​​​​​​​FAn Fhéile Am Scríbhneoireachta de chuid Leabharlanna Fhine Gall – Meán Fómhair 2021

Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, an fhéile Am Scríbhneoireachta de chuid Leabharlanna Fhine Gall ag Leabharlann an Rois ar an Máirt, an 31 Lúnasa.

The Write Time

Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, an fhéile Am Scríbhneoireachta de chuid Leabharlanna Fhine Gall ag Leabharlann an Rois ar an Máirt, an 31 Lúnasa.

Seo é an séú féile bhliantúil Am Scríbhneoireachta atá eagraithe ag Leabharlanna Fhine Gall chun comóradh a dhéanamh ar an bhfocal scríofa agus an focal labhartha i bhFine Gall. Féile go hiomlán ar líne a bheidh i bhféile na bliana seo. Beidh cainteanna agus ceardlanna do leanaí agus do dhaoine fásta ar fáil ar chainéal YouTube de chuid Leabharlanna Fhine Gall agus uaslódálfar iad ar ár n-ardáin meán sóisialta i rith mhí Mheán Fómhair.

Dúirt an Méara, an Comhairleoir Ó Rodaigh “ Tá ríméad orm a fheiceáil go bhfuil réimse gníomhaíochtaí den sórt sin ag déanamh comóradh ar an bhfocal scríofa agus an focal labhartha i rith mhí Mheán Fómhair i bhFine Gall. Tá rud éigin do gach duine ann chun an tsamhlaíocht a mhúscailt agus cruthaitheacht a spreagadh. Mholfainn do dhaoine de gach aois páirt a ghlacadh i bhféile a bheidh spraíúil agus cuimsitheach.”

Dúirt Stiúrthóir Seirbhísí Emer O’Gorman “Tugann an fhéile Am Scríbhneoireachta deis do scríbhneoirí de gach aois foghlaim ó chleachtóirí na ceirde – scríbhneoirí agus éascaitheoirí a bhfuil ag éirí go maith leo ina séanraí féin. Mar sin cé acu thú, duine a scríobhann mar chaitheamh aimsire nó duine ar mian leat do chuid oibre a bheith foilsithe, bainfidh tú leas as na cainteanna seo i Leabharlanna Fhine Gall”.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Leabharlannaí Contae Fhine Gall, Betty Boardman, "Beidh an séú féile Am Scríbhneoireachta de chuid Leabharlanna Fhine Gall difriúil i mbliana. Mar gheall ar COVID-19, ní féidir linn fáilte a chur roimh lucht féachana, ach is féidir le daoine fós tairbhe a bhaint as ceardlanna, cainteanna agus imeachtaí eile ina dtithe féin ar YouTube agus ar ár gcainéil meán sóisialta. Má tá fonn cruthaitheachta ort agus is mian leat tús a chur le gearrscéal, cuimhní pearsanta nó úrscéal fiú, is áit iontach í seo le tosú."

Mar chuid de chlár na bliana seo, beidh imeacht agallaimh ar siúl ina mbeidh scríbhneoir, iriseoir agus craoltóir Éireannach Edel Coffey i mbun comhrá le scríbhneoir ábhar taistil cáiliúil Manchán Magan. Cuirfidh Anne McDonald cúrsa scríbhneoireachta cruthaithí 4-seachtaine ar fáil do dhaoine fásta agus cuirfidh Orlaith O’Sullivan cúrsa scríbhneoireachta cruthaithí ar fáil ar mhaithe le folláine déagóirí. Cuirfidh na scríbhneoirí do leanaí a bhfuil duaiseanna buaite acu, Shane Hegarty, Jackie Burke & Lucinda Jacob, físeáin ar líne ar fáil do leanaí chun iad a spreagadh agus le gcuirfidh siad spéis sa léitheoireacht.
Féach  data=04|01|[email protected]
|c9ac04c20f6e4e8898d008d96ca2ed37|72dcfc23757145948154afe2c0bdea98|0|0|637660269331407378|Unknown|TWFpbGZsb3d8eyJWIjoiMC4wLjAwMDAiLCJQIjoiV2luMzIiLCJBTiI6Ik1haWwiLCJXVCI6Mn0=|1000&sdata=1L5VWxIMHIXgOlp+0OCACqs057JiwGMeUzg6ZDXTDaE=&reserved=0">www.fingal.ie/fingallibraries

Lean muid ar Facebook, Instagram @librariesfingal agus Twitter @fingallibraries agus cláraigh le cainéal YouTube Leabharlanna Fhine Gall. Blag leabharlann Fhine Gall  data=04|01|[email protected] |c9ac04c20f6e4e8898d008d96ca2ed37|72dcfc23757145948154afe2c0bdea98|0|0|637660269331467116|Unknown|TWFpbGZsb3d8eyJWIjoiMC4wLjAwMDAiLCJQIjoiV2luMzIiLCJBTiI6Ik1haWwiLCJXVCI6Mn0=|1000&sdata=KuQqQnMGn6CTOE5YGSBl1jc7kak+O65mmuxWEDRcUDk=&reserved=0">http://www.fingal.ie/fingal-libraries-blog

 

The Write Time 1
The Write Time 2