Naoi ngradam d’Fhine Gall ag Gradaim Institiúide Tírdhreacha na hÉireann

Bhuaigh Comhairle Contae Fhine Gall naoi ngradam i gcúig chatagóir ag Gradaim Institiúide Tírdhreacha na hÉireann 2022 le déanaí lena n-áirítear Gradam an Uachtaráin do Thionscadal Féaraigh ar Bhinn Éadair.

Mayor of Fingal Cllr Howard Mahony, alongside Kevin Halpenny, Senior Parks Superintendent, and Fingal County Council's  Nine Award Winning Teams at the Irish Landscape Institute Awards.

Bhuaigh Comhairle Contae Fhine Gall naoi ngradam i gcúig chatagóir ag Gradaim Institiúide Tírdhreacha na hÉireann 2022 le déanaí lena n-áirítear Gradam an Uachtaráin do Thionscadal Féaraigh ar Bhinn Éadair.

Bhuaigh cúig ceann de thionscadail Fhine Gall gradaim is Fearr sa Réimse agus moladh dhá cheann go hard agus moladh ceann amháin faoi na cúig chatagóir: Tírdhreach Oidhreachta, Spás Súgartha, Pleanáil Tírdhreacha, Teoiric/Beartas & Bainistíocht Tírdhreacha agus Beartais agus Tionscnaimh Tírdhreacha.

Ba iad seo a leanas na naoi dtionscadal a bhuaigh gradaim: Athchóiriú Tí Gloine Ard Giolláin (Molta), Gairdíní Shackleton (Is Fearr sa Réimse), Clós Súgartha Pháirc Bhaile na Sceirí (Is Fearr sa Réimse), Páirc Réigiúnach Bhrí Mhór (Moladh go hard), Páirc Bhéal Átha Liag (Is Fearr sa Réimse), Straitéis Crann d’Fhine Gall (Molta go hard), Beartas Súgartha Fhine Gall (Is Fearr sa Réimse), agus Tionscadal Féaraigh ar Bhinn Éadair (Is Fearr sa Réimse agus Gradam an Uachtaráin).

Hans Visser  on Howth Hill, holding the President's Award from the Irish Landscape Institute Awards, flanked by Bernadette O'Connell, President of the Irish Landscape Institute and Goat Herder, Melissa Jeuken.

Agus Tionscadal Féaraigh an Bhinn Éadair á roghnú acu do Ghradam an Uachtaráin don chatagóir Beartais & Tionscnaimh Tírdhreacha, dúirt na moltóirí: “Tionscadal suaithinseach, suimiúil agus luachmhar, ag cruthú go glic an fhorbairt ghairmiúil atá ag dul ar aghaidh sa saol atá ag athrú.”

Dúirt Méar Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Comhairle Contae Fhine Gall as naonúr buaiteoirí a bhaint amach i nGradam Institiúide Tírdhreacha na hÉireann 2022, go háirithe Gradam an Uachtaráin do ‘Thionscadal Féaraigh an Bhinn Éadair’. Cuidíonn na tionscadail seo go mór le feabhas breise a chur ar áiseanna poiblí ar fud an chontae. Léiriú ar an tiomantas, an díograis agus an obair chrua atá á dhéanamh ag foireann na Comhairle chun Fine Gall a fheabhsú ar mhaithe leis an bpobal ar fad is ea an obair seo. Creidim gur léiriú dearfach é líon agus raon na ngradaim a fuarthas ar obair na Comhairle.”

The Mayor of Fingal Cllr Howard Mahony along with Senior Parks Superintendent, Kevin Halpenny, Fingal County Council’s Biodiversity Officer Hans Visser, ( holding the President's Award for the Howth Head Goat Grazing Project ) ,and Deirdre O' Farrell, Assistant Parks and Landscape Officer holding the Best in Section under the Landscape Policies & Initiatives Category, also for the Howth Head Goat Grazing Project .

Dúirt an Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Is mór againn i gComhairle Contae Fhine Gall an obair atá déanta ag ár Rannán Bonneagair Ghlais agus Páirceanna agus is buaiteoirí an-fhiúntach iad ar naoi nGradam de chuid Institiúid Tírdhreacha na hÉireann. Is iontach an scéal é seo agus léiríonn sé an fuinneamh agus an obair shuntasach ar fud roinnt ranna an Chomhairle. Is mór an onóir é na gradaim seo a fháil mar aitheantas ar ár n-iarrachtaí agus is gaisce iontach é naoi ngradam a bhaint amach agus tá buíochas ar fad ag dul don fhoireann ar fad a bhí páirteach sna tionscadail éagsúla”.

Cludaíonn Gradaim Institiúide Tírdhreacha na hÉireann 16 chatagóir dhifriúla oibre nó disciplíní a bhaineann leis an tírdhreach agus reáchtáiltear iad gach dhá bhliain agus déanann giúiré idirnáisiúnta de naonúr saineolaí measúnú ar thionscadail. Tugann na gradaim aitheantas do thionscadail tírdhreacha eiseamláireacha ag baill Institiúid Tírdhreacha na hÉireann (ILI) i bPoblacht na hÉireann agus baill den Institiúid Tírdhreacha ó Thuaisceart Éireann (LINI) thar raon catagóirí.

Gradaim Chomhairle Contae Fhine Gall ag Gradaim Institiúid Tírdhreacha na hÉireann 2022

Catagóir

Tionscadal/Tionscnamh

Gradam Faighte

TÍRDHREACH OIDHREACHTA

Athchóiriú Tí Gloine Ard Giolláin

Molta

TÍRDHREACH OIDHREACHTA

 Gairdíní Shackleton

Is Fearr sa Réimse

SPÁS SÚGARTHA

Clós Súgartha Pháirc Bhaile na Sceirí

Is Fearr sa Réimse

PLEANÁIL TÍRDHREACHA

Páirc Réigiúnach Bhrí Mhór

Molta go hArd

PLEANÁIL TÍRDHREACHA

Páirc Bhéal Átha Liag

Is Fearr sa Réimse

TEOIRIC, BEARTAS & BAINISTÍOCHT TÍRDHREACHA

Straitéis Crann d’Fhine Gall

Molta go hArd

TEOIRIC, BEARTAS & BAINISTÍOCHT TÍRDHREACHA

Beartas Súgartha Fhine Gall

Is Fearr sa Réimse

BEARTAIS & TIONSCNAIMH TÍRDHREACHA

Tionscadal Féaraigh ar Bhinn Éadair

Is Fearr sa Réimse

GRADAM AN UACHTARÁIN

Tionscadal Féaraigh ar Bhinn Éadair

Is Fearr sa Réimse

 

 

 Kevin Halpenny, Senior Parks Superintendent, and Fingal County Council's  Nine Award Winning Teams at the Irish Landscape Institute Awards.
Collage of Images from the ILI Awards 2022