Eisíodh Réamhfhógraí Rabhaidh do Gach Trá i bhFine Gall

Eisíodh Réamhfhógraí Rabhaidh do Gach Uisce Snámha Aitheanta i bhFine Gall go ceann 6-7 lá mar gheall ar an mbáisteach throm atá tuartha agus Fógra Toirmisc Ná Snámh sínithe ag Trá an Sruthán, Port Reachrann

Cuirtear in iúl do shnámhaithe an fhéidearthacht go dtiocfaidh méadú ar leibhéil na mbaictéar san uisce snámha sna laethanta amach romhainn mar gheall ar bháisteach an-trom.

Is féidir le teagmhais bháisteach throm réamh-thuartha a bheith ina gcúis le meath ar cháilíocht an uisce in uiscí snámha. Tá ceangal ar Údaráis Áitiúla Rabhaidh Snámha FSS a chur i bhfeidhm chun sábháilteacht an phobail a chinntiú. D’eisigh Met Éireann rabhadh báistí buí do Bhaile Átha Cliath inné (Déardaoin 3/8/23) don tréimhse 6in Dé hAoine 4/8/2023 go 1in Dé Sathairn 5/8/2023.

D’fhéadfadh baol a bheith ann go dtiocfaidh meath ar cháilíocht an uisce i dteagmhais dá leithéid agus chuathas i gcomhairle le FSS tar éis an Rabhaidh seo ar an 3ú Lúnasa, 2023 maidir le réamhrabhaidh a eisiúint do na tránna seo a leanas (gan fógra reatha); An Trá Theas, Na Sceirí, Loch Sionnaigh, An Ros Thuaidh, An Ros Theas, Trá Bhaile Carraige, Domhnach Bat, An Trá Mhín, Port Mhearnóg, Trá an Choinicéir, Cill Fhionntain agus Trá Claremont agus uisce snámha neamhaitheanta ag Mullach Íde.

Tá Comhairleach Uile-Séasúir ann cheana féin ag an Trá Thosaigh, Baile Brigín agus Fógra Toirmisc reatha ag Trá an tSrutháin, Port Reachrann.

Tá athshamplaí socraithe.

Please see advice on the 48 hour rule with regard to swimming https://www.beaches.ie/protect-your-health-with-the-48.../

Is féidir le héinne den phobal cáilíocht an uisce ag aon cheann de na limistéir snámha a ndéantar monatóireacht orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré ar shuíomh Gréasáin an EPA ag www.beaches.ie  nó trí fhéachaint ar clár na bhfógraí ag an mbealach isteach ar gach trá.

Chun míniú a fháil ar na caighdeáin a úsáidtear le haghaidh torthaí uisce snámha a thuairisciú, féach ar https://www.fingal.ie/ga/monatoireacht-ar-chailiocht-uisce-snamha-ceist…

 

Le haghaidh tuilleadh eolais ar thránna agus uisce snámha féach Tránna agus Uisce Snámha

Chun eolas a fháil ar Ghardaí Tarrthála na seachtaine seo féach Soláthar Garda Tarrthála