Lá na hAfraice 2024 le ceiliúradh ar fud Fhine Gall

I mbliana tá Foireann Lánpháirtíochta Fhine Gall in éineacht leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha / Cúnamh Éireann ag tacú le ceithre ghrúpa chun imeachtaí a óstáil chun Lá Afraice Fhine Gall 2024 a cheiliúradh ar 25 Bealtaine

Africa Day Drumming image.PNG

Is éard atá i gceist le Lá na hAfraice ná ceiliúradh bliantúil domhanda ar mhuintir, cultúir, agus chumais ilchríoch na hAfraice a bheidh ar siúl Dé Sathairn 25ú Bealtaine 2024.  I mbliana tá Foireann Lánpháirtíochta Fhine Gall in éineacht leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha / Cúnamh Éireann ag tacú le ceithre ghrúpa chun imeachtaí a óstáil chun Lá Afraice Fhine Gall 2024 a cheiliúradh.  Is deis iad na himeachtaí seo do dhaoine chun teacht le chéile chun ilghnéitheacht na hAfraice a cheiliúradh, agus áirítear leo cultúr comhaimseartha Afracach-Éireannach, chomh maith le laethanta spraoi teaghlaigh, faisean, ealaín, ceol, damhsa, agus imeachtaí bia. Beidh na himeachtaí ar siúl in áiteanna éagsúla ar fud Fhine Gall.

Reáchtálfaidh Líonra Abhcóideachta Afracach na hÉireann lá spraoi don teaghlach le ceol, bia na hAfraice, damhsa traidisiúnta.  Beidh searmanas bronnta ar siúl chun eiseamláirí a cheiliúradh laistigh den phobal Afracach a dtugann a rannpháirtíocht íomha dhearfach do shochaí na hÉireann. Beidh an imeacht ar siúl in Ionad Acmhainní Pobail na Coirre Duibhe, Baile Átha Cliath 15 ó 15:00 go 19:00.

Cuirfidh Pobal Afracach Bhaile Brigín filíocht, ceol, bia, agus feisteas traidisiúnta na hAfraice os comhair an phobail. Áireofar leis an imeacht freisin léirithe beo ó dhaoine óga agus cur i láthair ag beirt Cainteoirí Spreagúla Óige ar a dTaithí Saoil.  Beidh an imeacht seo ar siúl in Ionad Pobail Bhaile an Phléimeannaigh, Baile Brigín ó 13:00 go 17:30.   

Balbriggan Africa Day 2024.png

Déanfaidh Comhairle Pobail Lusca agus Eaglais Shlánaithe Lusca ceiliúradh ar “Ghuthanna Afracacha na hÉireann” le Taispeántas Cultúir na hAfraice, Ceol, Amhránaíocht, Damhsa, agus podchraoladh ar Ghuthanna Afracacha na hÉireann in Ionad Cultúrtha Lusca ó 12:00 go 17:00.

Reáchtálfaidh Líonra Eitneach Fhine Gall (FEN) imeacht chun Lá na hAfraice a cheiliúradh in Ionad Pobail Bhaile an Bhlácaigh ó 14:00 go 17:00. Cuirfidh an imeacht cultúir éagsúla i láthair trí cheol, bia, damhsa, agus pléanna.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy ‘Tabharfaidh an raon imeachtaí a bheidh ag tarlú ar fud an chontae deis do gach duine i bhFine Gall a bheith páirteach i gceiliúradh Lá na hAfraice 2024 agus i gcultúir dhúchais a gcomharsan agus a gcairde sa phobal Afracach i bhFine Gall.’

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly ‘Tá fíoráthas orainn i gComhairle Contae Fhine Gall trínár bhFoireann Forbartha Pobail agus Lánpháirtíochta, tacú arís le Lá na hAfraice i bhFine Gall, ceiliúradh cultúrtha bríomhar agus ilghnéitheach i gcónaí.’

Dúirt Naomi Weir, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Rannán Forbartha Pobail, Comhairle Contae Fhine Gall “Is rud fíorthábhachtach é cur chun cinn an chuimsithe shóisialta agus na lánpháirtíochta a léiríonn obair ár bhFoireann Forbartha Pobail i rith na bliana agus iad ag obair chun pobail inbhuanaithe agus ionchuimsitheacha a chumhachtú agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Tugann tionscnaimh ar nós Lá na hAfraice deis luachmhar chun páirt níos mó a ghlacadh i gcultúir dhúchais ár n-iliomad pobal Afracach atá ina gcónaí i bhFhine Gall agus iad a cheiliúradh.”

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Lá na hAfraice agus na himeachtaí go léir ar fud an chontae, tabhair cuairt air:

Africa Day Lusk 2024
Africa Day 2024 FEN Dublin 15
Africa Day dancing image