Fógra sealadach “Ná Snámh” ardaithe ó Thrá Bhaile Brigín

balbriggan beach

Tabhair le fios le do thoil go bhfuil an fógra sealadach “Ná Snámh” bainte ó Thrá Bhaile Brigín. Fuarthas torthaí na hanailíse saotharlainne inniu ar shamplaí a tógadh an 10 Lúnasa agus mar thoradh ar filleadh ar stádas “maith” baineadh an fógra Ná Snámh a eisíodh.

Tógfar sampla uisce farraige amárach, an 13 Lúnasa agus beidh torthaí na hanailíse saotharlainne ar fáil an 15 Lúnasa.

Is féidir le baill an phobail cáilíocht an uisce ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar monatóireacht orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré trí rochtain a fháil ar láithreán gréasáin an EPA ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí ag an mbealach isteach chuig gach trá a sheiceáil.

Léigh na Ceisteanna Coitianta maidir le Monatóireacht ar Cháilíocht Uisce Snámha anseo