Cuimhní taifeadta agus béaloideas Fhine Gall le fiosrú ag iniúchadh mór

Tá cuimhní cinn, béaloideas, seanchas béil agus scéalta taifeadta Fhine Gall, arna dtaifeadadh ar chaiséid téipe, spól-go-spól nó i bhfoirm dhigiteach, á lorg mar chuid de thionscadal spreagúil nua a sheol Comhairle Contae Fhine Gall an tseachtain seo.  

Image of cassette tapes in a box

Tá cuimhní cinn, béaloideas, seanchas béil agus scéalta taifeadta Fhine Gall, arna dtaifeadadh ar chaiséid téipe, spól-go-spól nó i bhfoirm dhigiteach, á lorg mar chuid de thionscadal spreagúil nua a sheol Comhairle Contae Fhine Gall an tseachtain seo.   Oibreoidh an t-Iniúchadh ar Thaifeadtaí Oidhreachta Béil i gContae Fhine Gall, faoi stiúir Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Fhine Gall, Christine Baker, le grúpaí an phobail, le staraith, agus le bailitheoirí chun an chéad liosta cuimsitheach de thaifeadtaí na hoidhreachta béil a cuireadh le chéile d'fhonn na scéalta agus na gcuimhní cinn ar thréimhse eile i stair Fhine Gall a chaomhnú.

Beidh an t-iniúchadh faoi stiúir an Dr Tomás Mac Conmara, Stiúrthóir Mac Conmara Heritage Consulting, saineolaithe ceannródaíocha san oidhreacht chultúrtha a bhfuil iniúchtaí cosúla déanta acu i nDún na nGall, san Iarmhí, i nGaillimh, i gCill Chainnigh, i Maigh Eo agus i gCorcaigh. Ag labhairt dó agus an tionscadail á fhógairt aige, leag an Dr Mac Conmara, staraí béil mór le rá é féin, béim ar an tábhacht a bhaineann le gach aon taifeadadh ar leith a dhéantar chun cuimhní cinn éinne sa teaghlach a chaomhnú:

“Le blianta fada anuas, tá grúpaí an phobail agus na staire ar fud Fhine Gall an-ghníomhach agus iad ag déanamh a gcuid oidhreacht chultúrtha féin a dhoiciméadú agus a chaomhnú. Léiríonn an réamh-fhianaise gur chuid den doiciméadaíocht seo í an stair bhéil agus tugann sí le tuiscint go bhfuil acmhainn iontach na hoidhreachta béil ar fáil ar fud Fhine Gall, arna chur le chéile acu siúd a d’aithin an gá leis aa oidhreacht luachmhar seo a thaifeadeadh sula gcaillfear í. Cuireann sé an-áthas orainn a bheith ag obair leis na pobail i bhFine Gall chun cuidiú leis an ábhar atá fós le fáil amuigh ansin, guthanna agus cuimhní cinn ar leith ceantar Fine Gall, a aithint.”

Tomás Mac Conmara - Audit of Oral Heritage in East Galway

Chomh maith le hiniúchadh a dhéanamh ar bhailiúcháin na gcomhlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha, díreoidh an Tionscadal go háirithe ar bhailiúcháin phríobháideacha agus ar obair grúpaí an phobail agus eagraíochtaí éagsúla na hoidhreachta a bhí ar na cinn ba ghníomhaí maidir lenár n-oidhreacht a thaifeadadh , dar le hOifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Fhine Gall, Christine Baker:

“Léireoidh an t-iniúchadh seo ar bhailiúcháin na hoidhreachta béil an obair iontach atá déanta ag oibrithe deonacha, ag staraithe, ag scoláirí agus ag taighdeoirí de gach cineál ar fud Fhine Gall le blianta fada anuas. Cuirfidh sé acmhainn dochreidte ar fáil do na grúpaí seo ar fad agus don phobal i gcoitinne, ar fud an chontae agus níos faide i gcéin”, dúirt Christine. “Mar chuid den tionscadal, cuirfidh na comhairleoirí bunachar cuimsitheach na sonraí ar fáil a thaispeánfaidh na taifeadtaí atá ann cheana féin agus a chabhróidh le tosaíochtaí a aithint maidir le hobair an taifeadta amach anseo.   Tá a fhios agam ón obair againn go dtí seo i gcomhar le grúpaí oidhreachta Fhine Gall go mbeidh freagra an-dearfach ar an tionscnamh seo.  Tá an-taithí ag Mac Conmara Heritage sa réimse seo agus táimid ag súil go mór le bheith ag obair leo sna míonna amach romhainn ar an togra spreagúil seo,” a dúirt sí. 

Is cinnte go gcuirfdh críoch rathúil ar an iniúchta acmhainn shuntasach ar fáil do staraithe, do scoláirí, do chóras an oideachais agus don phobal i gcoitinne. Má tá aon eolas agat ar thaifeadtaí nó ar bhailiúcháin na oidhreachta béil ar ábhair,ar dhaoine nó ar áiteanna i gContae Fhine Gall, déan teagmháil le Mac Conmara Heritage Consulting ag: +353 86 2747230 nó trí rPhost ag [email protected] .  Críochnófar an t-iniúchadh i mí Dheireadh Fómhair na 2024 agus beidh sé ar fáil don phobal ar líne.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar Iniúchadh Fine Gall ar Thaifid na hOidhreachta Béal agus  ó:

 

  • Dr Tomás Mac Conmara: Mac Conmara Heritage Consulting: 087 9160373
  • Christine Baker – Comhairle Contae Fhine Gall: [email protected]  nó 086 778 4669

 

Heritage Council Logo