Dúnann iarratais ó bhunscoileanna chun stáisiúin aimsire a óstáil Dé hAoine, 10 Meán Fómhair

Tá go dtí Dé hAaoine, 10 Meán Fómhair, ag bunscoileanna ar fud seacht Limistéar Toghcháin Áitiúla Chomhairle Contae Fhine Gall spéis a léiriú in óstáil ceann de na stáisiúin aimsire uathoibríocha atá á rolladh amach ar fud an chontae.

Ba chóir do scoileanna ar spéis leo stáisiún aimsire a bheith suiteáilte ríomhphost a sheoladh chuig kevin.val%6ce%6c%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected] roimh Dé hAoine, 10 Meán Fómhair.

 

Tabharfaidh suiteáil stáisiún aimsire uathoibríoch an deis do scoileanna cuidiú le heolas tábhachtach aimsire a bhailiú. Beidh an t-eolas a bhaileofar ó na stáisiúin aimsire le feiceáil ar Láithreán Gréasáin Breathnóireachtaí Aimsire Met Éireann, WOW-IE, agus soláthróidh sé sonraí aimsire fíor-ama. Tá an t-eolas seo ríthábhachtach chun cabhrú le meitéareolaithe réamhaisnéisí aimsire cruinne a tháirgeadh agus soláthróidh sé taifead de na dálaí aimsire is féidir le heolaithe aeráide Met Éireann a úsáid chun monatóireacht a dhéanamh ar athruithe san aeráid in Éirinn.  

 

Ag labhairt di faoin tionscadal, dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Seána O’Rodaigh: “Is tionscnamh iontach é seo mar tugann sé deis do leanaí cur lena gcuid eolais ar na príomhdhúshláin atá roimh an tsochaí sa lá atá inniu ann, agus cuidiú le taifid báistí níos mionsonraithe a sholáthar don chontae. Tá an t-eolas a bhailítear riachtanach chun cabhrú le Met Éireann monatóireacht a dhéanamh ar thaifid báisití don chontae, réamhaisnéisí aimsire cruinne a sholáthar agus monatóireacht a dhéanamh ar athruithe san aeráid. Mholfainn go mór do bhunscoileanna a bheith páirteach ann.”

 

Dúirt Innealtóir Feidhmiúcháin Chomhairle Contae Fhine Gall Kevin Vallely: “Teastaíonn uainn go nglacfaidh scoileanna ar fud an chontae páirt sa tionscnamh seo agus go gcabhróidh siad le heolas tábhachtach aimsire a bhailiú. Tá acmhainneacht mhór oideachais ag an tionscnamh seo mar foghlaimeoidh leanaí conas a úsáidtear na tomhais seo chun monatóireacht a dhéanamh ar shaincheisteanna lárnacha mar athrú aeráide agus tuilte. Tá an t-eolas thar a bheith úsáideach don OPW, Met Éireann agus do chodanna tuile Fhine Gall. Ba chóir do scoileanna a bhfuil spéis acu ann ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] roimh Dé hAoine, 10 Meán Fómhair.”

 

Is é seo an dara céim den tionscadal Stáisiúin Aimsire do Scoileanna, tar éis seoladh rathúil méadar báistí i Meitheamh 2021. Sheol an Leas-Mhéara ag an am, An Comhairleoir Robert O’Donoghue, an tionscnamh i Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile an Rois agus Lusca nuair a bhronn sé an chéad mhéadar báistí ar Rang a Trí. Tá an Chomhairle ag dáileadh méadair bháistí faoi láthair ar 100 bunscoil ar fud an chontae in am don scoilbhliain nua.  

 

Tá an tionscadal Stáisiúin Aimsire do Scoileanna ag fáil tacaíochta ó Chiste Nuálaíochta an Phríomhfheidhmeannaigh a bhunaigh Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, níos luaithe i mbliana.

 

“Éascaíonn an Ciste Nuálaíochta baill foirne chun smaointe nuálacha a chur isteach a fhéadann luach níos mó a thabhairt don Chomhairle, tacú le bealaí nua oibre agus tionchar dearfach a chruthú do sheirbhísí poiblí. Seoladh é i mí Eanáir agus bhí 14 iarratas ann ónar roghnaíodh ceithre thionscadal ina dhiaidh sin le maoiniú i mbliana. Is é seo an chéad cheann de na ceithre thionscadal a seoladh agus, chomh maith le heolas luachmhar a sholáthar, cuideoidh an próiseas bailiúcháin sonraí ag múinteoirí agus daltaí le meas a chur chun cinn maidir leis na dúshláin i leith timthriall uisce agus athrú aeráide atá os comhair an phobail,” a dúirt Iníon Farrelly.

 

Kevin Vallely holding weather station