Fógrófar Gradaim i mBainistíocht Oibrithe Deonacha Fhine Gall ag Searmanas Fíorúil

Tá ríméad ar Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall agus Ionad Oibrithe Deonacha Fhine Gall a fhógairt go mbeidh Searmanas Bronnta na nGradam i mBainistíocht Oibrithe Deonacha Fhine Gall ar siúl ar Zoom an 17 Nollaig.

Fingal Managing Volunteers Award Logo

Tá ríméad ar Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall agus Ionad Oibrithe Deonacha Fhine Gall a fhógairt go mbeidh Searmanas Bronnta na nGradam i mBainistíocht Oibrithe Deonacha Fhine Gall ar siúl ar Zoom an 17 Nollaig. Leagfaidh na Gradaim béim ar dheachleachtas maidir le bainistíocht oibrithe deonacha in eagraíochtaí pobail agus deonacha ar fud Fhine Gall a chur chun cinn. Sheol Ionad Oibrithe Deonacha Fhine Gall agus Comhairle Contae Fhine Gall na gradaim in 2011. Mar chuid den searmanas bronnta, tabharfaidh Méara Fhine Gall an Clr. David Healy aitheasc. Taifeadfar é agus cuirfear ar fáil é lena fheiceáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall.

Tá sé beartaithe go dtabharfaidh na Gradaim aitheantas do ghrúpaí a d'imir ról suntasach, trína dtiomantas do ghníomhaíochtaí deonacha agus pobail, maidir le feabhas a chur ar chaighdeán na beatha atá ag a bpobail ar fud Fhine Gall. Tá stair fhada ag Éirinn ó thaobh obair dheonach a dhéanamh. De réir na sonraí is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh, déanann os cionn 1 milliún duine in Éirinn obair dheonach, arb ionann é sin agus ceathrú den daonra fásta. Obair fhoirmeálta agus neamhfhoirmeálta a bhíonn i gceist le hobair dheonach. Déanann na Gradaim i mBainistíocht Oibrithe Deonacha cinnte de go mbíonn córais mhaithe ag grúpaí ar mian leo páirt a thabhairt d'oibrithe deonacha ina gcuid oibre, nó a thugann páirt dóibh cheana féin, chun oibrithe deonacha a bhainistiú, agus gur áit shábháilte atá ann le hobair dheonach a dhéanamh. Ar an mbealach sin, cosnaítear úsáideoirí na seirbhíse agus na hoibrithe deonacha.

Ag labhairt dó faoi na Gradaim, dúirt Méara Fhine Gall an Clr. David Healy: "I mo cháil mar Mhéara Fhine Gall, táim ag tnúth le caint a thabhairt ag Gradaim i mBainistíocht Oibrithe Deonacha Fhine Gall 2020. Le linn na paindéime i mbliana, bhí léiriú ar cé chomh toilteanach is atá muintir na hÉireann obair dheonach a dhéanamh agus cúnamh a thabhairt i rith géarchéime. Ó Mhárta 2020, chláraigh na deicheanna míle oibrí deonach ar fud na tíre chun cúnamh a thabhairt le linn COVID-19 agus molaim iad as an obair iontach a rinne siad agus, go tábhachtach, molaim na heagraíochtaí a thacaíonn leis na hoibrithe deonacha sin agus a bhainistíonn iad."

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: "Tá spiorad iontach saorálaíochais le feiceáil i bhFine Gall agus ba mhian liom buíochas a ghlacadh leis na hoibrithe deonacha as an tsárobair atá á déanamh acu ina bpobal. Ba mhaith liom freisin an deis seo a thapú chun Ionad Oibrithe Deonacha Fhine Gall a mholadh as an obair iontach atá déanta acu le 10 mbliana anuas chun tacú le hobair dheonach i bhFine Gall."

Is eagraíocht charthanachta neamhspleách é Ionad Oibrithe Deonacha Fhine Gall a oibríonn le hoibrithe deonacha agus le heagraíochtaí a bhfuil oibrithe deonacha páirteach iontu agus tá sé ar an bhfód 10 mbliana anois. Ritheann sé clár atá cuimsitheach go sóisialta, an Clár um Oibrithe Deonacha d'Imeachtaí, lena dtugtar páirt d'oibrithe deonacha in imeachtaí aon uaire i bhFine Gall. Is ionad ilfhreastail é Ionad Oibrithe Deonacha Fhine Gall a fhaigheann tacaíocht ó Chomhairle Contae Fhine Gall. Gheobhaidh tú an tacaíocht ar fad a dteastaíonn uait ann, is cuma cé acu an duine thú ar mian leat cabhrú nó an eagraíocht thú atá sa tóir ar oibrithe deonacha. Le haghaidh tuilleadh eolais féach www.volunteerfingal.ie

Taifeadfar an t-imeacht agus beidh buaicphointí ón imeacht ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall agus scaipfear iad ar na meáin shóisialta.