Léiríonn an tuarascáil is déanaí ag Fine Gall go bhfuil laghdú tar éis teacht ar an mbearna pá inscne

D’fhoilsigh Comhairle Contae Fhine Gall an Tuarascáil ar Bhearna Pá Inscne aici inniu, a leagann béim ar an difríocht idir an méid a íoctar d’fhir agus do mhná ar an meán san eagraíocht, beag beann ar ról nó ar leibhéal.

Pay gap

D’fhoilsigh Comhairle Contae Fhine Gall an Tuarascáil ar Bhearna Pá Inscne aici inniu, a leagann béim ar an difríocht idir an méid a íoctar d’fhir agus do mhná ar an meán san eagraíocht, beag beann ar ról nó ar leibhéal.

Léiríonn tuarascáil na bliana 2023 go gur fhireann iad 53% d'fhoireann Chomhairle Contae Fhine Gall agus gur bhaineann iad 47% díobh. Léiríonn an Mheánbhearna Pá Inscne go ngnóthaíonn fir 1.65% níos mó ar an meán ná le mná, agus léiríonn an Bhearna Pá Inscne Airmheánach go bhfuil an ráta pá airmheánach do mhná 9.31% níos airde ná an meánráta pá d’fhir..

Is feabhas é seo ar an mbliain 2022 nuair a bhí an Mheánbhearna Pá Inscne ag 4.58% agus an Bhearna Pá Airmheánach Inscne ag 1.98%. Tháinig laghdú freisin ar chóimheas na bhfear agus na mban a bhí ag 55% fireann agus 45% baineann sa bhliain 2022.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Léiríonn Tuarascáil ar Bhearna Pá Inscne na bliana 2023 feabhas ar leibhéil na bliana 2022 leis an meánleibhéal aige ag laghdú ó 4.58% síos go dtí 1.65%, agus go bhfuil airmeán an phá do mhná ná 9.31% níos airde anois do mhná ná d'fhir. Tugann sé le fios gur áit í Comhairle Contae Fhine Gall ina bhfuil deiseanna céanna an aitheantais agus forbairt na gairme ag gach fostaí aici agus ina gcaitear gach éinne go cothrom agus go cóir ag an obair.

“Is mná iad seisear den 11 bhall dár bhFoireann Bainistíochta Feidhmiúcháin, agus táimid geallta le aghaidh a thabhairt ar na bacainní ar an gcomhionannas san ionad oibre agus le pobal oscailte cuimsitheach na hoibre a chruthú. Tá mórán tionscnamh agus tacaíochtaí an chomhionannais, na héagsúlachta agus an chuimsithe i bhfeidhm againn cheana féin, agus leanfaimid ar aghaidh lenár gcuid oibre sa réimse seo.”

Ní mór do gach fostóir a bhfuil os cionn 250 fostaí aige in Éirinn a chuid sonraí maidir leis an mbearna pá inscne a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana 2023 agus laistigh de shé mhí ón dáta tagartha. Tá an 30 Meitheamh 2023 roghnaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall agus ag gach údarás áitiúil eile sa tír mar an dáta tagartha.

Tá Tuarascáil na Comhairle ar an mBearna Pá Inscne le feiceáil anseo: https://www.fingal.ie/council/service/annual-gender-pay-gap-report

Tugann an obair sa rialtas áitiúil deis do dhaoine príomhról a ghlacadh i bhforbairt dhearfach an chontae agus na bpobal acu. Geallann Comhairle Contae Fhine Gall mar fhostóir timpeallacht dhearfach agus thacúil a chur ar fáil dá cuid fhostaithe. Cuireann an Chomhairle socruithe solúbtha fr fáil a dtacaíonn le teaghlaigh, le hobair chumaisc, agus le deiseanna iontacha an dul chun cinn gairme agus oideachais.

Ba cheart d’éinne ar spéis leis gairmréim le Comhairle Contae Fhine Gall féachaint ar www.fingal.ie le haghaidh tuilleadh eolais a fháil faoi na deiseanna atá ann leis an tríú údarás áitiúil is mó in Éirinn.