Imirt den scoth ag an gCorn Ómóis

Respect Cup

Ghlac cúig scoil déag ó cheantar Bhaile Átha Cliath 15 páirt i gCorn Ómóis Futsal na mBunscoileanna de chuid FAI/Chomhairle Contae Fhine Gall i Lárionad Spóirt na Coirre Duibhe Dé Céadaoin an 23 Deireadh Fómhair.

 

Bhain 26 foireann agus beagnach 300 imreoir taitneamh as taispeántas iontach futsal na scoileanna.

 

Rinne Oifigigh Forbartha FAI/Chomhairle Contae Fhine Gall Paul Breen agus Jamie Wilson comhordú chomh maith ar an ngné 'Showed Racism the Red Card' i dtaispeántas an tráthnóna.

 

Chonacthas cúil iontacha in gcomórtas na gcailíní nuair a fuair buaiteoirí Ghrúpa a hAon SN Naomh Pádraig an ceann is fearr ar bhuaiteoirí Ghrúpa 2 SN Chaisleán Cnucha. Ba iad Naomh Proinsias Xavier agus Scoil Ghráinne a fuair an dara háit i dtaispeántas a bhí thar a bheith sciliúil.

 

Bhí an cluiche cinniúnach comhdhéanta de buachaillí Naomh Proinsias Xavier agus Scoil Ghráinne tar éis don dá fhoireann a gcuid cluichí leathcheannais a bhuachan i gcoinne Scoil Mhuire, Máthair ár nDóchais agus SN Naomh Pádraig, Caisleán Cnucha faoi seach. Bhí an bua ag Scoil Ghráinne sa deireadh le scór 1-0 i gcomórtas a bhí thar a bheith cothrom.

 

Ba iad buaiteoirí an Chomórtais Ealaíne agus duais €100 a bhí urraithe ag Safer Blanchardstown ná San Proinsias Assisi as píosa den scoth a léirigh an téama 'Ómós' ar bhealach cruthaitheach! Comhghairdeas leis an Scoil as éacht ollmhór.

 

Gabhaim buíochas mór leis na daoine seo a leanas. Murach iad ní bheadh na cluichí againn agus léiríonn sé an tacaíocht agus an comhoibriú mór atá le fáil i measc an phobail:

 

  • Comhordaitheoirí an FAI Paul BREEN agus Jamie WILSON
  • Ionad Spóirt na Coirre Duibhe as a gcuid áiseanna a chur ar fáil dúinn inniu
  • Safer Blanchardstown as urraíocht a dhéanamh ar an Duais Ealaíne
  • Denis Hyland, Martin Doyle agus daltaí na hIdirbhliana ó Chúrsa Idirbhliana FAI Fhine Gall as réiteoireacht agus comhordú a dhéanamh ar bhealach éifeachtach agus tráthúil.
  • Club Peile na Coirre Duibhe as na cuaillí breise a sholáthar, rud a chinntigh go raibh muid in ann freastal ar na foirne inniu agus cluichí breise a imirt.
  • Na múinteoirí agus na 300 imreoir a bhí páirteach inniu
  • Scoileanna FAI agus Roinn Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall as tacú leis an ócáid iontach seo

Chuir Príomh-Oifigeach Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall, Marion Brown a buíochas in iúl do gach duine a chabhraigh chun an ócáid seo a chur chun cinn, go háirithe do na scoileanna agus do na daltaí a ghlac páirt sa lá.  Tá ócáidí mar iad seo a bhaineann leas as spórt agus as ealaín chun an teachtaireacht maidir le hómós agus frithchiníochas a chur in iúl thar a bheith tábhachtach. 

 

Liosta na scoileanna a bhí rannpháirteach: Pobalscoil Náisiúnta Choilm, Scoil Proinsias Xavier Naofa, SN Naomh Ciaráin, Scoil Ghráinne, Gaelscoil an Chuilinn, SN Pádraig Naofa, SN Chúirt an Phaoraigh Ag Foghlaim le Chéile, SN Pháirc Hans ag Foghlaim le Chéile, SNS Naomh Philib, SN Naomh Pádraig, Scoil Mhuire, Máthair ár nDóchais, Scoil Bhríde Cailíní, Scoil Bhríde Buachaillí, SN Teach Chainnigh Ag Foghlaim le Chéile, Sráidbhaile Ongar, SN Bhaile an Tirialaigh.

 

CRÍOCH

Le haghaidh tuilleadh eolais seol ríomhphost chuig [email protected]

 

Ceannteideal Grianghraf: Rannpháirtithe sa Chorn Ómóis.