Gradam Cónaitheacht Priontáil na Mínealaíne de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall agus Graphic Studio 2024

Mar chuid dá ghealltanas leanúnach d’ealaíontóirí gairmiúla, tá an Oifig Ealaíon de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhar le Graphic Studio Dublin, ag tairiscint dhá chónaitheacht i gcló na mínealaíne.

Aoife Ward with Michele Hertherington Graphic Studio

Is mór an t-áthas a chuireann sé ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall Gradam Chónaitheacht Priontáil na Mhínealaíne de chuid Graphic Studio Baile Átha Cliath a fhógairt. Mar chuid dá ghealltanas leanúnach d’ealaíontóirí gairmiúla, tá an Oifig Ealaíon de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhar le Graphic Studio Dublin, ag tairiscint dhá chónaitheacht i gcló na mínealaíne. Tá na cónaitheachtaí seo ar oscailt d’ealaíontóirí gairmiúla ag gach céim dá ngairmeacha beatha, atá ag obair in aon disciplín, ar spéis leo próisis chlóite a fhiosrú.

Cuirfidh gach cónaitheachtaí coicíse sár-thimpeallacht ar fáil le haghaidh tionscadal cruthaitheach a fhorbairt i ndéanamh na bpriontaí agus tabharfaidh siad deis líonraithe le healaíontóirí eile. Oibreoidh na healaíontóirí a roghnófar le Máistir Priontálaí agus le foireann gairmiúl na priontála chun sraith priontaí ar eagrán teoranta a tháirgeadh. Cuirfear cruthúnais na n-ealaíontóirí isteach i mBailiúchán Ealaíne Bardasach Chomhairle Contae Fhine Gall. Beidh an chónaitheacht ar siúl ó mhí Samhain na bliana 2024, ar dháta arna chomhaontú leis na hiarrthóirí rathúla.

Lena bheith i dteideal iarratas a dhéanamh, ní mór gur rugadh an t-iarrthóir i limistéar riaracháin Fhine Gall nó go ndearna sé staidéar ann nó go bhfuil cónaí air ann faoi láthair . Caithfidh an t-iarrthóir a bheith ina ealaíontóir gairmiúil ag céim ar bith den ghairmré aige agus spéis aige i ndéanamh na bpriontaí. Ní riachtanach é go mbeadh aon taithí aige ar dhéanamh na bprionta.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh gur “deis iontach í Gradam Cónaitheacht Priontáil na Mínealaíne de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall agus Graphic Studio 2024 d’ealaíontóirí gairmiúla ag aon chéim den ghairmré acu chun iniúchadh a dhéanamh ar dhéanamh na bpriontaí faoi threoir Máistir Déantóir Priontála.”

Dar le AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, “Cuireann sé áthas mór orainn dul i mbun oibre i gcomhar le  Graphic Studios Baile Átha Cliath chun tacaíocht a thabhairt d'healaíontóirí gairmiúla agus do leathnú profaí na n-ealaíontói de chuid Bhailiúchán Ealaíne Bardasach Chomhairle Contae Fhine Gall ag deireadh na cónaitheachta.”

Dúirt Oifigeach Ealaíon an Chontae, Sarah O’Neill, “Baineann Comhairle Contae Fhine Gall bród as tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí gairmiúla a rugadh, nó atá i ndiaidh staidéar a dhéanamh, nó a bhfuil cónaí orthu faoi láthair i bhFine Gall. Cuireann na cónaitheachtaí seo ar a gcumas a gcleachtas a leathnú i dtimpeallacht agus i bpobal thacúil.”

Deir Derval Carroll, duine iad siúd a fuair gradam seo na cónaitheachta sa bhliain 2023, i leith cuid ama ag Graphic Studios, Baile Átha Cliath “B'iontach é rochtain a fháil ar an trealamh a bhí ar fáil sa Stiúideo agus, níos tábhachtaí fós, ar eolas agus ar thaithí na n-ealaíontóirí go léir ar bhuail mé leo ann. Bhí mo mheantóir thar cionn ag freagairt na míle mílte ceist agam agus lig sé dom dom teicníochtaí agus turgnaimh éagsúla a thriail, gach ceann acu le foighne, le spreagadh agus le díograis.”

Ba cheart d'aonealaíontóir ar mian leis a bheith san áireamh iarratas a dhéanamh tríd an bhfoirm iarratais a chríochnú ar shuíomh Gréasáin Graphic Studios Dublin ag  www.graphicstudiodublin.com 

Sé Déardaoin an 25 Iúil ag 4.00in an spriocdáta le haghaidh iarratas a ghlacadh. Tá tuilleadh eolais le fáil ó Graphic Studio Baile Átha Cliath trí rPhost ag [email protected] . 

Faisnéis Bhreise  

Tar éis gairmré rathúil aici i bhforbairt an ghnó ar feadh 20 bliain, rinne Deval Carroll cúrsa punainne ag Coláiste Breisoideachais Luimnigh d’fhonn an paisean fadsaoil aici san ealaín a leanúint. Ina dhiaidh sin, bhain sí céim Chéad Onóracha amach i bPéinteáil na Mhínealaíne ó Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh sa bhliain 2020.

Ag cur síos uirthi féin mar chleachtóir ildisciplíneach, déanann sí a cuid iobre tríd an bpéinteáil, trí na meáin dhigiteacha agus trí dhéanamh na bpriontaí. Oibríonn sí den chuid is mó i Luimneach faoi láthair, áit a bhfuil cónaí uirthi, ach tá go leor ceangail aici le Baile Átha Cliath áit ar thug sí faoi Chónaitheacht Fhine Gall le Graphic Studio Dublin chun a tuiscint ar chleachtais déanamh na bpriontaí a mhéadú agus a dhoimhniú.

Creidmheas íomhá: An t-ealaíontóir Derval Carroll ag obair i Graphic Studios, Baile Átha Cliath. Íomhá le caoinchead ó Graphic Studios, Baile Átha Cliath

Maidir le Graphic Studio Baile Átha Cliath      

Bunaíodh Graphic Studio Baile Átha Cliath sa bhliain 1960 d'fhonn an próiseas chun dul i ngleic le meán na priontaí le haghaidh smaointe na healaíne a chur in iúl a éascú, agus chun forbairt cleachtas rathúil na hoibre a éascú d’ealaíontóirí trí gach céim den ghairmré acu.

Cuirimid áiseanna déanamh na bpriontaí agus cúnamh teicniúil ar fáil i dtimpeallacht thacúil na hoibre, agus múinimid na scileanna a theastaíonn, chun cur ar chumas an ealaíontóra cleachtais rathúla na hoibre a fhorbairt, agus chun dul i ngleic leis na meáin chlóite le haghaidh cleachtais reatha na healaíne a leathnú.

Éascaíonn Graphic Studio Dublin na teicníochtaí priontála seo a leanas: Eitseáil, líonóilghearradh, pointe tirim, carborundum, bloc adhmaid, uisceadán, intaglio grianghraf, cabhradh dall, collagrafaíocht, preas litreach, meisitint, agus cló scáileáin. Is lárchuid dár n-éiteas í cúnamh teicniúil agus oideachas a chur ar fáil do phobail cleachtais na n-ealaíontóirí i dteicnící déanamh na bpriontaí thuasluaite..   

www.fingalarts.ie         www.fingal.ie/arts              www.graphicstudiodublin.com