Leabharlanna Fhine Gall – feabhsú bonneagar teicneolaíochtaí digiteacha ar fud a líonra brainsí leabharlainne

Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, feabhsú bonneagar teicneolaíochtaí digiteacha Leabharlanna Fhine Gall ag Leabharlann Mhullach Íde Dé Luain, an 25 Samhain, i gcuideachta Phríomhfheidhmeannach Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, an Stiúrthóra Tithíochta agus Pobail, Margaret Geraghty, agus an Leabharlannaí Contae, Betty Boardman.

Fingal libraries – enhancement of digital technologies

Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, feabhsú bonneagar teicneolaíochtaí digiteacha Leabharlanna Fhine Gall ag Leabharlann Mhullach Íde Dé Luain, an 25 Samhain, i gcuideachta Phríomhfheidhmeannach Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, an Stiúrthóra Tithíochta agus Pobail, Margaret Geraghty, agus an Leabharlannaí Contae, Betty Boardman.

Sheol Leabharlanna Fhine Gall an feabhas a chuirfear ar a bhonneagar teicneolaíochtaí digiteacha de bhun infheistíochta a rinne an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Michael Ring, T.D. Is éard a bheidh mar thoradh air seo ná spásanna agus seirbhísí feabhsaithe leabharlainne don phobal.  Léiríonn ranníocaíocht Chomhairle Contae Fhine Gall leis an gcistiú tiomantas do agus muinín as leabharlanna poiblí mar ionaid foghlama agus rannpháirtíochta sa phobal.

Meallfaidh na spásanna nua cruinnithe a cruthaíodh, na gléasanna iasachtaithe Táibléad agus na bogearraí Tábla Draíochta (‘Magic Table’) úsáideoirí reatha agus nua ar gach aois chuig pointí seirbhíse leabharlainne agus cruthóidh sé cuid de chéim thosaigh ina dtabharfar isteach áiseanna agus seirbhísí nua TFC.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Méara Fhine Gall, Eoghan O’Brien: “Is deas liom a bheith anseo inniu chun na teicneolaíochtaí nuálacha nua TFC a sheoladh ag Leabharlanna Fhine Gall. Cuirfidh seo ar chumas leabharlann bheith ar thús cadhnaíochta an dul chun cinn sa teicneolaíocht i gcónaí agus tairbhe a chruthú do shaoránaigh Fhine Gall dá bharr.”

Chuir an Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail, Margaret Geraghty, fáilte roimh an bhfeabhsú seo ar bhonneagar teicneolaíochtaí digiteacha Leabharlanna Fhine Gall, agus dúirt sí:  “Ba mhaith liom a lua arís cé chomh tábhachtach atá an tseirbhís leabharlainne agus an tóir ollmhór atá air sa phobal agus tá na seirbhísí digiteacha nua seo mar chuid den fheabhas leanúnach atá á chur againn ar ár réimse seirbhísí.”

Dúirt an Leabharlannaí Contae, Betty Bordman: “Ba an-tráthúil gur cuireadh an cistiú seo ar fáil do Leabharlanna Fhine Gall mar gheall go gcabhróidh sé linn dhá cheann de na príomhchuspóirí inár bPlean Forbartha a bhaint amach a foilsíodh ní ba luaithe i mbliana – chun leanúint le spásanna inrochtana ardchaighdeáin fáilteacha inrochtana a sholáthar a fhreastalaíonn ar riachtanais úsáideoirí leabharlainne agus suíomh leabharlann sa phobal a threisiú mar phríomhphointí inar féidir teacht ar sheirbhísí teicneolaíocht faisnéise agus digiteacha iontu.”

Tá i measc na seirbhísí nua a seoladh an Tábla Draíochta a suiteáladh ag leabharlanna an Rois agus Mhullach Íde.  Is éard atá i gceist le trealamh an Tábla Draíochta ná teilgeoir a thaispeánann cluichí idirghníomhacha / íomhánna réamhlódáilte ar aon dromchla faoina bhun. Dearadh na cluichí idirghníomhacha seo go sonrach do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu a bhain chéim mheánach nó céim dhéanach amach agus do leanaí a bhfuil saincheisteanna céadfacha acu.

Suiteáladh Suíocháin nua Chruinnithe a bhfuil pointí luchtaithe orthu ag leabharlanna Bhaile Bhlainséir, Mhullach Íde agus Bhaile Brigín.  Tá na Suíocháin Chruinnithe an-áisiúil do mhic léinn nó d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá ag oibriú ar thionscadail chomhoibritheacha, cibé acu má theastaíonn nó mura dteastaíonn teacht acu ar idirlíon gan sreang.

Suiteáladh gléas iasachtaithe táibléad Hublet ag leabharlanna Bhaile Dhúill, an Rois, Bhinn Éadair, Bhaile Gháire agus Dhomhnach Bat.  Cuireann na táibléid bhoise seo rochtain ar fáil do leanaí agus daoine fásta ar aipeanna agus is féidir iad a úsáid chun cáipéisí a chur i gcló ag na gléasanna fótachóipeála féinseirbhíse ag na leabharlanna seo.

Chun teacht ar bhreis faisnéise, déan teagmháil, le do thoil, le do bhrainse leabharlainne áitiúil, nó tabhair cuairt ar láithreán gréasáin Leabharlanna Fhine Gall: fingal.ie/libraries/

CRÍOCH