíocht, den déantúsaíocht agus den chruthaíocht atá ann!
Mar gheall ar na srianta atá curtha i bhfeidhm faoi láthair mar gheall ar Covid-19, agus mar chuid den fheachtas #IsIonannAnCásDúinn atá curtha ar seol ag an Rialtas, beidh Cruinniú na nÓg á thionól ag Comhairle Contae Fhine Gall ar líne in 2020.
Dúirt an Méara, Eoghan O’Brien, “Tá an-áthas orm clár imeachtaí na bliana seo a fhógairt, agus áirithe ann ceardlanna ar líne, saor in aisce, sa chódú, sa ghrianghrafadóireacht, sna fótagraim, sa scéalaíocht, sa damhsa, san amhránaíocht, sna hamharcealaíona, sa ióga agus fiú ar conas an t-uachtar reoite a dhéanamh. Ní féidir an tábhacht atá i gceist agus an chruthaitheacht atá ag ár ndaoine óga á spreagadh againn a mheas faoina luach, go háirithe ag an am seo, agus táimid bródúil as an gclár imeachtaí atáthar chun cur i láthair lena ligfear dár ndaoine óga iad féin a chur in iúl agus ionadaíocht a dhéanamh orthu féin, rud a chothófar lena bhfolláine trí pháirt a bheith glactha acu i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha. "
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly “Tá ag éirí go hiontach le Cruinniú na nÓg i bhFine Gall le dhá bhliain anuas agus táimid bródúil as a bheith rannpháirteach arís i mbliana ag cur os cionn 25 ceardlann saor in aisce ar fáil ar líne do leanaí agus do dhaoine óga ar fud raon leathan de réimsí cruthaitheacha. Tá áthas orainn a bheith ag obair in éineacht le gairmithe Cruthaitheacha i ngach cearn den chontae atá ag cruthú na ndeiseanna seo do dhaoine óga chun lá iontach cruthaitheachta a dhéanamh as an tionscnamh seo. "
Dúirt Margaret Geraghty, an Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail, “Tá sé níos tábhachtaí fós, fiú, le linn na tréimhse seo, go ndéantar cinnte de go dtacaítear leis an gcruthaitheacht a atá ag ár ndaoine óga, agus go ndéantar í a spreagadh. I mbliana, tá clár leathan d’imeachtaí curtha ar siúl againn lena mbeifear ag freastal ar dhaoine ar gach uile aois agus lena ndéanfar sárthaispeántas den chruthaitheacht atá ag daoine óga ó gach cearn d’Fhine Gall, agus táimid ag iarraidh ar gach aon leanbh agus duine óg páirt a ghlacadh ann.”
Chun faisnéis a fháil ar na himeachtaí go léir a bheidh ar siúl i bhFine Gall i rith an lae, féach ar www.fingal.ie/events.
Tá go leor imeachtaí ag tarlú timpeall na tíre atá le haimsiú ar shuíomh gréasáin Éire Ildánach, lena n-áirítear ‘Céilí sa Chistin in éineacht le Teach Damhsa’, ‘Déan Eitleoig Duit Féin’, gan ach cúpla a lua. Féach ar cruinniu.creativeireland.gov.ie chun teacht ar na mionsonraí.
Tionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta is é Cruinniú na nÓg agus cuirtear i láthair é i gcomhpháirtíocht le RTÉ agus na hÚdaráis Áitiúla.
#ÉireIldánach #IsIonannAnCásDúinn