Lá Idirnáisiúnta na mBan 2022: Teachtaireacht ó AnnMarie Farrelly Príomhfheidhmeannach

AnnMarie Farrelly

Fáilte go Lá Idirnáisiúnta na mBan. Tugann an lá seo a chur ar siúl gach bliain an deis dúinn éachtaí ban ó gach cúlra a cheiliúradh - bíodh sin sna gairmeacha beatha a roghnaigh siad nó san obair a dhéanann siad dá bpobail nó dá dteaghlaigh.

Agus aghaidh á tabhairt againn le dhá bhliain anuas i rith phaindéim Covid-19, tá feicthe againn go pearsanta an rannchuidiú ollmhór a thug mná ar an túslíne agus iad siúd a thug tús áite go comhsheasmhach do riachtanais daoine eile agus a chinntigh gur leanadh le seirbhís a sholáthar i measc iliomad limistéar, an rialtas áitiúil, gnó, cúram sláinte, oibriú go deonach, obair phobail agus miondíol. Is iomaí rud atá i gceist le héacht agus ní bhronntar gradaim agus dámhachtainí poiblí ar dhaoine i gcónaí i ndiaidh dóibh iad a bhaint amach agus sin an fáth go bhfuil lá cosúil leis seo chomh tábhachtach i dtaobh an phróifíl a ardú agus obair bhan a aithint.

Is é an téama do Lá Idirnáisiúnta na mBan i mbliana #BreakTheBias agus spreagtar sinn cur in aghaidh steiréitíopaí, domhan a shamhlú ina ndéantar éagsúlacht a cheiliúradh agus le héagsúlacht agus uileghabhálacht a shaothrú. Ó pheirspictíocht phearsanta, tá an-bhród orm bheith ar an gcéad Phríomhfheidhmeannach baineann ar údarás áitiúil atá chomh beoga agus chomh héagsúil. Rinne foireann láidir iomlán 729 bean ionadaíocht mhaith dúinn i róil éagsúla ar fud na heagraíochta. Anuas air sin, tá 14 chomhairleoir bhaineanna ann a dhéanann ionadaíocht dá dtoghthóirí i gComhairle Contae Fhine Gall agus a dhéanann comhionannas inscne a chur chun cinn agus a thacaíonn le rannpháirtíocht ban sa pholaitíocht go náisiúnta agus go háitiúil trína gcuid oibre le Cácas Ban Chomhairle Contae Fhine Gall.

Le Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh i mbliana, tabharfaidh Comhairle Contae Fhine Gall éachtaí na mban chun solais trí chlár spreagúil imeachtaí atá á gcoimeád ag an Oifig Pobail agus Spóirt sna laethanta amach romhainn. Tá gliondar croí orm a bheith ag freastal ar an imeacht ‘Las Solas do Mhná’ (Shine a Light for Women@ ag Páirc na Mílaoise, Baile Átha Cliath 1 um thráthnóna, ina mbeidh searmanas cuir crann, siúlóid agus imeachta lasta solas ar siúl le claonadh inscne agus saincheisteanna sábháilteachta i measc ban a thabhairt chun solais.

Tugaim cuireadh duit á gcainéil mheán sóisialta @fingalcoco a leanúint chun teacht ar nuashonruithe, sonraí faoi imeachtaí agus ábhar spreagúil ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Cibé acu má bheith an lá á chaitheamh agat le comhghleacaithe, cairde nó le daoine muinteartha, guím Lá Idirnáisiúnta na mBan 2022 sona daoibh go léir. 

 

AnnMarie Farrelly

Príomhfheidhmeannach