Cuireann Oifig Spóirt Fhine Gall cúrsa ar líne saor in aisce HomeFit Pilates Fhine Gall i láthair

Beidh Jayne ó Corehealth ag múineadh an chúrsa 4 seachtaine ag tosú ón gCéadaoin an 7 Aibreán ag 1in.

Tá Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall ag óstáil cúrsa Pilates ar líne saor in aisce i dteannta le sraith bheo Homefit Fhine Gall.

Beidh Jayne ó Corehealth ag múineadh an chúrsa 4 seachtaine ag tosú ón gCéadaoin an 7 Aibreán ag 1in.

Is cineál aclaíochta neamh-thionchar é Pilates a úsáideann gluaiseachtaí rialaithe chun staidiúir, neart agus solúbthacht a fheabhsú.

Níl aon taithí roimh ré riachtanach do na ranganna seo atá oiriúnach do dhaoine de gach aois agus leibhéal aclaíochta.

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Noel McManus, Oifigeach Forbartha Spóirt Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall ag [email protected]  agus más mian leat clárú is féidir leat é sin a dhéanamh ag http://bit.ly/HomeFit-Pilates.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Is iontach an rud é a fheiceáil go bhfuil Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall ag tairiscint clár aclaíochta eile ar líne do phobal Fhine Gall.

“Bhí na cláir ar líne seo riachtanach le cúpla mí anuas agus bhí siad chomh tábhachtach i ngnáthamh laethúil a lán daoine.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá folláine, spórt agus gníomhaíocht ríthábhachtach chun ár sláinte a chothabháil, agus tá sé an-dearfach a fheiceáil go leanfaidh an Oifig Spóirt ag freastal ar an bpobal tríd an gcúrsa Pilates seo a éascú.”

Dúirt Margaret Geraghty, Stiúrthóir Tithíochta agus Forbartha Pobail FCC: “Bhí an-tóir ar sheisiúin bheo HomeFit de chuid Oifig Spóirt Fhine Gall le linn na dianghlasála.

“Tabharfaidh an clár Pilates gníomhaíocht choirp eile den scoth do bhaill an phobail chun páirt a ghlacadh ann ón mbaile.”

Fingal Homefit pilates