Moilligh do Luas don tSeachtain um Shábháilteacht ar Bhóithre na hÉireann i bhFine Gall

Seoladh An tSeachtain um Shábháilteacht ar Bhóithre na hÉireann inniu, Dé Luain 04 Deireadh Fómhair agus beidh sí ar siúl go dtí Dé Sathairn, 10 Deireadh Fómhair 2021. Is tionscnamh de chuid an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre é an tSeachtain um Shábháilteacht ar Bhóithre na hÉireann. Tá an tOifigeach um Shábháiteacht ar Bhóithre agus an fhoireann Taistil Gníomhaí de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall ag dul i bpáirt leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre chun cuidiú leo teachtaireachtaí tábhachtacha a chur chun cinn i rith na seachtaine.

https://www.fingal.ie/smayor of fingal cllr seána -o rodaigh with chief executive active travel team and school traffic-wardens.

Seoladh An tSeachtain um Shábháilteacht ar Bhóithre na hÉireann inniu, Dé Luain 04 Deireadh Fómhair agus beidh sí ar siúl go dtí Dé Sathairn, 10 Deireadh Fómhair 2021. Is tionscnamh de chuid an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre é an tSeachtain um Shábháilteacht ar Bhóithre na hÉireann. Tá an tOifigeach um Shábháiteacht ar Bhóithre agus an fhoireann Taistil Gníomhaí de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall ag dul i bpáirt leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre chun cuidiú leo teachtaireachtaí tábhachtacha a chur chun cinn i rith na seachtaine.

 Is rud é an tSábháilteacht ar Bhóithre a théann i bhfeidhm ar gach duine, is cuma cén modh taistil atá agat. Ó thiománaithe gairmiúla a bhíonn ar an roth an lá ar fad go dtí leanaí a bhíonn ag taisteal mar phaisinéirí, tá gníomhartha ar féidir linn go léir a dhéanamh chun feabhas a chur ar ár sábháilteacht féin agus ar shábháilteacht daoine eile.

 Le linn na Seachtaine um Shábháilteacht ar Bhóithre na hÉireann, beidh Comhairle Contae Fhine Gall ag tarraingt aird an phobail ar acmhainní a chuireann an bhéim ar phríomhcheisteanna sábháilteachta agus a chabhraíonn an riosca a laghdú go mbeidh timpiste ann, go ngortófar daoine nó go marófar daoine. Tá rud éigin ann ar féidir le gach úsáideoir bóthair tairbhe a bhaint as – ó scrúduithe saor in aisce ar Shuíocháin Ghluaisteáin go dtí imeachtaí oideachais scoile agus físeáin chabhracha faoi shábháilteacht agus boinn rotha, bheith réidh don gheimhreadh agus leideanna do rothaithe.

Crossing into road safety led by Mayor Cllr Seána Ó Rodaigh at St Patrick's SNS Skerries

Bhí Méara Fhine Gall, an Clr. Seána Ó Rodaigh, ar fáil inniu in éineacht leis an bpríomhoide Michelle Keane agus an Maor Scoile Colm Daly, ag Scoil Náisiúnta Chaitliceach Shinsearach Naomh Pádraig i Na Sceirí, chun a chur i gcuimhne do gach duine cé chomh tábhachtach is atá an tSeachtain um Shábháilteacht ar Bhóithre na hÉireann. “Bímid ag múineadh gach lá do na leanaí cé chomh tábhachtach is atá sé bheith cineálta le daoine eile. Is féidir é sin a léiriú go han-mhaith do na daoine atá thart timpeall ort trí bheith ag tiomáint go sábháilte ar an mbóthar. Ní thógann sé ach iarracht bheag aird a dhíriú ar do luas agus rialacha an bhóthair a leanúint, ach cinntíonn an iarracht bheag sin go mbíonn mórán daoine sona sábháilte. Ar an mbealach sin, coimeádaimid ár bpobal agus ár ndaoine muinteartha sábháilte.”

 

Dúirt David Storey, Stiúrthóir Seirbhísí don Timpeallacht, don Athrú Aeráide agus don Taisteal Gníomhach, go bhfuil sé tábhachtach bheith measúil ar an mbóthar agus gur cuid lárnach é sin den saol inár mbailte agus inár sráidbhailte. ‘Tá sé ríthábhachtach an luas a mhoiliú. Tá an-tóir ar an rothaíocht le blianta beaga anuas agus baineann rothaithe úsáid as an rothar chun dul go dtí an obair, an scoil agus chun dul ar thurais áitiúla. Ba chóir go mbeidís ábalta é sin a dhéanamh go sábháilte.Tá foireann an Taistil Ghníomhaigh de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall ag obair chun infreastruchtúr a chruthú atá sábháílte do rothaithe chun tacú leis an bhfás seo, ach is é an tiomáint shábháilte an rud is tábhachtaí chun go mothóidh daoine sábháilte ar an mbóthar. Déan do chion féin trí do luas a mhoiliú, agus ná tiomáin riamh má tá tú tuirseach nó faoi thionchar an óil ná drugaí.’

 

Deir an tÚdarás um Shábáilteacht ar Bhóithre go bhfuil bóithre na hÉireann níos sábháilte ná mar a bhí riamh ach nach féidir linn éirí réchúiseach. Rud simplí ar féidir le gach tiománaí a dhéanamh ná a bhoinn rotha a sheiceáil. De réir taighde atá déanta ag an ÚSB, tá baint ag boinn i 14 tuairt, ar an meán, ina bhfuair daoine bás. Mar thoradh ar bhoinn atá caite, d’fhéadfá greim agus smacht ar an mbóthar a chailleadh. Ní mór go mbeidh doimhneacht tráchta de 1.6mm ar a laghad ag boinn, go mbeidh an méid aeir ceart iontu agus go mbeidís saor ó locht. Lean comhairle an ÚSB nuair atá tú ag roghnú boinn agus déan an brú agus an ailíniú rothaí a sheiceáil go rialta.

 

Cuireann Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, i gcuimhne dúinn go bhfuil acmhainní ann chun cabhrú linn bheith sábháilte ar an mbóthar. ‘Cuireann ÚSB seirbhísí ar fáil ar nós ‘Bí Cinnte go bhfuil sé Ceart’ chun a chinntiú go bhfuil do shuíochán gluaisteáin oiriúnach do do pháiste. Is cúis imní é nach bhfuil suas le 4 as 5 suíochán gluaisteáin curtha isteach i gceart, agus d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air sin ná go ngortófaí nó go marófaí páistí i gcás timpiste. Tá coinní fíorúla á dtairiscint ag Bí Cinnte go bhfuil sé Ceart do thuismitheoirí, do sheantuismitheoirí nó do dhuine ar bith a bhíonn ag taisteal le páistí sa ghluaisteán, ionas gur féidir leat a bheith cinnte go bhfuil do shuíochán sábháilte.’

Bí ag faire amach le haghaidh teachtaireachtaí Sábháilteachta ar Bhóithre ar shuíomh gréasáin de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall i rith na Seachtaine um Shábáilteacht ar Bhóithre, agus ar Facebook, Twittet agus Instagram agus féach https://www.rsa.ie/en/RSA/Road-Safety/ le haghaidh tuilleadh eolais ar fheachtais reatha maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre ón Údarás um Shábáilteacht ar Bhóithre.

 

Mayor of Fingal Cllr Seána Ó Rodaigh with School traffic wardens in Skerries